‘Gadaíocht chultúrtha is ea Ceathrú Ghaeltachta a thabhairt ar cheantar Bhóthar na bhFál’ – Ó hÉallaithe

Tá sé ráite ag an gníomhaí teanga agus taighdeoir Donncha Ó hÉallaithe gur ‘gadaíocht chultúrtha’ é an teideal ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt ar an gceantar in iarthar Bhéal Feirste a bhfuil obair mhór ar siúl ann an Ghaeilge a chur chun cinn

‘Gadaíocht chultúrtha is ea Ceathrú Ghaeltachta a thabhairt ar cheantar Bhóthar na bhFál’ – Ó hÉallaithe

Tá sé ráite ag an ngníomhaí aitheanta Gaeltachta, Donncha Ó hÉallaithe, gur “gadaíocht chultúrtha” é an teideal ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt ar an gceantar thart timpeall ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste.

Tá an teideal sin in úsáid ag lucht labhartha na Gaeilge sa cheantar le fada an lá agus tá stádas áirithe oifigiúil aige mar theideal ó úsáideann Comhairle Cathrach Bhéal Feirste é ó am go chéile, mar aon le leithéidí ‘Ceathrú na hArdeaglaise’ agus ‘Ceathrú Titanic’ in ábhar poiblíochta agus foilseacháin dá cuid.

Bhí Ó hÉallaithe i mbun díospóireachta le Cathal Seoighe ó Choiste Pleanála Teanga Oirthear Chathair na Gaillimhe ar an gclár Tús Áite aréir agus iad ag plé dhá cholún a foilsíodh ar an suíomh seo le déanaí faoi chomharthaíocht nua i gcathair na Gaillimhe.

Mhaígh Ó hÉallaithe ina alt gur “gadaíocht chultúrtha” a bhí i gceist leis na comharthaí nua a crochadh ar theorainneacha cheantair Ghaeltachta chathair na Gaillimhe le déanaí agus gur “masla” a bhí iontu do mhuintir na gceantar oifigiúil Gaeltachta ina bhfuil an teanga fós láidir.

Thug Cathal Seoighe agus a chomhghleacaí ón gcoiste pleanála teanga, Joe McGinley, freagra ar alt Uí Éallaithe i gcolún dá gcuid féin a foilsíodh ar Tuairisc níos luaithe an mhí seo.

Luaigh Seoighe agus McGinley Béal Feirste mar shampla de “Ghaeltacht uirbeach” ina n-alt agus dúirt nach ionann ‘an Cheathrú Ghaeltachta’ sa chathair sin agus an Cheathrú Rua i gConamara.

D’fhiafraigh láithreoir Tús Áite, Fachtna Ó Drisceoil, de Dhonncha Ó hÉallaithe an dtabharfadh sé féin “gadaíocht chultúrtha” ar theideal na Ceathrún Gaeltachta agus dúirt Ó hÉallaithe do dtabharfadh agus gurbh fhearr teideal eile a thabhairt ar an gceantar.

Mhaígh sé gurbh fhearr go dtabharfaí ainm eile amhail ‘an Cheathrú Ghaelach’ nó ‘an Cheathrú Ghaeilge’ ar an gceantar ina bhfuil iarrachtaí ar bun le blianta fada anuas an Ghaeilge a chur chun cinn. Dúirt sé go bhfuil brí ar leith leis an bhfocal Gaeltacht agus go bhfuil saintréithe ar leith ag baint le “fíorcheantair” Gaeltachta nach bhfuil ag an mBruach Thoir ná Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.

“Is cinnte [gur gadaíocht chultúrtha é], ba cheart ‘Ceathrú Ghaelach’ a thabhairt air, níor cheart ‘Ceathrú Ghaeltachta’ a thabhairt air, mar níl mórán tréithe Gaeltachta ag baint leis. Níl a fhios agam an bhfuil aon tréithe Gaeltachta ag baint leis.

“Tá go leor Gaeilge thuas i mBéal Feirste, tá go leor déanta, agus molaim iad, ach ‘Ceathrú Ghaelach’ ba cheart a thabhairt air agus ní ‘Ceathrú Ghaeltachta’, is gadaíocht chultúrtha é sin freisin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Gadaíocht chultúrtha is ea Ceathrú Ghaeltachta a thabhairt ar cheantar Bhóthar na bhFál’ – Ó hÉallaithe'

  • Traolach

    Aontaím le Donncha. Ba cheart go gcuirfeadh na comharthaí in iúl go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn (m. sh. Gaeilge agus Fáilte) seachas gur ceantair ghaeltachta iad.

  • Brian Mac An tSionnaigh

    Is maslach iomlán seo ar líon mór de dhaoine a chaitheann gach lá ag feidhmiú, ag obair, ag plé go sóisialta trí Ghaeilge sa cheantar seo. Ceantar leis an Ghaelcholáiste is mó sa tír agus fostaithe is mó lán ghaeilge sa tír ina measc. Caomhnítear an traidisiún anseo, príomhtheanga labhartha céadtadán mór den phobal. Tá níos mó Gaeilge a úsáid anseo go laethúil ná ceathracha atá go díreach an teideal Gaeltacht uirthi.
    An féidir a rá nach Gaeilgeoir ná Gaeil é Donncha agus fear le Gaeilge mar nach as ceantar Ghaeltachta dó agus nach í céad teanga labhartha atá aige?

