Tá an colún seo ag teacht chugat ón traein go Beirlín.
Turas naoi n-uaire an chloig agus rug mé liom an t-aon leabhar le húdar ón nGearmáin atá ar mo chuid seilfeanna agam, aistriúchán go hÍsiltíris de Die neuen Leiden des jungen W. le Ulrich Plenzdorf (1934 – 2007), atá ar fáil i mBéarla mar The New Sorrows of Young W.
Leabhar tanaí, ach a leithéid d’úrscéal.
Macallaí ann den mhórshaothar sin ag Goethe a dtagraíonn an teideal dó – Die Leiden des jungen Werthers –, ach de The Catcher in the Rye Salinger freisin, agus, creid é nó ná creid, de Cré na Cille, cé nach dócha go raibh fáil air sa bhliain 1972, nuair a bhí Plenzdorf i mbun pinn, ar aistriúchán Gearmáinise de mhórshaothar an Chadhnaigh – gan trácht ar fháil a bheith ar a leithéid in Oirthear na Gearmáine, mar a bhí cónaí ar Plenzdorf.
Is é an chaoi go labhraíonn príomhcharachtar Die neuen Leiden des jungen W., fear sna déaga déanacha darb ainm Edgar Wibeau, linn ón uaigh.
Ach ní hionann agus in Cré na Cille, tá na carachtair eile beo beathach agus bíonn taibhse Wibeau ar foluain os a gcionn nó ina sheasamh, dofheicthe, in aice leo, tráchtaireacht shearbh á déanamh aige ar chomhráite na mbeo, agus a chuid féin den scéal á hinsint aige. Is iad na beo sin a mháthair, a athair, dlúthchara, comrádaithe oibre agus – seo plota an scéil – lánúin nuaphósta a raibh triantán grá ag Wibeau leo.
Bhain an leabhar stádas cultais amach sa Ghearmáin – Thoir agus Thiar – tráth a fhoilsithe agus breathnaítear air go forleathan mar bhuaicphointe litríocht iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, sin í an chuid den tír a bhíodh faoin gcumannachas le linn an Chogaidh Fhuair.
Bhí conspóid nach beag faoin leabhar tráth a fhoilsithe agus thuigfeá cén fáth agus údaráis de chuile chineál – tuismitheoirí, fostóirí, stát – á gcáineadh go géar ann.
Cáintear go géar an cumannachas féin ann freisin, ach rinne Plenzdorf é ar bhealach chomh cliste sin nach bhféadfá, mar chinsire, aon rud a rá faoi.
Breathnaigh ar an sliocht seo, ina bhfuil fear inste an scéil, Edgar, ag magadh faoi bhailiúchán leabhair Dieter, an fear lena bhfuil Charlie, an bhean a bhfuil Edgar i ngrá léi, geallta. Is é an chaoi go bhfuil na leabhair ordaithe de réir a méid ar na seilfeanna ag Dieter.
‘Gan dabht bhí na leabhair chlúiteacha sin uilig go léir aige. Marx, Engels, Lenin agus a leithéidí, iad uilig in aice lena chéile. Ní raibh rud ar bith agamsa i gcoinne Lenin agus an cineál sin daoine. Ní raibh rud ar bith agam i gcoinne an chumannachais ach oiread, deireadh a chur le dúshaothrú a dhéanamh ar chuile dhuine agus an cineál sin ruda. Ní raibh mé ina choinne sin. Ach chuile shórt eile. Leabhair a ordú de réir a méid mar shampla.’
Déanann an abairtín beag bídeach sin ‘Ach chuile shórt eile’ sárjab. An dtagraíonn sé don abairt a thagann ina dhiaidh (leabhair a ordú de réir a méid) nó don abairt a thagann roimhe, agus an amhlaidh gur cáineadh ar ‘chuile shórt eile a bhaineann leis an gcumannachas’ atá i gceist? An slad agus an marú a rinneadh ar na milliúin agus na srianta dochta ar shaoirse an duine?
Bhí stádas cultais ag Die neuen Leiden des jungen W. sa Ghearmáin agus bhí sa mheánscoil s’againne sa tírín béal dorais chomh maith. Bhí slám leabhar le léamh againn don rang Gearmáinise ach bhíodh sé á rá linn ag daltaí na mblianta romhainn gurbh é úrscéal Plenzdorf an t-aon cheann amháin arbh fhiú é a léamh. Bhaineadh muid amach an leagan Gearmáinise ó leabharlann na scoile ach ní chuireadh éinne cosc orainn aistriúchán a cheannach muid féin i siopa leabhar.
Níl a fhios agamsa an dom féin amháin a tharlaíonn sé seo, ach dar liom go mbíonn déagóirí ró-óg chun leabhair faoi dhéagóirí a léamh. Dála The Catcher in the Rye, a bhí ar liosta léitheoireachta an rang Béarla gan dabht, ní raibh mé in ann aon adhmad a bhaint as Die neuen Leiden des jungen W. ag an am. Is é an chaoi go dtagann daoine in inmhe ag aoiseanna éagsúla, agus is dócha go raibh Holden Caulfield agus Edgar Wibeau go maith chun cinn ar Alex Hijmans.
Ach caithfidh sé gur bhain mé sult éigin as úrscéal Plenzdorf an uair sin, breis agus tríocha bliain ó shin, mar mhair sé trí chuile aistriú tí agus tíre dá ndearna mé ó shin, agus chríochnaigh mé an leabhar d’aon iarraidh amháin nuair a d’athléigh mé inniu ar an traein é. Ní iontas ó ré atá caite le fada an lá atá in Die neuen Leiden des jungen W. ach úrscéal faoin óige atá chomh cumhachtach agus chomh greannmhar céanna agus a bhí nuair a foilsíodh é.
Fág freagra ar 'Tá buaicphointe litríocht na Gearmáine Thoir chomh chumhachtach (agus chomh greannmhar) agus a bhí riamh'