Níos lú ná 1% den bhreis is 550 Garda a earcaíodh sa Gharda Síochána go dtí seo i mbliana a tháinig trí shruth earcaíochta Gaeilge na heagraíochta.
566 Garda úr a earcaíodh as an trí bhabhta earcaíochta an Gharda Síochána a reáchtáladh go dtí seo in 2026.
De réir figiúirí a cuireadh ar fáil do Tuairisc, triúr Gardaí as an 566 Garda a earcaíodh i mbliana a tháinig fríd an sruth Gaeilge, scéim a bhunaigh na Gardaí in 2013 mar iarracht cur le líon na gcainteoirí líofa Gaeilge san eagraíocht.
Den 770 agus 780 Garda atá faoi oiliúint agus a thiocfaidh tríd Coláiste na nGardaí ar an Teampall Mór i mbliana, ochtar acu a tháinig fríd an sruth Gaeilge.
Den 619 Garda a earcaíodh in 2025, beirt a earcaíodh go dtí seo agus a tháinig fríd an sruth Gaeilge.
In 2025, rinne 46 duine iarratas ar an sruth Gaeilge i gcomórtas earcaíochta an Gharda Síochána. D’éirigh go maith le 27 acu sa chéad agallamh agus tá siad uilig ag “céimeanna éagsúla” den phróiseas earcaíochta faoi láthair, de réir eolais a fuair Tuairisc ón Gharda Síochana.
Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána le Tuairisc, gur chóir tabhairt faoi deara gurb iad na hiarrthóirí féin “a roghnaíonn iarratas a dhéanamh trí Shruth na Gaeilge” agus iad ag déanamh iarratais le bheith mar bhaill den Gharda Síochána.
Dúirt siad nach léiríonn líon na n-iarrthóirí a dhéanann iarratas ar an sruth Gaeilge líon iomlán na nGardaí “a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu”.
Coinnítear suas le 10% de spásanna i ngach babhta oiliúna do chainteoirí líofa Gaeilge agus cuirtear baill den Gharda Síochána a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge ar phainéal na nGardaí atá in ann a ndualgas a dhéanamh trí Ghaeilge.
Faoi Acht an Gharda Síochána 2005, tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána, Gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa nGaeltacht a oiread agus atá sin indéanta.
Léirigh figiúirí a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh gur cainteoirí líofa Gaeilge iad 47% de na Gardaí a bhí lonnaithe i stáisiúin sa nGaeltacht.
De réir na bhfigiúirí céanna sin, tháinig ardú ar líon na nGardaí a bhí ar dualgas sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge acu, ach is ag dul in olcas a bhí an scéal i nDún na nGall.
15,218 iarrthóir a chur isteach ar chomórtas earcaíochta na nGardaí ó bhí Feabhra 2025 ann. 11,118 iarrthóir idir an dá chomórtas earcaíochta I mí Feabhra agus Meán Fómhair na bliana seo a chuaigh thart agus 4,115 iarrthóir i mí Bhealtaine na bliana seo.
Fág freagra ar 'Níos lú ná 1% de na Gardaí a earcaíodh i mbliana a tháinig trí shruth na Gaeilge'