Aisling Ghéar
Everyman Theatre, Corcaigh
Cuireadh tús den scoth le camchuairt náisiúnta Pygmalion 26 ag an gcompántas amharclannaíochta Aisling Ghéar san Everyman i gCorcaigh an tseachtain seo.
Athghabháil teanga fhuinniúil atá san oiriúnú Gaeilge seo ar Pygmalion le George Bernard Shaw.
I mBéal Feirste timpeall Oireachtas na Samhna 2026 atáimid do Pygmalion 26.
Spreagann scéal Éilis agus Higgins, agus an tuiscint atá ag an mbeirt acu ar an nGaeilge, ceisteanna tábhachtachta faoi thodhchaí na teanga.
Cuirtear cló nua-aimseartha ar scéal Shaw sa dráma seo, ina mbaintear úsáid as dearcthaí difriúla i leith na Gaelainne chun iniúchadh a dhéanamh ar chaomhnú agus ar chothú na teanga. Cosúil leis an mbundráma, is téama lárnach an t-aicmeachas sóisialta i Pygmalion 26.
Tugann Seán T. Ó Meallaigh taispeántas iontach i ról Higgins, an príomhcharachtar righin a bhfuil spéis mhór aige i gcúrsaí foghraíochta agus canúna, agus a bhfuil dearcadh ar leith aige maidir le caomhnú na teanga. Tagann dearcadh traidisiúnta Higgins agus dearcadh na gcailíní óga, Éilis agus Freddy, salach ar a chéile le linn an dráma, ina múintear ceacht tábhachtach maidir le sealbhú na teanga don lucht féachana.
Cé leis an Ghaelainn? Bunchloch an leagain seo de dhráma Shaw an cheist sin. Sa dráma seo bíonn Higgins ag iarraidh Éilis a mhealladh ó chathair Bhéal Feirste chun í a mhúnlú ina cailín deas Gaeltachta.
Ar aon dul le hEliza sa bhunleagan, is siombail don éagsúlacht agus don nua-aimsearthacht í Éilis i Pygmalion 26. Téann sí ar thuras pearsanta teanga sa dráma seo, ina n-aithníonn sí an tslí a gcuireann teanga, blas agus cultúr le féiniúlacht an duine. Baintear leas go cumasach as an ngreann ó thús go deireadh, agus tuigfidh Gaeilgeoirí óga turas Éilise.
Rachaidh an dráma seo i bhfeidhm go mór ar fhoghlaimeoirí na teanga agus ar chainteoirí dúchasacha araon.
Cabhraíonn Jack Walsh mar Pickering, agus Nóni Stapleton mar Mrs Pearce, le tuiscint ar an nGaeilge mar theanga nua-aimseartha a chur chun cinn. Cuireann na carachtair seo in iúl dúinn an tslí inar féidir le daoine a bhfuil meon nó dearcadh éagsúil acu ar an teanga oibriú le chéile chun í a chaomhnú. Léirítear go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath ar mheas a léiriú ar an oidhreacht agus an traidisiún agus ar an gcuimsiú, an éagsúlacht agus an nua-aimsearthacht.
Fíonn obair an dearthóra seit, Louise Dunne agus obair an dearthóra cultacha, Gillian Lennox, le chéile chun beocht a chur sa scéal seo. Tugann an seit simplí cruthaitheach saoirse don lucht féachana díriú ar an scéal agus ar an machnamh.
Gan dabht, tá obair thar a bheith fiúntach déanta ag Bríd Ní Ghallchóir agus Nuala Ní Néill leis an léargas cumhachtach seo ar chúrsaí Gaeilge sa lá inniu a thabhairt dúinn. Iniúchadh iontach cumhachtach machnamhach é seo ar ré nua-aimseartha na Gaeilge agus b’iontach a leithéid a fheiceáil ar stáitse i lár na cathrach.
Is fearr a thuigfidh an lucht féachana ina dhiaidh tábhacht stair na teanga agus na Gaeltachta agus, ag an am céanna, a thábhachtaí is atá sé chomh maith an tsaoirse a thabhairt don Ghaeilge fás agus forbairt leis an saol.
Tá Pygmalion 26 ar camchuairt anois.
Fág freagra ar 'Aghaidh tugtha ar cheist chasta na Gaeilge i leagan nua de Pygmalion'