‘Tá Gaelcholáiste neamhspleách ag teastáil’ – méara chontae an Chláir

Deir an comhairleoir Joe Killeen, iar-uachtarán ar Chumann Múinteoirí Éireann go gcaithfear leanúint leis an éileamh ar ghaelcholáiste do chontae an Chláir

‘Tá Gaelcholáiste neamhspleách ag teastáil’ – méara chontae an Chláir

Deir Méara Chontae an Chláir go bhfuil Gaelcholáiste neamhspleách ag teastáil sa gcontae agus go leanfaidh an chomhairle contae uirthi ag éileamh ar an Roinn Oideachais ceann a chur ar fáil.

Deir an comhairleoir Joe Killeen, iar-uachtarán ar Chumann Múinteoirí Éireann, “go dtiocfaidh an lá go mbeidh deis ann” Gaelcholáiste a bhunú agus go gcaithfear leanúint leis an tacaíocht don éileamh.

Cé go bhfuil aonad Gaeilge ag feidhmiú i gColáiste Pobail na hInse, tá an Clár ar cheann de 13 contae sa stát nach bhfuil aon Ghaelcholáiste neamhspleách iontu.

Tá rún rite ag Comhairle Contae an Chláir ag éileamh go mbunófaí Gaelcholáiste sa gcontae agus feachtas pobail ar bun freisin, ach is léir nach bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais géilleadh dóibh.

Mar fhreagra ar cheist ón Teachta Dála Joe Cooney ó Fhine Gael níos luaithe an mhí seo faoi phleananna Gaelcholáiste neamhspleách a bhunú, dúirt an tAire Oideachais Hildegarde Naughton nach raibh aon phlean scoil nua a bhunú. Thagair sí freisin d’fhorbairt atá le déanamh ar Choláiste Pobail na hInse, cé nár luaigh sí an t-aonad sa scoil.

In 2024, sheol an eagraíocht An Clár as Gaeilge litir chuig an Aire Oideachais ina maíodh gur “aonad lag lochtach leath-Ghaelach” a bhí in aonad Ghaelcholáiste an Chláir.

Agus é ag labhairt ar Clare FM, dúirt Joe Killeen, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil, go gcaithfí “coinneáil orainn ag meabhrú don Aire” cén fáth go raibh Gaelcholáiste neamhspleách ag teastáil.

“Tá roinnt Gaelscoileanna rathúla againn sa gcontae agus tá Gaelcholáiste riachtanach chun deis a thabhairt do na páistí sin a bhíonn ag freastal ar na Gaelscoileanna [leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge], a dúirt Killeen.

“Níl Gaelcholáiste neamhspleách againn i gcontae an Chláir agus tá ceann ag teastáil.”

De réir fhigiúirí na Roinne Oideachais, bhí os cionn 600 páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna i gcontae an Chláir in 2026, ach dúirt Killeen go raibh daltaí ón gcontae ag freastal ar Ghaelcholáiste Luimnigh chun oideachas lán-Ghaeilge a fháil ag an dara leibhéal.

“Ba cheart dúinn a aithint go ndéanann ár scoileanna an-iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn…ach dóibh siúd a bhíonn ag iarraidh coinneáil leis an oideachas lán-Ghaeilge, teastaíonn scoil a thabharfaidh deis dóibh a bheith tumtha go hiomlán sa nGaeilge.”

Dúirt Killeen go raibh an scéal ardaithe sa Dáil roinnt uaireanta agus an cheist pléite leis an Aire.

D’ardaigh an Feisire Eorpach Michael McNamara ó chontae an Chláir an easpa Gaelcholáistí ina chontae féin agus timpeall na tíre nuair a bhí sé ag labhairt i bParlaimint na hEorpa an mhí seo,

“I gcontae an Chláir, an áit gurb as dom ó dhúchas, níl daltaí sa mbaile is mó sa toghcheantar, Inis, in ann oideachas iomlán trí Ghaeilge a fháil ag an dara leibhéal. Caithfidh sé sin athrú,” a dúirt an Feisire neamhspleách.

Tá 11 contae ó dheas nach bhfuil aon Ghaelcholáiste iontu – Liatroim, an Iarmhí, Tiobraid Árann, contae an Chláir, Laois, Uíbh Fhailí, Sligeach, contae Lú, an Longfort, an Cabhán agus Ros Comáin. Níl aon iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht i Maigh Eo ná i gcontae na Mí ach an oiread.

Fág freagra ar '‘Tá Gaelcholáiste neamhspleách ag teastáil’ – méara chontae an Chláir'