Tá Gradam Uí Shúilleabháin do leabhar Gaeilge na bliana buaite ag Maith thú a Mhicí, leabhar scéalta de chuid Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill, saothar a d’fhoilsigh Éabhlóid.
Dúirt léirmheastóir Tuairisc gur scéalta atá i Maith thú a Mhicí “a bhfuil clár mín curtha ag an insint orthu agus a sheasas go lonrach astu féin os comhair an léitheora”.
Ar Puisín na mBróg le Fearghas Mac Lochlainn, agus maisithe ag Paddy Donnelly, a bronnadh Gradam Réics Carló, do leabhar na bliana don léitheoir Óg. Futa Fata a d’fhoilsigh.
Bhí Puisín na mBróg ar an liosta do Ghradam Leabhair Pháistí Éireann 2026 chomh maith.
Máirín Ní Mhárta agus an foilsitheoir Barzaz a bhuaigh Gradam de Bhaldraithe, an gradam do shaothair aistrithe. An Saol Sona, aistriúchán Ní Mhárta ar an úrscéal Fraincise La vie heureuse le David Foenkinos a thug leis an gradam.
Bhí An Saol Sona i measc leabhar Gaeilge na bliana 2025 ag Tuairisc.
Ba é Uachtarán an Oireachtais, Áine Ní Ghlinn, a bhronn na gradaim ar na buaiteoirí ag ócáid a bhí ar siúl anocht in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, i nGaillimh.
19 leabhar san iomlán a bhí ar na gearrliostaí i mbliana do na gradaim do thithe foilsitheoireachta na Gaeilge.
Dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, gur léiriú iad na gradaim “ar an gcruthaitheacht, ar éagsúlacht agus ar an saibhreas atá ar fáil in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair”.
Buaiteoirí na nGradam Foilsitheoireachta 2026
GRADAM UÍ SHÚILLEABHÁIN
Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta GRADAM RÉICS CARLÓ Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg GRADAM DE BHALDRAITHE
Leabhar na Bliana do Shaothar Aistrithe go Gaeilge ó Theanga Eile Aistritheoir: Máirín Ní Mhárta – €500
MAITH THÚ A MHICÍ
Údar: Micí Sheáin Néill Ó Baoill – €2,500
Foilsitheoir: Éabhlóid – €5,000
PUISÍN NA mBRÓG
Údar: Fearghas Mac Lochlainn – €1,250
Maisitheoir: Paddy Donnelly – €1,250
Foilsitheoir: Futa Fata – €5,000
AN SAOL SONA
Foilsitheoir: Barzaz – €1,500
Fág freagra ar 'ÓCÁID: Gradam do leabhar Gaeilge na bliana buaite ag Maith thú a Mhicí'