Tá ómós á léiriú i gCorca Dhuibhne do Glen Hansard, an t-amhránaí cáiliúil a maraíodh i dtimpiste ghluaisrothair ar maidin a raibh ceangal mór aige leis an gceantar.
Agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Philip King, bunaitheoir na féile ceoil Other Voices i nDaingean Uí Chúis, go raibh Hansard “ag a’ baile” i gCorca Dhuibhne.
“Bhí grá mór aige don áit seo, do Chorca Dhuibhne, don Daingean, do mhuintir an Daingin, do mhuintir Uí Bheaglaoich,” a dúirt King.
“Bhí sé ag a’ baile i Currans le James agus Breanndán [Ó Beaglaoich], Laurence Courtney agus na ceoltóirí ar fad.”
Dúirt King gur iarr sé ar Hansard an clár Other Voices a chur i láthair an chéad lá riamh, in ainneoin go raibh an ceoltóir buartha nach raibh aon taithí aige mar láithreoir teilifíse.
“Rinne sé gaisce,” a dúirt King. “Sin é an fáth go bhfuilimid fós anso 25 bliain ina dhiaidh.”

Dúirt Liam Ó Maonlaí, ceoltóir agus cara le Hansard a bhfuil ceangal le fada aige le Corca Dhuibhne chomh maith, go raibh cion ar leith ag Hansard ar an nGaeltacht agus ar mhuintir na Gaeltachta.
“Bhí sé i gcónaí ag scríobh agus i gcónaí ag tochailt. Bhí suim mhór aige sa gcultúr againn anseo in Éirinn agus go háirithe sa Ghaeltacht,” ar sé.
“Briseadh croí dó é nach raibh an Ghaoluinn ar a thoil aige.”
“Fear seoigh” a thug Ó Maonlaí ar a chara. “Bhí Glen chomh lán le scéalta. Thaitin daoine leis. Bhí sé grámhar le gach aon duine.”
Dhein an ceoltóir as Baile Munna cairde móra i gCorca Dhuibhne, go háirithe muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc.
É féin agus Markéta Irglovála, a leathbhádóir ó The Swell Season, a chuir clabhsúr le féile cheoil agus ealaíne a reáchtáladh i ngort de chuid mhuintir Bheaglaoich i mBaile na bPoc in 2018.
Agus scéal na féile i mBaile na bPoc á fhógairt, scaipeadh comhordanáidí an ghoirt ar bhileoga agus ar líne le go bhféadfadh daoine an láthair iargúlta a aimsiú.
“Bhí fiántas na cruthaitheachta ag baint leis agus b’iontach an rud é leaindeáil sa tírdhreach sceirdiúil seo agus na pubaill a fheiceáil,” a dúirt Hansard ag an am.
Tugadh léargas sa scannán Camino an tSáile ar thuras a thug sé le Danny Mac Síthigh, scríbhneoir, agus Breanndán Ó Beaglaoich, ceoltóir, agus criú an Naomh Gobnait ó Gheata San Séamus, cois Life, go Santiago de Compostela sa Spáinn.
Ag labhairt dó faoin turas farraige sa Naomh Gobnait, dúirt Hansard gur rud é “a d’athraigh a shaol”.
Dúirt Liam Ó Maonlaí gur léiriú ar an “téagar” a bhí ann go raibh sé sásta tabhairt faoin dturas báid chun na Spáinne, cé nach mbíodh sé ar a chompord ar an uisce roimhe sin.
“Fear a bhí ann a bhí chomh sásta obair a dhéanamh. Níor stop sé riamh ag bailiú daoine le chéile, ag bailiú focail le chéile agus ag smaoineamh ar conas go bhféadfadh sé an saol a dhéanamh níos fearr,” a dúirt Ó Maonlaí.
Fág freagra ar 'Bhí Glen Hansard ‘ag baile’ i gCorca Dhuibhne'