Tá seacht leabhar ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim Uí Shúilleabháin na bliana seo. Fógraíodh na gearrliostaí sna trí rannóg ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais ar maidin: Gradam Uí Shúilleabháin do leabhair don léitheoir fásta; Gradam Réics Carló do leabhair don léitheoir óg; agus Gradam de Bhaldraithe do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile.
Is iad na leabhair atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana ná: Scéal Muirí Mhuigh Eo le Breandán Mac Conamha (Mayo Book Press); Mainistir na Feola le Laoighseach Ní Choistealbha (Barzaz); Maith thú a Mhicí le Micí Sheáin Néill Ó Baoill (Éabhlóid); Mo Scéal Fhéin le Gearóid Willie Ó Fátharta (Cló Iar-Chonnacht); Tom a’ Bhungaló: Tomás Mac Giolla Bhríghde, 1923-2013 le Noel Ó Gallchóir; An Cláirseoir le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac); agus Leabhar Sheáin na Cille le Seaghan Mac an tSionnaigh (Oidhreacht Chorca Dhuibhne).
Insítear i Scéal Muirí Mhuigh Eo scéal oidhreacht mhara Mhaigh Eo le seacht míle bliain anuas. Tá scéalta ann faoi na chéad daoine a leag cos sa cheantar, na manaigh a thug an Chríostaíocht ann, faoi Ghráinne, gaiscíoch Mhaol Ní Mháille, agus faoi na cabhlaigh eachtrannacha a thug cuairt ar an gcósta – an Armáid agus cabhlach an Ghinearáil Humbert.
Cnuasach filíochta atá i Mainistir na Feola ina bhfuil dánta “colainne agus creidimh” ón bhfile Conallach Laoighseach Ní Choistealbha.
Bailiúchán scéalta béaloidis is ea Maith Thú a Mhicí, scéalta a bailíodh ón seanchaí Conallach Micí Sheáin Néill. Tá rannóg ag deireadh an leabhair lán ceisteanna a bheadh feiliúnach don seomra ranga, freisin.
Insíonn Gearóid Willie Ó Fátharta as Indreabhán a scéal féin ina dhírbheathaisnéis Mo Scéal Fhéin – óna óige sna hAille, na blianta a chaith sé ina shagart i Meiriceá Theas, agus an filleadh ar an mbaile in Éirinn lena chlann.
Is é Tom a’ Bhunagló: Tomás Mac Giolla Bhríghde, 1923-2013 an t-aon leabhar féinfhoilisthe ar ghearrliosta na bliana seo. Cur síos atá ann ar shaol an ghníomhaí, an fhiontraí, agus an drámadóra Tomás Mac Giolla Bhríghde i bparóiste Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.
Úrscéal leis an údar aitheanta Diarmuid Johnson is ea An Cláirseoir atá lonnaithe in Éirinn aimsir na Normannach. Cuirtear síos ann ar imeachtaí na Normannach agus na mBreatnach roimh an ionradh cinniúnach ar Éirinn, scéal Ghearailt de Windsor agus a thriall go Duibhlinn, an chomhcheilg in aghaidh Anraí I agus go leor eile.
Seoladh Leabhar Sheáin na Cille an deireadh seachtaine seo i gCorca Dhuibhne, leabhar ina gcuirtear síos ar shaol agus scéal Sheáin Mhic Criomhthain as Cill Mhaoilchéadair. Bhí Seán na Cille ar dhuine de na seanchaithe ba mhó a bhfuair Coimisiún Béaloideasa Éireann ábhar uathu agus tá rogha an ábhair a bailíodh uaidh sa leabhar nua seo.
Tá cúig leabhar ar ghearrliosta Ghradaim Réics Carló na bliana seo: Na Bróga Peile le Seosamh Céitinn (Cló Iar-Chonnacht); Puisín na mBróg le Fearghas Mac Lochlainn (Futa Fata); Inis Mara 3 le Tristan Rosenstock (LeabhairCOMHAR); An Seol atá Fút le Annemarie Nugent (Cló Iar-Chonnacht); agus Katie agus an Pacáiste Rúnda, le hÉadaoin Ní Dhomhnaill (LeabhairCOMHAR).
Ainmníodh seacht leabhar do Ghradam de Bhaldraithe, an rannóg do shaothair aistrithe ó theanga eile go Gaeilge. Is leabhair ghrafacha iad trí cinn de na ceithre leabhar. Is iad na leabhair a ainmníodh ná: Heartstopper 3, aistrithe ag Eoin Mc Evoy (Futa Fata); Lúiscín aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn (Cló Iar-Chonnacht); An Saol Sona aistrithe ag Máirín Ní Mhárta (Barzaz); Lia!: An Dialann Rúnda aistrithe ag Meadhbh Ní Eadhra (Dalen Éireann); Gruaig Áine, aistrithe ag Sadhbh Devlin (Futa Fata); Scairt na Samhna: Áine sa Neidín, aistrithe ag Catherine Woods (JM Agency, Publishing and Design); agus Lúcas Lúfar: Jesse James Ropaire aistrithe ag Antain Mac Lochlainn (Dalen Éireann).
Bronnfar Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais sa Taibhdhearc i nGaillimh ar an 30 Meán Fómhair. Tá duaischiste €17,000 luaite leis na gradaim.
Fág freagra ar 'Gearrliostaí Ghradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais fógartha'