I dtithe tábhairne agus ar WhatsApp , maireann an chraobh i bhfad tar éis na feadóige deireanaí

Má tá an cluiche le fás, caithfidh an struchtúr cabhrú le contaetha forbairt, seachas an bhearna idir na cinn is láidre agus an chuid eile a nochtadh arís agus arís eile

I dtithe tábhairne agus ar WhatsApp , maireann an chraobh i bhfad tar éis na feadóige deireanaí

Aimsíonn gach bliain iomána a bealach féin le fanacht inár gcuimhne. Tugann blianta áirithe cluichí móra dúinn. Tugann blianta eile foirne móra dúinn. Bíonn cinn eile á n-iompar ag conspóid, ag iontas, ag sárthaispeántas aonair, nó ag nóiméad amháin a bhíonn á athsheinm i gcistineacha, i dtithe tábhairne agus i ngrúpaí WhatsApp i bhfad tar éis na feadóige deireanaí.

Tá cuid mhaith tugtha dúinn ag craobh na bliana seo. Gaillimh ar ais ar an ardán mór, Luimneach ag diúltú imeacht go ciúin, briseadh croí an Chláir, Corcaigh arís ag lorg freagraí, dul chun cinn Bhaile Átha Cliath, athbheochan Uíbh Fhailí, míshuaimhneas Chill Chainnigh, agus cúpla cúl báire a mheabhraigh do chách gur féidir leis an bhfear a chaitheann geansaí uimhir a haon cluiche a bhuachan duit chomh cinnte céanna le haon réalt-tosaí.

Tá struchtúr na craoibhe féin fós mar chuid den scéal. Tá Cúige Mumhan fós spleodrach, brúidiúil agus beagáinín neamhthrócaireach. I gCúige Laighean, idir an dá linn, cuirtear ceisteanna eile. An féidir le Gaillimh rud buan a thógáil, an féidir le Baile Átha Cliath a bheith ina bhfíorfhórsa, an féidir le hUíbh Fhailí leanúint ar aghaidh lena ndul chun cinn, agus cad a tharlaíonn nuair nach mbíonn Cill Chainnigh ina Chill Chainnigh?

D’fhreagair Gaillimh a gcuid féin de na ceisteanna go údarásach…go dtí an cluiche ceannais. Bhuaigh siad Cúige Laighean agus níos tábhachtaí fós chuir siad leis an mbua ina dhiaidh sin. Ní bua amháin a bhí sa bhua a bhí acu ar Chorcaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann ach ráiteas freisin. Bhí cuma foirne orthu a raibh creideamh agus cumhacht acu. Fágadh Corcaigh, i gcodarsnacht leis sin, ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna míshuaimhneacha arís.

Agus céard faoi Chorcaigh? Tá iománaithe maithe acu, tá luas acu, tá cumas scórála acu agus tá lucht leanúna acu a leanann iad le dílseacht iontach. Ach le déanaí, cuireadh ceisteanna orthu ar laethanta nár fhreagair siad go hiomlán fós. Bhí drochthaispeántas acu i gcluiche ceannais na Sraithe, go háirithe sa dara leath. Chaill siad cluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Luimnigh, cluiche a raibh deis acu é a bhuachan acu. Ansin tháinig cluiche leathcheannais na hÉireann, áit ar ghlac Gaillimh smacht iomlán ar chúrsaí agus ar thráigh Corcaigh arís nuair ba mhó an t-éileamh.

Ní easpa tallainne atá i gceist. Sin é a fhágann níos deacra é a mhíniú. Níl Corcaigh gann ar iománaithe. Tá siad gann, faoi láthair, ar an gcineál cinnteachta ar laethanta móra a iompaíonn foireann mhaith ina foireann bhuacach. Is rud eile ar fad é sin.

Tá Luimneach, ar ndóigh, fós ar bharr an dréimire. Tá a fhios acu cad atá le déanamh nuair a éiríonn cluiche deacair. Tá a fhios acu conas fanacht beo.

Ba shampla foirfe é an bua lsa chluiche leathcheannais ar an gClár.

Faraor d’fhill díospóireacht an chárta dhuibh, mar a fhilleann sí beagnach gach samhradh sa chluiche céanna. Is Cuma cé acu an raibh cinneadh amháin ceart nó mícheart. Is í an fhadhb ná go bhfuil an riail fós ródhoiléir. Má fhéachann imreoirí, bainisteoirí, lucht leanúna agus tráchtairí ar an eachtra chéanna agus má thagann siad ar thuiscint éagsúil, is easpa soiléireachta atá i gceist.

Pé scéal é, d’athraigh cúl déanach Aidan O’Connor an cluiche, d’athraigh sé an giúmar, agus chuir sé Luimneach isteach i gcluiche ceannais eile na hÉireann. Agus cad é mar thaispeántas a thugadar an lá stairiúil (eile) sin dóibh.

