Ghnóthaigh Méav Ní Mhaolchatha cáil idirnáisiúnta ar dtús mar bhall den ghrúpa amhránaíochta Celtic Woman, obair a thug ar fud an domhain í. Le blianta beaga anuas, tá sí ag obair mar amhránaí neamhspleách, ag díriú ar a cuid ceoil féin a chumadh agus a chur i láthair.
Beidh a halbam nua, Sweet Sorrow, a chum sí in éineacht le Stephen Rennicks, á sheoladh go hoifigiúil ag ceolchoirm speisialta i Whyte Hall, Ceol-Acadamh Ríoga na hÉireann, Dé Sathairn.
Comhshaothar é Sweet Sorrow ina ndéanann Méav agus Stephen machnamh ar an gcuimhne, ar an mbrón a bhaineann leis an mbás agus ar an sólás atá le fáil sa gceol. Deir Méav go raibh fonn uirthi le fada albam a chumadh faoin ábhar seo, ach go raibh sé deacair uirthi aghaidh a thabhairt air.
“Bhí mé ag cuimhneamh ar albam a chruthú ar an téama seo le fada. Is dóigh liom go raibh sé deacair déileáil leis an téama nuair a bhí mo thuismitheoirí ag dul in aois agus go raibh mé ag cuimhneamh ar an uair a mbeidís imithe. Tá an bheirt acu imithe anois agus ar bhealach, bhí sé níos éasca déileáil leis an ábhar anois.”
Bhí sí ag iarraidh ceol a chruthú a thabharfadh faoiseamh do dhaoine agus a thabharfadh cúnamh dóibh cuimhneamh ar na daoine atá caillte acu.
“Bhí mé ag iarraidh ceol a chruthú a bhí ag tabhairt faoisimh do dhaoine agus ag meabhrú dóibh nach bhfuil muid ag déanamh dearmad ar na daoine atá imithe.”
Cé gur fhás Méav agus Stephen aníos gar dá chéile i mBaile Átha Cliath, ní raibh aithne acu ar a chéile go dtí gur scríobh Méav chuige lena mholadh as an gceol a chum sé do An Cailín Ciúin, an scannán iomráiteach ina raibh a hiníon, Catherine Cinch, sa bpríomhpháirt. Rinneadh an scannán le linn Covid, tráth a raibh rialacha scoite sóisialta i bhfeidhm agus níor chas siad lena chéile an uair sin.
Trí bliana ina dhiaidh sin, casadh ar a chéile iad ag ócáid shóisialta agus thosaigh siad ag roinnt ceoil, liricí agus taifeadtaí lena chéile uaidh sin amach. Bhí taithí ag an mbeirt acu ar an gcaillteanas, agus tháinig an téama sin chun cinn go nádúrtha ina gcuid cumadóireachta. Tar éis tréimhse ag cur ceoil agus smaointe anonn is anall ag a chéile, chuaigh siad isteach sa stiúideo.
Tá cáil ar Stephen Rennicks as ceol scannáin a chumadh, agus tá gradaim IFTA buaite aige do An Cailín Ciúin agus Room, chomh maith le gradam BIFA as Frank. Is é Sweet Sorrow an chéad bhailiúchán amhrán atá eisithe aige nach fuaimrian scannáin é.
Deir Méav gur thug Stephen cur chuige don chumadóireacht leis a thaitin go mór léi.
“Is maith liom an chaoi a mbíonn Stephen ag tabhairt faoin gcumadóireacht. Fágann sé an ceol an-simplí, ach téann go leor machnaimh isteach ann roimh ré. Tá na spásanna a fhágann sé chomh tábhachtach leis an gceol féin.”
In ainneoin go bhfuil cúlraí ceoil éagsúla acu, fuair siad amach go raibh go leor i i bpáirt acu chomh maith. D’fhás an bheirt acu aníos ag éisteacht le ceol eaglasta sa mbaile, agus bhíodh aithreacha na beirte ag seinm ceoil ar an armóin.
