Méadú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Irish’ don GCSE, ach laghdú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Gaeilge’

Bhí líon na ndaltaí a fuair pas in ‘Irish’ níos airde ná teanga roghnach ar bith eile sa GCSE i mbliana

Méadú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Irish’ don GCSE, ach laghdú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Gaeilge’

De réir figiúirí Chomhchomhairle na gCáilíochtaí a foilsíodh inniu tháinig méadú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Irish’ don GCSE, ach tháinig titim ar líon na ndaltaí a rinne ‘Gaeilge’.

2,029 duine a fuair a dtorthaí i scrúduithe ‘Gaeilge’ nó ‘Irish’ an GCSE sna sé chontae inniu.

D’éirigh leis 90% de na daltaí a rinne ‘Gaeilge’ nó ‘Irish’ don GCSE i mbliana, pas (grád C) nó níos airde a bhaint amach.

Rinne 322 dalta an scrúdú ‘Gaeilge’ a chuirtear ar fáil go speisialta dóibh siúd atá ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge agus fuair níos mó ná 90% acu siúd pas nó grád níos airde.

Is laghdú 10% é sin ar líon na ndaltaí (357) a thug faoin scrúdú anuraidh ach ardú 58% ar líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú in 2019.

Tháinig ardú 4% ar líon na ndaltaí a thug faoin scrúdú ‘Irish’ i mbliana i gcomparáid leis an mbliain anuraidh nuair a thug 1,636 faoin scrúdú sin. As an 1,707 a thug faoin scrúdú i mbliana d’éirigh le 94.8% acu pas nó grád níos airde a bhaint amach.

I mbliana, tá líon na ndaltaí a fuair pas in ‘Irish’ níos airde ná teanga roghnach ar bith eile sa GCSE. 92.5% a fuair pas sa Spáinnis, 91.5% sa Ghearmáinis agus 86.5% sa Fhraincis

An Spáinnis an teanga is mó, seachas an Béarla, ar thug daltaí fúithi don scrúdú GCSE ó thuaidh i mbliana agus rinne 3,932 an scrúdú sin. 24,396 a rinne an scrúdú Béarla.

2,833 a rinne an Fhraincis agus 531 a rinne Gearmáinis mar ábhar don GCSE i mbliana.

Tá dhá ábhar GCSE ar fáil ó thuaidh; GCSE Irish a mhúintear i scoileanna Béarla, agus GCSE Gaeilge, scrúdú do dhaltaí sa chóras Gaelscolaíochta.

Fág freagra ar 'Méadú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Irish’ don GCSE, ach laghdú ar líon na ndaltaí a rinne ‘Gaeilge’'