Ainmniúcháin All-Star, tráth na gceist in Old Trafford agus cath na gcomharsana i nDún na nGall

Sa cholún seo, tugtar léargas ar scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Ainmniúcháin All-Star, tráth na gceist in Old Trafford agus cath na gcomharsana i nDún na nGall

Laochra Gaeltachta ainmnithe do ghradaim All-Star

Fógraíodh na hainmniúchán do ghradam All-Star Pheil na mBan Déardaoin agus beirt ó chumainn Ghaeltachta ar an liosta 45 imreoir, sin iad Sarah Ní Loingsigh na Gaillimhe agus Niamh Ní Chonchúir Chiarraí.

Fuair an bheirt ainmniúchán cheana in 2024 nuair a bhuaigh Ciarraí ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann ach ba í Ní Loingsigh agus a comrádaithe a bhí ag ceiliúradh i mbliana agus Corn Uí Mháirtín buaite ag na Gaillmhigh den chéad uair ó 2004 tar éis dóibh na Ciarraígh a chloígh mí Iúil seo caite.

Bhí sárbhliain ag Ní Loingsigh agus bean Naomh Anna ar dhuine de na himreoirí is mó taithí ar fhoireann na Gaillimhe. Tá ainmniúcháin faighte chomh maith ag an mbeirt a bhí chaon taobh di i líne lánchúil na Gaillimhe, Brónagh Quinn agus captaen na foirne Kate Geraghty.

Ceithre Ghaillimheach déag ar fad a fuair aimniúcháin do ghradaim 2025, beirt níos mó ná mar atá ag Ciarraí. Ní raibh an lá leis na Ciarraígh sa gcluiche ceannais ach bhí Niamh Ní Chonchúir ina measc siúd a sheas an fód don Ríocht sa gcluiche agus trí phointe aimsithe aici. B’imreoir tábhachtach a bhí i Ní Chonchúir i gcaitheamh 2026 agus súil aici anois go mbeidh sí i measc na mbuaiteoirí nuair a fhógrófar na gradaim All-Star ar an 14 Samhain.

Cé atá ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir?

Cé a bhuaigh an gradam Oscar don aisteoir is fearr in 1929? Cén tír ina bhfoilsítear an líon nuachtáin laethúla is mó? Cén tír ina ngintear an méid is mó leictreachais in aghaidh an duine?

Má tá freagraí na gceisteanna sin agat, d’fhéadfadh tú a bheith i do bhainisteoir ar fhoireann i Sraith na gCuradh.

Bhí na freagraí ag Valdas Dambrauskas nuair a bhí sé ar leagan den chlár Who Wants to be a Millionaire? ina thír dúchais sa mbliain 2002. Níor thug Dambrauskas milliún leis ach bhí a ndóthain sa €1,000 a bhuaigh sé chun tús a chur le haistear a thug chomh fada le Old Trafford aréir é.

Is ag obair in oifig a bhí Dambrauskas ag an am ach d’úsáid sé an t-airgead chun bogadh go Londain agus é ag iarraidh post mar chóitsealaí sacair a fháil. Chaith sé blianta ag staidéar, ag obair le grúpaí pobail agus ag sclábhaíocht ar phá íseal go dtí gur éirigh leis post a fháil le Manchester United Soccer Schools.

As sin, fuair sé poist ar ais sa mbaile sa Liotuáin agus tréimhsí caite aige le scata foirne in oirthear agus lár na hEorpa ó shin, Hadjuk Split sa gCróit agus Ludogorets san Ungair ina measc. Is san Asarbaiseáin atá Dambrauskas anois agus é i gceannas ar Sabah agus iad tugtha chomh fada le Sraith na gCuradh den chéad uair riamh aige. Níl deireadh leis an aistear go fóill ach an oiread agus cluichí i gcoinne leithéidí Borussia Dortmund, Barcelona, Napoli agus Arsenal fós le teacht.

Dála an scéil, Emil Janning, an India agus an Liotuáin na freagraí a bhí ar na ceisteanna thuas in 2002. Nár lagaí Dia thú má bhí siad agat. 

Cluiche Gaeltachta na Seachtaine

Cill Charthaigh v Naomh Columba – Dé Domhnaigh, 16:30

Tagann an crú ar an tairne an deireadh seachtaine seo d’fhoirne Gaeltachta fud fad na tíre agus na babhtaí díbeartha sroichte againn i gcraobhacha peile na Gaillimhe, Dhún na nGall agus Chorcaí.

Beidh na sluaite ag filleadh ar Pháirc na Tamhnaí Dé Domhnaigh agus Naomh Columba ag teacht soir an bóthar chun aghaidh a thabhairt ar a gcomharsana ó Chill Charthaigh i réamhbhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sinsir. Tá breis is 20 bliain ann ó d’imir an dá fhoireann in aghaigh a chéile sa gcraobh agus tamall fada caite ag Naomh Columba sa gcraobh idirmheánach go dtí go bhfuair fir Ghleann Cholm Cille an t-ardú céime arís anuraidh.

Chaill Naomh Columba an chéad trí chluiche acu ar ais sa gcraobh shinsir ach d’fhág bua maith in aghaidh Ard an Rátha an tseachtain seo caite gur i dtreo na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais a chuadar seachas na babhtaí dícháilithe. Bua gan choinne a bheadh ann in aghaidh Chill Charthaigh Dé Domhnaigh ach bíonn sé deacair i gcónaí na cluichí idir comharsana a thuar.

I measc na gcluichí eile a bheidh againn i gcraobh shinsir Thír Chonaill, beidh An Clochán Liath agus Gleann Fhinne ag tabhairt aghaidh ar a chéile sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais agus Na Dúnaibh le haghaidh a thabhairt ar Sheán Mac Cumhaill chomh maith.

I nGaillimh, tá Naomh Anna agus An Cheathrú Rua ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais dícháilithe sna craobhacha sinsir agus idirmheánach faoi seach. Ar an taobh eile den scéal beidh Bearna-Na Forbacha ag iarraidh babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sinsir a bhaint amach, mar a bheidh Micheál Breathnach sa gcraobh idirmheánach. Beidh foireann Ghaeltachta amháin sna babhtaí ceathrú ceannais go cinnte agus An Spidéal agus Oileáin Árann ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa réamhbhabhta Dé Domhnaigh.

I gCorcaigh, tá Béal Átha an Ghaorthaidh agus Cill na Martra ag dul chun páirce i réamhbhabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe sinsir ‘A’ agus Naomh Abán ag déamamh amhlaidh sa bpríomhchraobh idirmheánach.

Fág freagra ar 'Ainmniúcháin All-Star, tráth na gceist in Old Trafford agus cath na gcomharsana i nDún na nGall'