Tá áis nua le seoladh ag an Roinn Oideachais a chabhróidh le tuismitheoirí a bhfuil páistí acu atá ag foghlaim na Gaeilge ar scoil.
Tuigtear do Tuairisc go seolfar ámarach ‘Irish for Parents’, mol digiteach nua ina dtabharfar le chéile acmhainní éagsúla teanga do thuismitheoirí.
Deir an Roinn Oideachais go mbainfidh tuismitheoirí agus caomhnóirí leas as an áis nua, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu. Tá an áis dírithe ar dhaoine a bhfuil a bpáistí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge nó ar scoileanna meán-Bhéarla.
“Is mol digiteach nua é ‘Irish for Parents’ a thugann acmhainní agus tacaíochtaí praiticiúla le chéile in aon áit amháin, chun cabhrú le tuismitheoirí agus caomhnóirí tacú lena bpáistí agus iad ag foghlaim agus ag úsáid na Gaeilge, beag beann ar a leibhéal Gaeilge féin,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais le Tuairisc.
Dúradh go gcuirfí tuilleadh sonraí ar fáil “in am trátha”.
Tá an áis nua á forbairt don Roinn ag Gaeloideachas le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá sí á maoiniú ag an Roinn Oideachais agus Óige faoin bPlean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla agus faoin bPolasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Deirtear go minic go mbíonn drogall ar thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu a bpáistí a chur chuig scoileanna lán-Ghaeilge mar go mbíonn imní orthu nach mbeadh siad in ann cabhrú lena bpáistí agus iad i mbun a gcuid obair bhaile.
Táthar ag súil go rachaidh ‘Irish for Parents’ i ngleic leis an bhfadhb sin.
Tá éileamh déanta freisin ag Coiste Gaeilge an Oireachtais go scaipfí eolas ar thuismitheoirí maidir leis na himpleachtaí a bhaineann le díolúine á fháil ón nGaeilge.
Fág freagra ar 'Áis nua le seoladh ag an Roinn Oideachais le tacú le tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ag foghlaim na Gaeilge'