Tá Pádraig de Búrca, bunaitheoir an chomhlachta GaelTeic, ceaptha ina oifigeach Gaeilge le Pobal Éireann Wikimedia agus é ag teacht i gcomharbacht ar Amy Uí Riordáin atá anois ina bainisteoir pobail san eagraíocht.
Tá post an oifigigh Gaeilge ann i bPobal Éireann Wikimedia ó bhí an bhliain 2023 ann agus maoiniú á chur ar fáil ag Fondúireacht Wikimedia don ról. Is é an príomhchúram a bheidh ar de Búrca úsáid agus forbairt na Gaeilge a chur chun cinn ar fud thionscadail Wikimedia – a bhfuil an leagan Gaeilge den chiclipéid ar líne Wikipedia (an Vicipéid) ina measc. Ar na tionscadail eile atá faoi scáth Wikimedia tá leithéidí Wiktionary, Wikiquote, Wikibooks, agus Wikimedia Commons.
Beidh trí “thionscnamh phraiticiúla” amach roimh de Búrca ina chéad bhliain sa ról nua: ceardlanna do dhaltaí scoile agus clubanna óige; ábhar as Gaeilge do Wikimedia Commons a iarraidh ar chartlanna agus ar leabharlanna; agus tacú le pobal eagarthóirí na Vicipéide.
Dúirt sé go mbeidh sé ag breathnú ar ról an oifigigh Gaeilge mar “dhroichead” idir an saol acadúil, pobal na Gaeilge, earnáil na n-ealaíon, agus “domhan Wikimedia idirnáisiúnta”.
“Tá áit lárnach ag an Vicipéid i saol comhaimseartha na Gaeilge, ach ní fheictear sin go minic. Tá obair mhór déanta ag pobal na Vicipéide le blianta fada anuas: breis is 64,000 alt scríofa ag oibrithe deonacha.
“Ba mhaith liom cur leis an obair sin, agus cuireadh a thabhairt do níos mó Gaeilgeoirí páirt a ghlacadh inti. Táim ag súil go mór le filleadh ar Oireachtas na Gaeilge i mo ról nua chun an Vicipéid a chur os comhair na nGael,” a dúirt de Búrca.
Bhí de Búrca ina chathaoirleach ar an eagraíocht Ógras agus ina chomhalta de Bhord na Gaeilge agus de Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Chaith sé tréimhse ina léachtóir teicneolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina bhainisteoir teicneolaíochta le PwC freisin agus ina cheannaire ar chlár óige Erasmus sa Chróit.
Tá fáilte curtha ag réamhtheachtaí de Búrca, Amy Uí Ríordáin, roimh a comharba. Dúirt sí go bhfuil “saineolas teicneolaíochta” aige a chabhróidh forbairt na Vicipéide agus tionscadail Ghaeilge eile de chuid Phobal Éireann Wikimedia.
Beidh Pádraig de Búrca, Amy Uí Ríordáin, agus oibrithe deonacha de chuid an bhrainse Gaeilge de Wikimedia i láthair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag deireadh na míosa agus iad ag iarraidh obair na foirne Gaeilge a chur chun cinn ann.
Tá an Vicipéid ar an bhfód ó 2005. Tá leagan Gaeilge den chiclipéid áirithe i measc na leaganacha atá i dteangacha “íseal-acmhainní” agus atá “i mbaol an díothaithe dhigitigh”. Tá isteach is amach le 65,000 alt ar an leagan Gaeilge den chiclipéid agus tuairim is 80-100 duine i mbun eagarthóireachta ar an suíomh gach mí.
Réitigh lucht Wikipedia in Éirinn straitéis Gaeilge don chiclipéid anuraidh le húsáid agus forbairt na Gaeilge a bhrú chun cinn ar an suíomh. Tá an Ghaeilge taobh thiar den Bhreatnais agus den Bhascais, mar shampla, ó thaobh líon na n-alt.
Fág freagra ar 'Oifigeach Gaeilge nua ceaptha ag Vicipéid na hÉireann'