Áras an Uachtaráin le bheith ina ‘áis ar son leas agus cur chun cinn na Gaeilge’ agus ‘Togra Gaeilge an Uachtaráin’ seolta i mBaile Átha Cliath

Dúirt Catherine Connolly gur mian léi ‘tógáil’ ar an mborradh faoin nGaeilge a tháinig chun cinn le linn a feachtais uachtaránachta anuraidh

Áras an Uachtaráin le bheith ina ‘áis ar son leas agus cur chun cinn na Gaeilge’ agus ‘Togra Gaeilge an Uachtaráin’ seolta i mBaile Átha Cliath

Beidh Áras an Uachtaráin ina “áis ar son leas agus cur chun cinn nGaeilge” sna dhá mhí dhéag atá amach romhainn agus ‘Togra Gaeilge an Uachtaráin’ fógartha ag an Uachtarán Catherine Connolly tráthnóna.

Sheol an tUachtarán an togra nua “a dhíreoidh spotsolas ar gach uile ghné de chuid na Gaeilge” sa bhliain atá amach romhainn. Dúirt sí go raibh “cruinnithe ar siúl le bliain anuas” in Áras an Uachtaráin agus a foireann “ag obair go crua chun féidearthachtaí agus moltaí a phlé”.

Le linn a feachtais uachtaránachta anuraidh, gheall Connolly go reáchtlálfadh sí tionscnamh “suntasach” chun an Ghaeilge a cheiliúradh dá dtoghfaí ina uachtarán í.

Ag an seoladh in Átas an Uachtaráin inniu, dúirt sí gur “cuid lárnach agus fíorthábhachtach” dá saol féin í an Ghaeilge agus gur thug sí “tús áite” don teanga le linn a feachtais uachtaránachta. Mhaígh sí gur “mhór an fháilte” an cuireadh roimpi agus í ag taisteal ar fud na tíre mar gheall ar an mbéim a leag sí ar an nGaeilge anuraidh, agus gur mhothaigh sí “go láidir go raibh borradh faoin teanga” agus go raibh “suntas agus suim á gcur inti ag chuile aoisghrúpa”.

“Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil sé de chuspóir agus de mhian againn tógáil ar an méid a tháinig chun solais le linn an fheachtais [uachtaránachta 2025], agus an méid atá feicthe agus cloiste againn le bliain anuas i rith mo chéad bhliana mar uachtarán.

“Tá splanc spleodrach faoin nGaeilge, agus cíocras chun foghlama agus labhartha le sonrú fud fad na tíre. Tá sé de mhian agus de chumas againne an splanc sin a lasadh, a leathnú agus agus roinnt ar mhuintir na tíre,” a dúirt Connolly le slua a bailíodh in Áras an Uachtaráin don seoladh tráthnóna.

Dúirt sí gur thug sí “geallúint shollúnta” anuraidh nach “go ciúin ná i gcogar” a bheadh an Ghaeilge á labhairt in Áras an Uachtaráin le linn a téarma agus mhaígh inniu go bhfuil an gheallúint sin á comhlíonadh. Gheall sí inniu go mbeadh an tÁras “ina áis” leis an teanga a chur chun cinn.

“Tá sé de mhian againn go mbeidh foirgneamh an Árais féin aitheanta mar lár-ionad na teanga. Beidh taibhealaíona – drámaíocht, ceol, damhsa, cibé cén seánra – trí Ghaeilge á gcur ar an ardán i Seomra de hÍde sa bhliain nua.

“An rud atá i gceist ná go mbeadh léiriú á dhéanamh ag compántais éágsúla ar feadh na sé bliana atá fágtha mar uachtarán agam. Tá cuireadh á thabhairt dóibh siúd atá bainteach leis na taibhealaíona a smaointe a chur faoi bhráid na hoifige agus roghnófar léiriú éagsúil gach bliain. Tá súil againn go mbeidh léiriú ó chuile chearn den tír tar éis a bheith ar an ardán faoi dheireadh mo thréimhse,” a dúirt sí.

Gheall an tUachtarán go mbeidh “ceoltóirí, filí, amhránaithe, agus damhsóirí” Gaeilge “fite fuaite agus san áireamh” ag ócáidí éagsúla a bheidh ar siúl i gcaitheamh na bliana atá ag síneadh amach romhainn san Áras freisin, beag beann ar theanga na n-ócáidí sin.

“Beidh an chéad chóisir ghairdín shamhraidh in 2027 á cur ar fáil do lucht labhartha, lucht foghlama, agus lucht spéise na Gaeilge. Beidh, mar a bhí i mbliana, dhá chiorcal comhrá agus siamsaíochta ar bun anseo le linn Sheachtain na Gaeilge 2027.

“Cuirfear an tÁras féin ar fáil mar shuíomh dóibh siúd atá ag craoladh trí Ghaeilge – podchraoltaí, físeáin, lúibíní, sceitseanna agus araile. Fáilteofar roimh iarratais chuig an oifig agus beidh súil againn le smaointe cruthaitheacha mealltacha a chuirfidh leis an mborradh [faoin nGaeilge] atá le sonrú faoi láthair,” a dúirt Connolly.

Tá clár imeachtaí pleanáilte do láithreacha taobh amuigh den Áras freisin, agus leag an tUachtarán béim ar leith ar an bplean atá aici cuairteanna a thabhairt ar chlubanna leabhar agus leabharlanna “le tábhacht na léitheoireachta Gaeilge” a léiriú agus le “tacú le litríocht, filíocht, agus scríbhneoireacht na Gaeilge”.

Tá sé i gceist ag Connolly cuairt a thabhairt “ar chuile Ghaeltacht de chuid na tíre” sa bhliain amach romhainn freisin.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Pádraig Ó Mocháin agus a fhoireann ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, as ucht a gcuid tacaíochta agus cúnamh le linn na bliana agus an togra seo á chur le chéile againn.

“Is fúinne a thuigeann tábhacht agus luach ár dteanga oibriú as lámh a chéile chun a chinntiú, ní hamháin go mairfidh sí agus gur i dtreise a bheidh sí ag dul agus go mbeidh sí ina hoidhreacht bheo bheathach do ghlúnta na todhchaí,” a dúirt sí.

Nuair a toghadh Connolly, dúirt sí gur mhaith léi go mbeadh an Ghaeilge ina teanga oibre in Áras an Uachtaráin. Tá an sprioc sin luaite arís mar chuid den togra nua agus ráite go “leanfar de chur le cumas teanga fhoireann Áras an Uachtaráin” sa bhliain amach romhainn.

Fág freagra ar 'Áras an Uachtaráin le bheith ina ‘áis ar son leas agus cur chun cinn na Gaeilge’ agus ‘Togra Gaeilge an Uachtaráin’ seolta i mBaile Átha Cliath'