Fainic curtha ag coimisinéirí teanga faoi úsáid na hintleachta saorga le seirbhísí i mionteangacha a chur ar fáil

Dúirt Carl Boucher, coimisinéir teanga Ontario, nár cheart an AI a úsáid le seirbhís a chur ar fáil i mionteanga má tá seirbhís dhaonna ar fáil sa mhórtheanga

Fainic curtha ag coimisinéirí teanga faoi úsáid na hintleachta saorga le seirbhísí i mionteangacha a chur ar fáil

Dr John Walsh, Carl Bouchard, Séamas ó Concheanainn agus Tomás Ó Siocháin

Tá cáineadh déanta ag coimisinéirí teanga i gCeanada ar an smaoineamh go bhféadfaí an Intleacht Shaorga a úsáid le seirbhísí a chur ar fáil i mionteangacha.

Dúirt Carl Bouchard, Coimisinéir Seirbhísí Teanga Fraincise Ontario nár cheart go mbeadh difríochtaí idir an cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil do chainteoirí mórtheanga agus an cineál seirbhíse a chuirtear ar fáil do chainteoirí mionteanga, agus go bhfágann sé sin nár cheart seirbhísí AI a úsáid le freastal ar an bpobal mionteanga nuair nach bhfuiltear á dhéanamh sin i gcás na mórtheanga.

“Tá go leor bealaí ann [le seirbhísí a chur ar fáil], ach sa deireadh caithfimid an cheist a chur ‘an dtairgfeá an tseirbhís chéanna sin sa mhodh céanna sin don mhóramh. Más é an chaoi go bhfuil tú á húsáid le freastal ar rud nár mhaith leat aghaidh a thabhairt air, sin an uair nach féidir glacadh leis,” a dúirt sé leis an lucht éisteachta ag Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga.

Dúirt Bouchard go gcaithfear creidiúint i gcoincheap na gceart teanga agus forbairtí nua dála na hintleachta saorga ag teacht chun cinn. Ní dúirt an coimisinéir as an Ontario go mbeadh sé in aghaidh na hintleachta saorga le seirbhísí a chur ar fáil i mionteanga ach thug sé le fios go láidir nár cheart é sin a dhéanamh má tá teacht ag cainteoirí na mórtheanga ar sheirbhís ó dhuine.

Tháinig a chomhghleacaí as Ceanadac, Kelly Burke, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla, leis an méid a dúirt Boucher agus mhaígh go gcaithfeadh duine daonna a bheith ann le súil a choinneáil ar aon chóras a bheadh ag cur seirbhísí ar fáil i mionteangacha.

“Tá an intleacht saorga bunaithe ar an mBéarla. An seirbhís chomhionainn í má bhunaítear an tseirbhís [sa mhionteanga] air sin? Níl aon ghlacadh againne leis sin. Chaithfeadh duine daonna a bheith sa chóras, go cinnte.

“Cuirimid fáilte mhór roimh chuid de na buntáistí móra atá AI a sholáthar. Glacaimid léi ach ní ghlacfaidh más ar aimhleas an duine atá sí. Caithfear í a sheiceáil agus a chinntiú go bhfuil tuiscint chultúrtha inti agus go seachnaítear réamhchlaontaí inti,” a dúirt Burke leis an slua a bhí cruinnithe in Áras ILAS in Ollscoil na Gaillimhe don chomhdháil.

Mhaígh sí go raibh sé soiléir cheana féin go raibh claonadh ar son an Bhéarla agus cultúr an Bhéarla san intleacht shaorga agus go gcaithfí teacht roimhe sin.

“Tá réamhchlaontaí ann. Iarradh [ar an intleacht shaorga] liosta de na húdair is fearr i gCeanada a chur le chéile agus ní raibh ach údair Bhéarla ar an liosta a gineadh. Níor ghin an córas ach údair Bhéarla nuair atá slua mór údar agus ealaíontóirí Fraincise ann i gCeanada. Tá réamhchlaontaí sa chóras mar gheall gur i dtír eile a ceapadh an córas [na Stáit Aontaithe],” a dúirt Burke.

Dúirt sí go raibh a hoifig “ar son” gníomhaíochta in earnáil na hintleachta saorga agus go bhfuil sé “riachtanach” go ndéanfaí a leithéid mar gheall go bhfuil an teicneolaíocht á forbairt ag “luas lasrach” ach go bhfuil sé ráite aici le Rialtas Cheanada go gcaithfí aon fhorbairt san AI Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur san áireamh i gCeanada.

Dúirt an tOllamh Julia Sallabank ó Gheansaí in Oileáin Mhuir nIocht, a bhí sa lucht éisteachta, go raibh seirbhísí ó dhuine daonna a bhí ag teastáil agus gur minic a bhíonn na botaí comhrá AI a bhíonn in úsáid i mBéarla, fiú, gan mhaith.

Tá Údarás na Gaeltachta den tuairim gur gá an intleacht shaorga a úsáid leis an nGaeilge “a athbheochan ar fud na seirbhísí poiblí”. Dúradh in IS na Gaeilge: Tuarascáil ar Anailís Bearnaí agus ar Léargas ó Pháirtithe Leasmhara, cáipéis a d’fhoilsigh an tÚdarás níos luaithe i mbliana, gur gá úsáid a bhaint as an intleacht shaorga “chun tacú leis an nGaeilge agus chun an Ghaeilge a athbheochan ar fud na seirbhísí poiblí”.

Moltar ann go gcruthófaí “bota comhrá do sheirbhísí poiblí” chun fiosrúcháin ón bpobal “a láimhseáil i nGaeilge ar an bhfón agus ar chainéil eile”. Maíonn an tÚdarás go gcuirfeadh sé sin “go mór le raon na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge”.

Maítear sa cháipéis freisin gur féidir leis an intleacht shaorga “tacú” le cuspóirí beartais náisiúnta, cosúil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Fainic curtha ag coimisinéirí teanga faoi úsáid na hintleachta saorga le seirbhísí i mionteangacha a chur ar fáil'