Gníomhaíocht 1 – Réamheolas
- Ar ball beidh tú ag éisteacht le mír faoi dhaltaí scoile agus an Ghaeltacht.
- Cad a bheidh ann, dar leat?
- Seo cuid den teideal: An Roinn Oideachais….beirt daltaí….na Gaeltachta

Gníomhaíocht 2 – An Chéad Éisteacht

- Éist leis an mír ina hiomláine uair amháin.
- Déan iarracht príomhphointe an téacs a roinnt le do pháirtí ó bhéal.
Gníomhaíocht 3 – An Dara agus Tríú hÉisteacht

- Cé a d’fhógair go mbeadh daltaí á gcur chun na Gaeltachta?
- Cé mhéad dalta ó gach iarbhunscoil a bheidh páirteach sa chlár?
- Cén fáth a luaitear an figiúr €1m?
- Meas tú cad atá i gceist leis an bhfrása “eispéireas tumtha teanga sa Ghaeltacht?”
- Cad iad na scileanna a fhorbróidh na daltaí le linn a dtréimhse sa Ghaeltacht?
- Cén fáth a luaitear Coláistí Samhraidh?
- Seo an líne dheireanach. An bhfuil tú in ann é scríobh amach san ord ceart?
sa scoilbhliain 2027/28.
trátha ach tá súil go gcuirfear
Dúradh go bhfuil sonraí an
tionscnaimh fós á bhforbairt agus
go roinnfear tuilleadh eolais in am
tús le cur i bhfeidhm an chláir
Gníomhaíocht 4 – Deachtú
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éistigí leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 5 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gcéad líne arís. Aimsigh aidiacht bhriathartha agus ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 6 – Cur in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- an buiséad is mó riamh atá faighte ag an Roinn.
- Ba é an €1 milliún do Chlár Laochra Teanga na Gaeltachta an t-aon bheartas nua a raibh
- an Ghaeilge luaite go sonrach leis. Tá €21 milliún de mhaoiniú breise
- le cur i dtreo forbairt curaclaim agus oiliúint múinteoirí mar chuid d’athfhorbairt
- na sraithe sinsearaí, curaclam na bunscoile agus oideachas
- Dúirt an tAire Oideachais Hildegarde
- Naughton chomh maith go gcuirfí tacaíocht ar fáil do scoileanna atá ag iarraidh dul i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge.
- Fógraíodh go mbeidh buiséad €14.4 billiún
- ag an Roinn Oideachais agus Óige in 2027,
Gníomhaíocht 7 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan iomlán den scéal.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíocht 6.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: An Roinn Oideachais le beirt daltaí ó gach iarbhunscoil sa tír a chur chun na Gaeltachta'