Tá ról againn ar fad i gcosaint ár ndaoine óga

D’eascair ceisteanna móra atá fós le freagairt as ceann de scéalta móra an tsamhraidh, tubaiste bhóthair an M9

Tá ról againn ar fad i gcosaint ár ndaoine óga

Pictiúr: Eamon Farrell/©RollingNews.ie

Is minic i rith an tsamhraidh nuair a bhíonn scéalta nuachta gann agus séasúr na seafóide i réim go dtagann díospóireachtaí chun cinn sa saol poiblí nach gcloistear mórán fúthu an chuid eile den bhliain ná nuair a fhilleann an Dáil agus nuair a thagann castacht an tsaoil polaitíochta chun cinn in athuair.

Ní hamhlaidh i mbliana agus tá an cur agus cúiteamh fós ar siúl faoin tubaiste bhóthair ar an M9 i lár mhí Lúnasa inar maraíodh cúigear. Tharla tubaiste eile ar an M50 seachtain níos túisce inar gortaíodh naonúr, ochtar díobh a bhí ag taisteal in aon charr amháin.

Cuireadh ceisteanna go leor sna seachtainí ó shin faoi cén chaoi a dtarlódh tubaistí mar sin. Cén chaoi a raibh carranna ina raibh suas le deichniúr déagóirí ag taisteal ag imeacht faoi luas i lár na hoíche. Bheadh an méid sin sách dona ach nuair a chuirtear san áireamh go raibh siad ag taisteal d’aon ghnó ar an taobh mícheart den mhótarbhealach agus go raibh siad á dhéanamh mar shiamsaíocht is gá ceisteanna go leor eile a chur.

Bhain an chaint sa chéad seachtain le cumas na nGardaí dul i ngleic lena leithéid d’eachtra agus go deimhin níl sé ach roinnt laethanta ó bhí an t-aire stáit atá freagrach as an tsábháilteacht bóithre, Seán Canney, ag cur síos ar an oiliúint atá le cur ar Ghardaí faoi thiomáint ar mhótarbhealaigh. Tá dlíthe nua faoi thiomáint ar an taobh mícheart den bhóthar le rith freisin ach is beag is fiú iad mura gcuirtear i bhfeidhm iad.

Léiríonn tubaiste a tharla sa mBreatain an tseachtain chéanna nach bhfuil an freagra chomh simplí sin. Lean póilíní, a raibh a gcarr feistithe le déileáil le heachtraí den chineál seo, carr a bhí ag taisteal ar an taobh mícheart den A66 agus maraíodh iad nuair a bhuail carr na bhfear óg fúthu.

Ar bhealach léiríonn scéal seo na Breataine na deacrachtaí atá le sárú ag na póilíní le heachtraí mar seo a sheachaint.

Tá go leor ceisteanna nach mbaineann le bóithre ná mótarbhealaí le freagairt sula nglactar leis nach bhfuil le déanamh ach oiliúint agus cumhachtaí breise a thabhairt do Ghardaí. Cén fáth a mbíonn buíonta fear óg amuigh ag trí nó ceathair ar maidin ag taisteal i gcarranna? Níl sé fiú dleachtach go mbeadh a leithéid a bheith ag tiomáint ar chor ar bith mura bhfuil siad ach 15 nó 16 de bhlianta d’aois.

Cloiseann muid tuairiscí go mbíonn baint ag go leor acu le coiriúlacht. De réir mo thuisceana, tá cead ag na fórsaí dlí agus cirt aon duine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad páirteach i gcoiriúlacht a ghabháil. Tugadh le fios freisin tar éis na dtimpistí go raibh cuid de na buachaillí seo i dteagmháil le seirbhísí Tusla. Ach má tuigeadh go raibh fadhbanna acu cén chaoi a raibh sé de shaoirse acu a bheith amuigh ag spraoimharcaíocht san adhmhaidin?

Ní spraoi é a bheith ag cur beatha daoine i mbaol agus ní spraoi a bheith ag déanamh gaisce as. Glacaim leis nach bhfuil tuismitheoir sa tír nach gcreideann an méid sin. Dá réir, tá cuid den fhreagracht orainne an teachtaireacht sin a chur i gcion ar ár gcuid déagóirí chomh maith agus is féidir linn.

Seachas a bheith ag brath go hiomlán ar réimsí éagsúla den saol – na Gardaí, an teaghlach, an córas oideachais, na seirbhísí sóisialta agus tacaíochta – ba chóir dúinn ar fad a thuiscint go bhfuil ról againn ar fad i gcosaint ár ndaoine óga.

Fág freagra ar 'Tá ról againn ar fad i gcosaint ár ndaoine óga'