CULTÚR: SNOD 26, Gearrscéalta RTÉ, Léacht Uí Chadhain, ‘Curlew’s Song’ Clare Sands, ‘Lá Buí Bealtaine’, Trá Pháidín sa Taibhdhearc

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: SNOD 26, Gearrscéalta RTÉ, Léacht Uí Chadhain, ‘Curlew’s Song’ Clare Sands, ‘Lá Buí Bealtaine’, Trá Pháidín sa Taibhdhearc

COMHDHÁIL

Siompóisiam i gcuimhne ar Phádraig Ó Snodaigh

Beidh, SNOD26, siompóisiam náisiúnta i gcuimhne ar Phádraig Ó Snodaigh ar bun i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Belfield, Dé Sathairn an 10 Deireadh Fómhair. Cuirfear an siompóisiam ar bun ón 1-9pm agus beidh cainteanna ar shaol agus ar shaothar Uí Shnodaigh mar chuid de chlár an lae.

Bhí Pádraig Ó Snodaigh, a bhásaigh mí Eanáir 2025, ar dhuine de phearsana móra shaol na Gaeilge agus shaol chultúrtha na hÉireann, mar bhunaitheoir an tí foilsitheoireachta Coiscéim, mar údar, mar fhile agus mar ghníomhaí teanga.

Bhunaigh sé an teach foilsitheoireachta Coiscéim sa mbliain 1980 agus beidh filí agus scríbhneoirí ar foilsíodh saothar leo le Coiscéim páirteach sa siompóisiam agus iad ag aithris óna saothar. I measc na scríbhneoirí agus bhfilí a léifidh óna saothar beidh Séamus Mac Annaidh, Ceaití Ní Bheildiúin, Mícheál Ó hUanacháin, Colm Breathnach, Áine Ní Ghlinn agus Mícheál Ó Ruairc.

Áirithintí anseo.

LITRÍOCHT

Léamh Ficsin le Laureate Liteartha na hÉireann

Beidh ócáid litríochta le Éilís Ní Dhuibhne, Laureate Liteartha na hÉireann, ar siúl ag Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht Dé Luain an 19 Deireadh Fómhair. Beidh Alan Titley agus Fionntán de Brún ag léamh as a saothar agus ag comhrá le Ní Dhuibhne faoi litríocht chomhaimseartha na Gaeilge agus faoin bpróiseas cruthaitheach.

Mar chuid den tráthnóna, seolfaidh Laoighseach Ní Choistealbha an t-úrscéal nua Faraor Géar nár Cailleadh mé le Micheál Ó Conghaile. Beidh léamha, plé agus taispeántas leabhar mar chuid den ócáid, a bheidh ar siúl i Seomra AHC.PG01, Campas na Naomh Uile, DCU, ó 6-7.30pm.

Níl aon táille ar an ócáid ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.

 

Gearrscéal Gaeilge ar ghearrliosta chomórtas RTÉ

Tá gearrscéal Gaeilge le Rónán Mac Con Iomaire, ‘Na Rúisigh’, ar an ngearrliosta i gcomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ agus iad ag ceiliúradh dhá scór bliain ar an bhfód.

Deich ngearrscéal atá ar an ngearrliosta i gComórtas Gearrscéalaíochta RTÉ 2026, comórtas a bunaíodh in ómós do Francis MacManus. Beagnach 2,500 iontráil a cuireadh isteach faoi bhráid na moltóirí i mbliana, Aingeala Flannery, Tristan Rosenstock agus Jan Carson a bhí ar an bpainéal moltóireachta.

Beidh gach scéal ar an ngearrliosta á bhfoilsiú ar rte.ie/culture ar an Satharn an 17 Deireadh Fómhair agus craolfar iad (agus iad á léamh amach ag aisteoirí) ar a gclár Late Date le Cathal Murray agus Ray Cuddihy i gcaitheamh na coicíse ina dhiaidh sin, ag tosú ar an Luan 19 Deireadh Fómhair.

Fógrófar buaiteoir na bliana seo ag ócáid speisialta den chlár Arena ar RTÉ Radio 1 a bheidh á thaifeadadh in Éigse Éireann ar Shráid Pharnell, i mBaile Átha Cliath ar an Aoine an 30 Deireadh Fómhair.

Cloisfear sleachta á léamh ag na húdair as na gearrscéalta agus beidh comhrá acu leis an láithreoir faoin saothar mar chuid den chlár.

