Bhain polasaí poiblí teanga a cheap grúpa mac léinn as Éirinn an dara háit amach i mbabhta ceannais i gcomórtas idirnáisiúnta a reáchtáladh sa tSín an mhí seo.
Bhí 1,500 togra istigh ar an réamhbhabhta don Chomórtas Domhanda don Óige um Nuálaíocht agus Forbairt Dhomhanda is Beartas Poiblí. Roghnaíodh ‘Gaeilge Beo’, togra Lucas Spicer, Tadhg Plunkett, Simon Madden, Szymon Standa, agus Wojciech Kartysz, astu sin le dul chun cinn don bhabhta ceannais ina raibh 15 togra san iomaíocht.
Bhuaigh na mic léinn as Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) trí dhuais ar fad ag an mbabhta ceannais: an dara háit sa mhórchomórtas, an chéad áit don taighde is fearr, agus an duais don duine aonair is fearr, duais a thug Lucas Spicer leis.
Dúirt Spicer le Tuairisc go raibh sé “craiceáilte” go n-éireodh chomh maith sin le foireann bheag Éireannach ar an ardán idirnáisiúnta ina leithéid de chomórtas.
“Bhíomar san iomaíocht le daoine ó Oxford University sa Bhreatain agus Yale agus UCLA sna Stáit Aontaithe. Ba iadsan plúr na mac léinn agus bhíomar thar a bheith sásta a bheith in ann a bheith san iomaíocht leo. Ní hamháin a bheith san iomaíocht leo ach an deis a fháil aithne a chur ar na daoine seo agus cairdeas a dhéanamh leo,” a dúirt sé.
Tá aird lucht déanta polasaí in Éirinn tarraingthe ag an toscaireacht as DCU agus tá dóchas ag Spicer go mbeidh an deis aige féin agus a chomrádaithe casadh leis an Taoiseach Micheál Martin nó an Tánaiste Simon Harris lena dtogra a phlé san fhómhar.
“Níl aon phlean againn fós, ach bhí muid i dteagmháil leis an Taoiseach agus an Tánaiste, agus bhí sé sin iontach. Níl muid ach fillte ón tSín, mar sin feicfidh muid linn céard a tharlóidh. Chuirfeadh muid fáilte roimh dheis ar bith, ach níl aon socrú déanta fós.
“Chasamar, trí sheans, le Leo Varadkar, agus le hAmbasadóir na hÉireann, Nicholas O’Brien, i mBéising freisin. Shuíomar síos leo beirt, ag amanna difriúla, agus phléamar an togra agus an caidreamh idir Éirinn agus an tSín.
“Shínigh siad beirt geansaí na hÉireann agus bhronnamar é sin ar uachtarán na hollscoile i mBéising a raibh an comórtas ar siúl ann,” a dúirt Spicer.
Dúirt sé gur “toradh den scoth” don Ghaeilge a bhí sna gradaim agus gurb iontach an rud é gur éirigh chomh maith sin le togra faoi chur chun cinn na Gaeilge i gcomórtas idirnáisiúnta le hollscoileanna ó gach cearn den domhan.
Ba é mórthéama an chomórtais ‘caomhnú agus cosaint na féiniúlachta cultúrtha’. Cé nach cainteoirí Gaeilge iad ceachtar de na fir óga deir siad gur aithin siad an luach cultúrtha a bhain leis an nGaeilge agus bheartaigh siad a dtogra a bhunú ar úsáid na teanga.
Rinne na mic léinn taighde i lár chathair na Gaillimhe, i gceantar lag Gaeltachta Chnoc na Cathrach agus Bhearna, agus i “gcroílár na Gaeltachta” timpeall an Spidéil i gCois Fharraige faoi nósanna labhartha Gaeilge.
Dúirt 90% de na daoine a ghlac páirt sa taighde go raibh cumas éigin sa Ghaeilge acu, ach níor thug ach 8% le fios go labhraíonn siad an teanga go laethúil. Mhaígh 58% acu gur mhaith leo an Ghaeilge a labhairt níos minice agus dúirt 62% go dtugtar freagraí i mBéarla orthu nuair a dhéanann siad iarracht an Ghaeilge a labhairt.
Maíonn na mic léinn go léirítear i dtorthaí a gcuid taighde gur “fadhb pholasaí” atá ag cur bac ar labhairt na Gaeilge i gcontae na Gaillimhe ach gur fadhb í sin is féidir a réiteach.
RC
Más í an Spidéal croílár na Gaeltachta anois tá muid frigeáilte!