Is í Gráinne Ní Mháille a thagann chun cuimhne láithreach nuair a luaitear stair mhuirí Mhaigh Eo. Tá eolas go leor fúithi féin agus faoi mhuintir Mháille sa leabhar spéisiúil seo, Scéal Muirí Mhuigh Eo, le Breandán Mac Conamhna, duine de chlann cháiliúil Mhic Conamhna as ceantar Bhéal Deirg ar chósta thuaidh Mhaigh Eo.
Tá bua ar leith ag an scríbhneoir seo: tugann sé na fíricí dúinn chomh maith leis an seanchas. Luann sé crógacht Ghráinne Mhaol go paiseanta, ach ní leasc leis a cuid cruálachta a lua ach an oiread. Deirtear linn gur chroch sí gach príosúnach dár ghabh sí, agus nárbh iad na Gaill ar fad a fuair an rópa. Sin í banlaoch na nGael, ar ndóigh.
Sin é bua mór an leabhair: tá sé lán le scéalta agus le seanchas, ach thar aon ní eile tá sé lán le heolas, le léaráidí agus le fíricí.
Bhí daoine ina gcónaí i Maigh Eo seacht míle bliain ó shin, agus ón tráth sin i leith faighimid cur síos ar mhanaigh, ar threibheanna agus ar cheannairí áitiúla, agus ar shaol na farraige ó chreachadóireacht go hiascaireacht go tubaistí. Tá eolas cruinn ann ar an slad a rinne an Drochshaol ar phobail áirithe ar fud an chontae. Maidir leis an Drochshaol, níorbh í easpa bia a rinne an slad ar cheantair chladaí Mhaigh Eo ach an fiabhras a bhuail na daoine.
Nuair a scriosadh an Armáid Spáinneach, ní raibh i ndán do na créatúir a tháinig i dtír ar chladaí agus ar oileáin Mhaigh Eo ach a gcrochadh. Tá liosta fada againn de na báid agus de na longa a chuaigh go tóin poill ar na cladaí fiáine seo, ainmneacha agus dátaí ag gabháil leo, chomh maith le liosta fada long eile a cailleadh le trí chéad bliain anuas. Tá trácht ann freisin ar theacht Humbert go Cill Ala agus ar an sléacht a rinneadh ar phobal Iorrais agus thuaisceart Mhaigh Eo de bharr theacht na bhFrancach.
Tá dhá scéal bhrónacha as Acaill ann: an tubaiste a tharla in 1894 nuair a bádh breis agus tríocha duine agus iad ar a mbealach go Cathair na Mart chun dul ar imirce go hAlbain; agus scéal truamhéalach eile i 1937 nuair a tugadh ar ais go hAcaill coirp deichniúr fear agus ógánach a loisceadh i dtine in Kirkintilloch na hAlban. Tá eolas ann chomh maith faoin scrios a rinne gála in 1927 ar chóstaí Mhaigh Eo agus na Gaillimhe, tragóid a bhrostaigh go mór bánú na n-oileán.
Tá fothracha agus toibreacha ón seansaol fós ar fud an chósta, ina measc Teampall Deirbhile ar an bhFál Mór. Má théann tú tríd an bhfuinneog chaol atá i mbinn an teampaill, deirtear nach mbáfar go deo thú. Rinne mé féin sin seal maith blianta ó shin, agus tar éis roinnt turas fada farraige tá mé ar an saol seo fós.
Tá curacha déanta as slata agus iad clúdaithe le seithí beithíoch ar chósta Mhaigh Eo leis na mílte bliain, agus is iontach an t-eolas atá sa leabhar ar stair na curaí. As Contae an Chláir a tháinig an leagan is nuaí den churach, a deirtear, agus deirtear i ndeisceart Chonamara gurbh as Contae an Chláir freisin a tháinig an chéad churach canbháis.
Tá trácht ann ar iascaireacht den charraig agus ar iascaireacht na farraige móire. Ba iad iascairí Chonamara a thug an t-iascach gliomach go hoileáin Mhaigh Eo, agus bhí baint acu chomh maith leis an gcineál curaí ar tháinig forbairt uirthi in Inis Gé agus ar oileáin eile. Bíonn muid i gcónaí ag foghlaim óna chéile. Tá neart eolais ann freisin faoin mbád seoil geál Mhaigh Eo, agus faoi na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí atá idir na geálta ó phobal cósta go chéile. Tá eolas fairsing sa leabhar ar na soithí farraige seo agus neart léaráidí ó cheantair éagsúla ar an gcósta.
Leasaíodh 10,500 bairille scadán i gCathair na Mart in 1822. Bhí tionscal láidir easpórtála scadán ar chósta thiar na tíre agus ba mhinic an t-iasc á mhalartú leis na heachtrannaigh ar bhairillí fíona. B’fhéidir go raibh muintir chósta thiar na hÉireann beo bocht go minic sa seanam, ach m’anam go raibh teacht acu ar fhíon agus ar bhranda chomh maith.
Tháinig feabhas ar an saol le bunú Bhord na gCeantar Cúng in 1891, agus tá cur síos thar barr againn ar iascach murlas, scadán, gliomach agus bradán, ar iascach na míolta móra níos deireanaí, agus ar an bhforbairt a rinneadh ar bhóithre, ar phoirt agus ar chéibheanna.
Staraí, léachtóir agus iarstiúrthóir ar Institiúid Teicneolaíochta Shligigh é an t-údar, Breandán Mac Conamhna. Ní hamháin go bhfuil stair na gcurach scríofa aige, ach tá curacha déanta aige féin agus iad ar taispeáint chomh fada ó bhaile leis an mBriotáin.
Beidh tóir go leor as seo go Nollaig ar leabhair faoi éachtaí pheileadóirí Mhaigh Eo i mbliana, ach tá an leabhar seo chomh spéisiúil sin gur cheart é a léamh, gan trácht ar a bhfuil d’ábhar taighde ann. Tá sé scríofa i nGaeilge ghlan Iorrais.
Ní do mhuintir Mhaigh Eo amháin an leabhar seo, agus ní gá go mbeadh suim agat san fharraige ná i rud ar bith a bhaineann léi lena léamh. Tá ábhar ann don uile dhuine. Nuair a osclóidh tú é, ní leagfaidh tú uait é go gcríochnóidh tú é.
Scéal Muirí Mhuigh Eo, Breandán Mac Conamhna, Mayo Books Press
Fág freagra ar 'Ní do mhuintir Mhaigh Eo amháin an leabhar seo – tá ábhar ann don uile dhuine'