Tuilleadh eolais anseo.

CAINT

Léacht Uí Chadhain 2026 á tabhairt ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Beidh Léacht Uí Chadhain 2026 á heagrú ag Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, ar an Luan an 12 Deireadh Fómhair ag 7pm i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), Faiche Stiabhna, BÁC 2.

Tabharfaidh an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh caint dar teideal, ‘Lig dom an bhroinn ama fúm a fheá: an portach i nualitríocht na Gaeilge’.
As Ciarraí ó dhúchas, tá a cuid filíochta léite ag Ní Ghearbhuigh i bPáras, i Nua-Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín. Bhuaigh a dán ‘Deireadh na Feide’ Corn Uí Néill in 2012 agus roghnaíodh ‘Filleadh ar an gCathair’ mar Dhán d’Uachtaránacht an Aontais Eorpaigh in 2013. D’fhoilsigh Éabhlóid an cnuasach dánta is deireanaí léi, Tonn Teaspaigh agus Dánta Eile, sa mbliain 2022.

Tuilleadh eolais agus áirithintí anseo.

AMHARCLANNAÍOCHT

An Taibhdhearc ar camchuairt chuig meánscoileanna i Maigh Eo

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, beidh An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ag dul ar camchuairt ar mheánscoileanna i Maigh Eo le Lá Buí Bealtaine le Máiréad Ní Ghráda. Tá an dráma ar shiollabas an Teastais Shóisearaigh Gaeilge T1.

Is seó é seo atá deartha don seomra ranga agus a chuirfear ar fáil i rith an lae mar áis agus mar thacaíocht do mhúinteoirí Gaeilge agus do na scoláirí atá ag déanamh staidéar ar an téacs. An phríomhaidhm atá luaite leis an togra seo ná draíocht na hamharclainne a roinnt leis na daltaí ina rang féin le rannpháirtíocht uathu féin, le cliar agus le stiúrthóir proifisiúnta.

Is é Séamus Hughes stiúrthóir an léirithe agus tá Áine Kilgallon (Celtic Exodus) agus Caoimhghín Ó hEodhasa (Ros na Rún) sa gcliar.

Tuilleadh eolais anseo.

CEOL

‘Curlew’s Song’ le Clare Sands

D’eisigh Clare Sands an tríú singil an tseachtain seo, ‘Curlew Song’ óna halbam nua, They Tried to Bury Us. Beidh an t-albam á eisiúint aici ar an 9 Deireadh Fómhair. Scríofa i nGaoth Dobhair, agus á chasadh aici in éineacht le Ríoghnach Connolly, tarraingíonn an t-amhrán ar an laghdú ar líon na gcrotach ar fud na hÉireann. Pléann sí freisin le téamaí a bhaineann leis an nádúr, an athnuachan agus nascanna cultúrtha.

Beidh Sands ar camchuairt leis an albam ar fud na hÉireann ag tosú i mí Dheireadh Fómhair agus í ag casadh i nDoire, Béal Feirste, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Baile Bhuirne, chomh maith le háiteanna eile.

Ticéid agus eolas anseo.

 

Trá Pháidín sa Taibhdhearc

Beidh an bhuíon cheoil Trá Pháidín ar stáitse na Taibhdheirce an deireadh seachtaine seo, le tacaíocht ó Niamh O’Brien, agus iad ag seoladh a n-albaim nua Cloch ‘s Claí i gcathair na Gaillimhe. Tugann an bhuíon cheoil le chéile an ceol traidisiúnta, an snagcheol, iar-rac agus krautrock le fuaim nua dá gcuid féin a chruthú.

Is é Cloch ‘s Claí an ceathrú halbam ón gcomharghrúpa ceoil a tháinig le chéile in 2019. Tá ceoltóirí as Conamara Theas, cathair Chorcaí, Ciarraí, Uíbh Fhailí, Sligeach agus Port Láirge gníomhach ann, ina measc na ceoltóirí, Conal Ó hAinmhuighe, Ultan Ó Labhradha, Peadar-Tom Mercier, Micheál Fitzgerald, Pól Ó Lionáird agus Ruairí de Búrca.

Ticéid agus tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: SNOD 26, Gearrscéalta RTÉ, Léacht Uí Chadhain, ‘Curlew’s Song’ Clare Sands, ‘Lá Buí Bealtaine’, Trá Pháidín sa Taibhdhearc'