Fear fiosrach a bhí ann. Bhí mé ag comhrá leis taobh amuigh de shiopa i gConamara nuair a tharraing carr isteach ar an taobh eile den bhóthar. Bhain sé lán a shúl as an mbeirt a tháinig amach aisti. Sách crupach a bhíodar, ar nós fir a raibh an t-allas súite astu ag an saol agus ag an anró.
“Ní aithním na fir sin pébí cé hiad féin,” arsa mo chara. “Meas tú ó Dhia anuas cé as a dtáinig siad?” Shílfeá go raibh olc aige dó féin de bharr a aineolaí agus a bhí sé, dar leis féin. Ní rabhadar leath bealaigh trasna an bhóthair nó gur bheannaigh sé dóibh.
“Bail ó Dhia oraibh, feictear dom nach n-aithním sibh. Cárb as sibh?”
Cén tábhacht a bhí leis seo agus cén chuid dá ghnó a bhí ann ar aon nós! Ach, ar an gcéad iarraidh, bhí leas déanta don fhear fiosrach mar go raibh sé de cháil aige air féin go raibh aithne aige ar chuile dhuine i bhfoisceacht scór míle dó. Bhí tús maith déanta aige. Bhí a fhios aige anois cárbh as iad. Is gearr a bheadh sé anois nó go mbeadh tuairisc aige ar a ngaolta. ‘Bleachtaire’ tuaithe.
Cárb as thú? Ceist shimplí, nó an ea?
Bhí Marty Walsh iarMhéara ar Bhoston agus iar-Rúnaí Saothair i Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá in Ionad na nImirceach agus Diaspóra na Gaeltachta i gCarna i gConamara an lá cheana. Sé anois an Stiúrthóir ar Chumann Imreoirí Haca na Stát Aontaithe agus Cheanada, post mór a bhfuil pá láidir leis. Rugadh agus tógadh Marty in Dorchester i mBoston. B’imirceoirí as Ros Muc agus Carna a thuismitheoirí.
Cárb as é Marty?
“Whenever I am asked that question,” ar sé “wherever it might be, the answer is simple: I am from Connamara.”Bhain sé stangadh as gach a raibh ag an ócáid. Ach le teann bróid a bhuail an tost iad. As comhrá faoin imirce a tháinig an ráiteas ó Mharty.
Trácht a bhí ann ar na daoine a éalaíonn isteach go Meiriceá gan stádas dleathach. Rinneadh cathair thearmainn do Bhoston – ní raibh ceist ná caidéis le cur ort faoi cárbh as thú. Rinne Donald Trump caitheamh anuas ar na ‘Sanctuary Cities’. Thug Marty Walsh cúpla sonc dó. Thug sé isteach an Trust Act sa gcathair. Ní raibh sé ceaptha go mbeadh imní ar aon nduine, is cuma cén cosán a thug é go Boston, nó cén áit arbh as é, dá dteastódh faoiseamh agus foscadh uaidh.
Tá malairt poist ag Marty anois, ach labhraíonn sé chomh díreach céanna faoi chás na n-imirceoirí. Go deimhin, cuireann sé iontas air, a deir sé, go bhfuil roinnt Éireannach ag spochadh agus ag caitheamh anuas ar imircigh. “Pébí áit arb as dóibh, ba cheart fáilte a bheith rompu, ach gur eisceacht iad coirpigh,” a deir sé.
Ní thuigeann sé an chúis go mbeadh dearcadh diúltach ag cuid ar bith de mhianach na hÉireann ar imirceoirí. “D’imigh muid ar fud an domhain agus cosán corrach a bhí ann.”
Ach, a deir sé, tá ceisteanna praiticiúla ann chomh maith le ceisteanna daonnachta agus carthanais.
Creideann Walsh nach bhfuil dóthain airde againn ar an athrú saoil. “Beidh,” a deir sé “daoine as áiteacha na mílte míle ó bhaile ag teacht go tíortha an iarthair agus teastóidh siad go géar. Tá Meiriceá ar cheann de na tíortha sin le fada; tá Éire ar cheann acu anois.”
Cé as na daoine nua seo?
As tíortha i bhfad i gcéin, a deir iarMhéara Bhoston. “Tá a lorg feicthe agam ar an turas seo go hÉirinn; daoine as na tíortha amach bainteach le cuimse cineálacha oibre, i mBaile Átha Cliath, is i gConamara. Is dual dúinn fáilte a chur rompu; is dual dúinn breathnú amach dóibh.
“Ach ní fhágann sin nach dtuigeann muid cé muid féin agus an oidhreacht agus an cúlra a bhaineann linn.”
Saothróidh an ‘bleachtaire tuaithe’ é agus eolas a choinneáil ar chuile dhuine amach anseo. Beidh daoine eile ann a rugadh i bhfad ón lúibín scór míle, dath eile ar a gcraiceann agus tuin eile ar a gcuid cainte. Ach is as áit éicint iadsan freisin.
Fág freagra ar 'Cé as thú? Ceist bheag agus ceist mhór…'