  • An Sléibhteoir

    An gadaíocht chultúrtha é Chinatown a thabhairt ar Chinatown comh maith?

  • Eoin

    Is dócha nach bhfuil Donncha i bhfách le ‘Pop Up Gaeltacht’ ach an oireadh mar sinn…

  • Eoghan MacCormaic

    Gadaíocht Chultúrtha an é fear Tiobraid Árainn gléasta ina hata iascaire Chonamara….?

  • Neil Ó Laoghaire

    Ní chloisfeá cleamhsán ar bith uaidh faoi na comharthaí “An Ghaeltacht” atá crochta le fada an lá sna ceantair Ghaeltachta tuaitheacha timpeall na tíre (an tAchréidh, Maigh Eo Thiar agus Thuaidh, Na Rosa, Maigh Cuillin, Ciarraí Theas) ina bhfuil céatadán cainteoirí Gaeilge laethiúil thart ar an méid céanna is atá sna Gaeltachta i gCathair na Gaillimhe.

  • Donnch eile

    Tá an ceart ag Donncha. Tá níos mó i gceist le ceantar Gaeltachta ná an Ghaeilge a bheith á labhairt ann. Go stairiúil, bhí ceantair Ghaeltachta faoi mhíbhuntáiste agus caitheadh leo mar áiteanna nach raibh ar chomhchéim leis an gcuid eile den tír. Ní féidir leat an teideal a ghlacadh ort féin díreach mar go bhfuil grúpa daoine ag labhairt na Gaeilge, mura bhfuil tú sásta glacadh leis na míbhuntáistí a bhaineann leis chomh maith. Níl ansin ach comharthaíocht fholamh agus goid féiniúlachta ag lucht caitheamh aimsire.

  • Pádraigín Ni Uallacháin

    Chuir mé isteach freagairt ar seo. Seo an leagan is cruinne Tá meas agam ar Dhonncha ach sa chás seo sílim go bhfuil easpa tuisceana ina thuairim agus ina thuiscint ar chad is Gaeltacht ann agus go háirithe ar Cheathrú Gaeltachta Bhéal Feirste. Ní miste a thabhairt chun chuimhne go raibh lucht cainte na Gaeilge – clanna ón Ghaeltacht – lonnaithe i Ráth Chairn ó 1935- 1967 sula bhfuair an cheantar stádas Gaeltachta mar thoradh ar fheachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Sa lá atá inniu ann níl ach 15% de thoghroinn na Rátha Moire ina bhfuil Ráth Chairn suite, a labhraíonn Gaeilge go laethúil, ach go fóill is Gaeltacht í Rath Chairn. An bhfuil an stadás Gaeltachta sa chás seo bunaithe ar líon na gcainteoirí, cúlra na gcainteoirí, pobal an cheantair, cultúr an cheantair nó stadas oifigiuil ón Rialtas. Sna 1960í malla, bhunaigh teaghlaigh óga, arb í an Ghaeilge teanga an tí acu, Gaeltacht uirbeach ar Bhóthar Seoighe, Béal Feirste ina raibh an Ghaeilge mar theanga labhartha amháin ar an bhóthar sin agus áit ar bunaíodh an chéad Gaelscoil i dtuaisceart Éireann le freastal ar an phobal sin. Tá fás as cuimse tagtha ar phobal na Gaeilge ansin de bharr an ghnímhithe chróga seo. D’fhás an pobal Gaeilge sin go horgánach as muintir agus cultúr an phobail féin, chan mar chóilíneacht ón Rialtas. I 2006 a d’ainmnigh Comhairle na Cathrach i mBéal Feirste é mar Cheathrú Gaeltachta. Ag fagail cúrsaí eacnamaiochta as, cad é an difir idir Rath Chairn agus Ceathrú Gaeltachta Bhéal Feirste? Maíonn Donncha gur “ghadaíocht chulturtha” í Ceathrú Gaeltachta a thabhairt ar an cheantair i mBéal feirste. Nach seo an port céanna a bhí á bhagairt ar phobal Rath Chairn agus iad ar lorg stádas Gaeltachta i bpobal Galltachta tráth den tsaol? Mar fhocal scoir, ná deanaimis dearmad gur Gaeltacht ar fad a bhí in Éirinn in am amháin, agus mar thoradh ar “ghadaiocht chultúrtha” a fágadh an chuid is mó den tír gan a teanga dhúchais. Bímis fial croíúil sa chaint agus sa reachtaíocht agus muid ag plé le pobail bheaga Ghaeilge atá ag casadh an taoide agus ag athghabháil ar goideadh uathu sa chéad áit.