Diarmuid Mac Murchadha (1110-1171). Diarmuid na nGall. Rí Laighean: eisean a d’iarr na Normannaigh go hÉirinn. Sin é atá ráite sna leabhra staire. Cogadh idir na Laighnigh agus comhghuaillíocht idir Connachta agus Oirialla faoi cheannas Ruairí Uí Chonchobhair (1116-1198) agus Thiarnáin Uí Ruairc (1124-1172) faoi seach, sin é ba chúis leis an gcuireadh anall. Sa bhliain 1169 más ea, tháinig marcshlua Normannach i dtír i Loch Garman, Pléimeannaigh, Breatnaigh, Sacsanaigh agus Briotánaigh fostaithe acu chun troda, agus is gearr go raibh Cúige Laighean faoi smacht acu, cathair na Duibhlinne san áireamh.
Teacht seo na Normannach go hÉirinn, ba í an eachtra ba mhó í i stair na tíre ó tháinig Pádraig Naofa. Eachtra chomh mór le briseadh Chionn tSáile agus teitheadh na nIarlaí. Eachtra chomh mór le bánú na tuaithe aimsir an drochshaoil. Eachtra chomh mór le bunú an stáit.
Ach cén fáth ar ghéill na Normannaigh do Dhiarmuid Mac Murchadha? Cén fáth ar ghlac siad leis an gcuireadh? Cén fáth ar thréig siad a bhfearann féin i ndeisceart na Breataine Bige? Cén fáth a ndeachaigh siad i gcontúirt agus i bhfiontar i dtír aineoil thar sáile? Cén fáth ar thréig siad an caisleán agus an daingean áit ar rugadh iad féin agus áit ar rugadh a n-athair agus a seanathair rompu? Sin í an chéad cheist ab áil liom a chíoradh nuair a scríobh mé An Cláirseoir.
Seo í an dara ceist: cérbh iad na Normannaigh úd a bhfuil fothracha a gcuid caisleán le feiceáil fós ó chontae Loch Garman agus Phort Láirge aneas chomh fada le Caisleán an Bharraigh agus aniar chomh fada le cladaí na Gaeltachta?
1169 bliain an choncais in Éirinn. Ach is céad bliain roimhe sin atá tús an scéil le lorg. Cath Hastings Shasana nuair a tháinig 7,000 fear ón Normainn faoi cheannas Guillaume Concaire: sin é an t-am ar tharla an chéad ionradh mór. Is gearr i ndiaidh 1066 gur bhrúigh na Normannaigh rompu siar go críocha na Breataine Bige. Le méid a gcuid dúthrachta agus leis an tsaint chun críochghabhála a bhí iontu, bhain siad ceannas ríocht Deheubarth de na treibheanna dúchais. Is ag na Normannaigh dá réir a bhí seilbh na gcríoch sin idir 1095 agus 1135. I rith na tréimhse dhá scór bliain sin, b’éigean do na Breatnaigh cois a chur i dtaca, an fód a sheasamh, agus treallchogaíocht ghlic ghuaiseach a chleachtadh.
Mar sin féin, ní raibh i bhforlámhas na Normannach i ndeisceart na Breataine Bige ach rud sealadach. Tháinig cor sa chinniúint. Diaidh ar ndiaidh, de bharr comhghuaillíocht idir trí sheanríocht na Breataine Bige – Powys, Deheubarth agus Gwynedd – tháinig na Breatnaigh i seilbh ar a dtír féin arís.
Muintir de Clare, Strongbow ina measc; muintir mhic Gearailt, Muiris agus Guillaume ina measc; muintir de Barra, Prendergast, Baldwin, Mortimer, de Courcy agus eile, ní hamháin go raibh críocha a sinsear ar an seandúchas sa Normainn imithe ó sheilbh orthu, ach ó tháinig na Breatnaigh i réim arís faoi cheannas Owain Gwynedd agus an Tiarna Rhys mac Gruffydd, ní raibh a ndóthain fearainn ná a ndóthain talún acu le bronnadh ar a gclann mhac in Penvró, in Morgannwg ná i Mynwy.
I mbeagán focal, sin é ba chúis leis an ionradh a bheartaigh siad a dhéanamh ar Éirinn. Sin é an fáth ar ghéill siad do Dhiarmuid Mac Murchadha. Sin é an fáth ar ghlac siad leis an gcuireadh thar toinn ainneoin cuid acu, Muiris Mac Gearailt, cuir i gcás, a bheith in aois a dtrí scór an lá ar chroch siad na seolta. Fearann agus fód, comharbacht agus oidhreacht: sin é a bhí á ngríosú agus á mbrostú chun gnímh.
Bíodh sin agus eile mar atá, tá rud mór eile le rá faoi theacht na Normannach go hÉirinn in 1169 faoi stiúir Richard FtizGilbert de Clare, nó Strongbow mar is fearr aithne air. Is í gné an chreidimh den scéal atá le tarraingt anuas más ea.
Fearadh an chéad chrosáid go dtí an Phalaistín sa bhliain 1099. Fearadh an dara crosáid ann sa bhliain 1145. Is éard ba chuspóir don dá chrosáid sin seilbh Iarúsailéim a bhaint de na Moslamaigh. Seilbh na cathrach beannaithe sin a thabhairt faoi scáth na Róimhe. Rinneadh amhlaidh. Agus is le lámh láidir, le fíoch agus le faobhar a rinneadh é.
Ceist: an cuid den chrosáidíocht a bhí in ionradh na hÉireann? Sean-Chríostaíocht iargúlta oileánda na nGael a thabhairt faoi chuing na Vatacáine? Caighdeánú a dhéanamh ar nósanna ársa mírialta na n-imeallchríoch? Sin ceist a bhféadfaí leabhar eile a scríobh ina taobh.
Fágaimis an focal scoir faoin Easpag Dáibhí Mac Gearailt (c. 1110-1176): ‘Is í obair na Róimhe a rinne muid sa Phalaistín inné. Agus ís í obair na Róimhe a dhéanfaimid in Éirinn amárach’ (An Cláirseoir).
Fág freagra ar '‘Obair na Róimhe a rinne muid sa Phalaistín inné, obair na Róimhe a dhéanfaimid in Éirinn amárach’'