Ceann de ghnéithe suimiúla na bliana ná an tábhacht a bhí leis an gcúl báire. Ainmníodh Nickie Quaid mar Laoch na hImeartha i gcluiche ceannais na Mumhan nuair a chabhraigh a chuid sábhálacha le Luimneach Corcaigh a chloí. Bhí onóir faighte aige níos luaithe sa chraobh chomh maith. Ansin thug Éibhear Quilligan taispeántas iontach don Chlár in aghaidh Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann, ag déanamh sábháil i ndiaidh sábhála agus ag dúnadh an dorais ar bhagairt Bhaile Átha Cliath.

Tráth dá raibh, ba nuair a théadh rud éigin mícheart is mó a thugtaí aird ar an gcúl báire. Anois bíonn siad lárnach i ngach rud. Eagraíonn siad cúrsaí, dáileann siad an sliotar, cosnaíonn siad an cúl agus cuireann siad a bhfoireann ar an ionsaí.

Freisin i mbliana, bhí a athbheochan bheag féin sa gcomhrá ag an ngearradh taobhlíne, ceann de na scileanna is áille san iománaíocht. Tá draíocht ar leith fós ag baint le scór as sin. Bíonn rud éigin deacair, cróga agus teicniúil déanta agat ó áit a mbeadh formhór na ndaoine sásta an sliotar a choinneáil san imirt.

Mheabhraigh Peter Duggan, Jason Forde, Cathal Mannion agus Austin Gleeson dúinn áilleacht an phoic taobhlíne. Sa chluiche nua-aimseartha, áit a mbímid de shíor ag caint faoi chórais, straitéisí poc amach, comhraic aonair agus línte reatha, tá áit fós ann don imreoir ar an líne bhán, camán ina lámh aige agus uillinn a bhfuil cuma róghéar uirthi, píosa beag draíochta a chruthú.

Bhí ceisteanna níos leithne ann chomh maith faoi shláinte an chluiche. Tháinig feabhas ar Bhaile Átha Cliath agus thug siad fuinneamh nua do Chúige Laighean ar feadh tamaill. Chuir Uíbh Fhailí dath, dóchas agus torann sa chraobh. Bhí imeacht luath Chill Chainnigh ar cheann de mhóriontais an tsamhraidh, ní mar gheall go bhfuil ceart ag aon fhoireann áit a bhaint amach sna babhtaí deireanacha, ach mar go mbraitheann sé aisteach nuair nach bhfuil Cill Chainnigh ann nuair a thosaíonn an iománaíocht i ndáiríre.

Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ag smaoineamh sinn. Tá níos mó contaetha láidre de dhíth sa iománaíocht, seachas níos lú. Is gá go leanfadh Baile Átha Cliath lena ndul chun cinn, go leanfadh Uíbh Fhailí lena n-ardú, go dtiocfadh Port Láirge amach as Mumhain, go bhfaigheadh Loch Garman fuinneamh arís, agus go bhfaigheadh na contaetha forbartha, mar a thugtar orthu, níos mó ná moladh agus pionós. Ní fiú faic plean forbartha mura a bhfuil ann ach cáipéis. Caithfidh cóitseáil, cluichí, áiseanna, foighne agus infheistíocht cheart a bheith ag dul leis.

Tá an chraobh fós in ann drámaíocht, scil agus laethanta iontacha a thabhairt dúinn. Ach ní féidir léi brath go deo ar an ngrúpa beag céanna contaetha chun an t-iomlán a iompar. Má tá an cluiche le fás, caithfidh an struchtúr cabhrú le contaetha forbairt, seachas an bhearna idir na cinn is láidre agus an chuid eile a nochtadh arís agus arís eile.

Agus fós féin, in ainneoin a cuid lochtanna ar fad, beireann an chraobh greim orainn. Tugann sí ábhar díospóireachta, cuimhní agus laochra dúinn.

Tugann sí cúil bháire dúinn atá in ann cluichí a bhuachan, gearrthacha taobhlíne mar bhónas, cinntí réiteoirí  a bhíonn ina n-ábhr díospóireachta náisiúnta, agus go leor ábhar eile comhrá a mhairfidh i bhfad i ndiaidh an chluiche ceannais.

Sa chluiche sin chas an Ghaillimh agus Luimneach ar a chéile. Ar go leor bealaí, mhothaigh sé gurb é an cluiche ceannais ceart é. Foireann amháin ag iarraidh caibidil nua a oscailt. Foireann eile ag diúltú ligean don tseanchaibidil dúnadh. Thug an Gaillimh fuinneamh, óige agus dóchas leo. Thug Luimneach leo taithí, seasmhacht agus eolas, a bhí saothraithe go crua acu, ar conas cluiche a bhuachan.

Bhíodar míthrócaireach sa dara leath agus an cluiche thart deich nóiméad isteach sa dara leath sin.

Sea tá an seanord ar ais.

Fág freagra ar 'I dtithe tábhairne agus ar WhatsApp , maireann an chraobh i bhfad tar éis na feadóige deireanaí'