Martin in ardghiúmar roimh theacht Trump ach an mairfidh an suaimhneas?

Tá an smaoineamh agus an machnamh déanta agus na ceisteanna ar mhaith leis na páirtithe díriú orthu roghnaithe

Martin in ardghiúmar roimh theacht Trump ach an mairfidh an suaimhneas?

Tá nath cainte “níl tada bainte as an lá amárach” a úsáideann roinnt inár measc nuair a bhíonn ceist le cur ar an méar fhada nó ó dhoras go ceann tamaill. Má tá a leithéid sa mBéarla, is cinnte go raibh sé ar theanga go leor de bhaill Fhianna Fáil an tseachtain seo agus iad ag cruinniú do sheisiún smaointeoireachta an fhómhair.

Roghnaigh an páirtí is mó sa rialtas agus san Oireachtas tús na seachtaine seo le tabhairt faoina gcuid machnaimh, rud a fhágann an Taoiseach saor le fáilte a chur roimh Donald Trump inniu. Bhí Micheál Martin in ardghiúmar in aon agallamh a rinne sé sa Tulach Mhór agus ba ghearr le fear é nach raibh imní faoin spéir air. Agus cén fáth a mbeadh? Tá sé ina uachtarán ar chomhairle airí an Aontais Eorpaigh as seo go deireadh na bliana, tá an fear is cumhachtaí ar domhan ag teacht ar cuairt inniu, tá cúpla punt sa sparán le roinnt ar Lá na Cáinaisnéise agus thar aon ní eile ní raibh siolla faoina ré mar cheannaire a bheith ag teacht chun críche ag an gcruinniú.

Ní hamhlaidh do Shinn Féin, an páirtí is mó sa bhfreasúra a tháinig le chéile i mBaile Átha Cliath i lár na seachtaine. Tá leabhar nua foilsithe a dhéanann cáineadh ar chur chuige an pháirtí agus tá tráchtairí polaitiúla den tuairim go dteastaíonn a leithéid freisin má tá siad le dul chun cinn a dhéanamh. Sin beag beann ar na pobalbhreitheanna a léiríonn go bhfuil siad ar an bpáirtí is mó a bhfuil tacaíocht aige i measc an phobail. Bíodh nó ná bíodh, tá an tseandeacracht chéanna acu a bhíonn acu i gcónaí dá mbeadh toghchán ar siúl – cá bhfaighidh siad leathbhádóirí rialtais?

Anois ag deireadh na seachtaine, tá Fine Gael tagtha le chéile i Loch Garman. Tá cúpla ábhar a bhfuil siad ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Fhianna Fáil ina dtaobh, cé go bhfuil an dá pháirtí ag réiteach le chéile ag bord an rialtais. Teastaíonn uathu go mbeadh an buíochas orthu as aon chiorrú cánach agus íocaíochtaí breise a dhéanfar sa gcáinaisnéis an mhí seo chugainn. Tá an páirtí ag cur a ladar sa bplé faoi reifreann ar Éirinn Aontaithe freisin agus cuirfidh siad cáipéis os comhair a nArd-Fheise i mí na Samhna.

Tá an smaoineamh agus an machnamh déanta agus na ceisteanna ar mhaith leis na páirtithe díriú orthu roghnaithe. Breathnaíonn sé go bhfuil na páirtithe ar a gcompord agus go háirithe an Taoiseach. Beidh le feiceáil an mairfidh an suaimhneas sin nuair a fhilleann an Dáil an tseachtain seo chugainn nó an bhfuil an aicme pholaitiúil ag caomhnú a gcuid fuinnimh le tabhairt faoina chéile go fíochmhar nuair a bheidh Trump imithe abhaile agus dúshláin curtha ó dhoras sna míonna seo romhainn.

Fág freagra ar 'Martin in ardghiúmar roimh theacht Trump ach an mairfidh an suaimhneas?'