Le linn a óige, bhíodh Stephen ag casadh iomainn ón traidisiún Baisteach sular thug sé aghaidh ar cheol punc leis an mbanna The Prunes. D’fhás Méav aníos agus Gaeilge sa mbaile aici. D’fhoghlaim sí amhráin thraidisiúnta agus rinne sí staidéar ar an amhránaíocht chlasaiceach, ar an gcláirseach agus ar an bpianó.
“Bhí mise sáite i gceol eaglasta sa mbaile freisin, thaitin an ceol sin le m’athair agus bhíodh sé á sheinm sa mbaile. Cé go raibh an tionchar sin sa gceol a bhí á chumadh againn don albam seo, theastaigh uainn nach ceol eaglasta a bheadh san albam, ach go mbeadh an tionchar sin le cloisteáil ann.”
Bhí an Ghaeilge i gcroílár shaol an cheoil ag Méav freisin. Ag fás aníos i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath, d’fhoghlaim sí amhráin thraidisiúnta ar scoil agus fuair sí spreagadh ó bhannaí agus ceoltóirí ar nós Clannad, Kíla agus Liam Ó Maonlaí.
“Tá tionchar mór ag an nGaeilge ar an gceol domsa. Nuair a bhíomar ar scoil d’fhoghlaimíomar na hamhráin Ghaelacha ar fad. Bhí an t-ádh orainn go raibh suim acu sna seanamhráin sa nGaelscoil.”
Thug sí an grá sin don amhránaíocht trí Ghaeilge léi chuig Celtic Woman, áit ar mhol sí go gcuirfí amhráin Ghaeilge san áireamh i seónna idirnáisiúnta an ghrúpa. Bhí imní ar an mbainistíocht nach dtuigfeadh an lucht éisteachta na liricí, ach chreid Méav go mbeadh bá acu leis an gceol fiú mura dtuigfidís na focail ar fad.
Trí amhrán Gaeilge atá ar Sweet Sorrow, ‘Béara’, ‘Suan’ agus ‘Caoin’, in éineacht le hamhráin i mBéarla, lena n-áirítear an singil ‘Near’, a eisíodh ag deireadh mhí Mheán Fómhair.
Taifeadadh an t-albam le Hugh Drumm ina stiúideo i nDún Laoghaire. Rinne Thomas Bartlett, a bhfuil obair déanta aige le ceoltóirí ar nós Norah Jones agus The Gloaming, an meascadh i Nua-Eabhrac, agus rinne Josh Bonati an máistriú. Ba iad Méav agus Stephen féin a léirigh an t-albam le chéile, agus tá sé á eisiúint ar Anthem Vinyl.
Cé go ndéanann Sweet Sorrow machnamh ar an uaigneas agus ar an mbrón, tá súil ag Méav go bhfaighidh éisteoirí suaimhneas agus misneach uaidh. Tá daoine ar leith i gceist ag na cumadóirí le formhór na dtraiceanna, ach níl an traic deireanach, ‘Tempus’, tiomnaithe acu d’aon duine ar leith. Tá súil aici go mbeidh éisteoirí in ann a nasc féin leis an amhrán a aimsiú agus é a thiomnú do dhuine atá caillte acu.
Is cuid den saol é an brón, a deir Méav, agus faigheann sí féin faoiseamh sa gceol. Creideann sí gur féidir sólás agus dóchas a fháil ann, nuair a bhíonn an saol deacair.
“Tá áthas orm go bhfuil suaimhneas nó misneach le cloisteáil sa gceol cé gur ceol brónach atá i gceist. Ba mhaith liom go mbeadh faoiseamh ag baint leis do dhaoine. Tá a áilleacht féin ag baint leis an mbrón agus ba mhaith liom go dtiocfadh daoine ón albam seo agus tuiscint acu go bhfuil sé ceart go leor a bheith brónach ar feadh tamaillín.”
Fág freagra ar '‘Tá a áilleacht féin ag baint leis an mbrón’ – Méav Ní Mhaolchatha'