TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: ‘Idir buaileam sciath na cúise is brionglóid bheo na físe…’

100 bliain ó bhunú na Gaeltachta, caitear súil sa tsraith bheag seo ar chás na Gaeltachta. Mar chríoch leis an tsraith tá dánta nua againn le Cathal Ó Searcaigh…

TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: ‘Idir buaileam sciath na cúise is brionglóid bheo na físe…’

100 bliain ó bhunú na Gaeltachta, caitear súil sa tsraith bheag seo ar chás na Gaeltachta. Mar chríoch leis an tsraith tá ‘Dán an Fhálcarraigh’ le Cathal Ó Searcaigh.

    Dán an Fhálcarraigh

1

Tráthnóna corrthónach ar an Fhál Carrach,

tá mé ar strae san idir-ré éaganta seo

idir An Fulacht Fia agus Something Fishy;

ar fán sa tseamsán callánach, san iomarbhá

idir dhá theanga, m’aghaidh soir, m’aigne siar

ag tóraíocht slí idir ré na Féinne is an Chinese Takeaway.

 

Cuirim aoibh shochmaí orm féin is ar shiúl liom go cróga

ag tabhairt aghaidh chomhrá ar an todhchaí;

I mo dhuine mar chách, mar dhea, meallta ag sibhialtacht

sráide na gcroisbhealach, ag meascadh go breá

le pobal iltíreach, ilteangach, iltaobhach na háite,

ag beannú daofasan a bheannaíonn domh go lách;

 

An Meiriceánach mór dingthe ina chulaith reatha,

an déagóir hormónach lena dhúidín draíochta,

an taistealaí tráchtála lena sheanchas ollmhargaidh,

bean an chlub burger lena béadán gan bhlas,

na Frauanna as Frankfurt lena bpocadán buí

na Jehovah’s a shíl mé a shlánú lena gCré.

 

Casadh saoithín fir orm in Special Days. Arsa seisean,

straois mhagaidh air, ‘Are you still writing wee poems.’’

Arsa mise, ‘Aye, you have to do something to pass the time.’

Is maith an t-ábhar gáire mé ag lucht an Bhéarla

is iad ag fonóid fá gach ramhán dá ligim i ndán.

‘Irish,’ arsa seisean, ‘is out of step with the times.’

2

Seo mé suite ar shuíochán sráide le hArt na gCeoltaí,

anseo idir ‘The Blue Stack’ agus Bruach Dhún Réimhe,

ag éisteacht le héirim mhaorga a chuid cainte

agus é ag caoineadh Caisleán na Glasdromainne is éag na nGael.

Inniu, is trua liom, a Airt, go bhfuil an teangaidh úd

a d’uaisligh tú i do dhán ag cailleadh a glóir i mo dhánsa.

 

“I’d like to pin down your poem with logic,’’

arsa fear béalteann liom sa Bheairic

agus muid ag ól caife, a bharúil ag teacht lena chosúlacht.

“I prefer facts to feelings,’’ arsa seisean go neamhbhalbh.

B’fhéidir nach bhfuil brí i mo dhán; ríomh an bhaird

ná ris an fhísí ach dá ainneoin sin is uile, is géag mé den tseanbhile

 

agus cé nach cuimhneach liom go baileach

san idir-eatarthu cultúrtha seo idir Tasty Macs agus Máire Rua’s,

samhailt na haislinge a bhí agam do mo dhán, leanfaidh mé ar aghaidh

ag móradh na teanga is á suíomh go corrthónach

idir éirim na mBard is Éirinn seo mhic Lóbais,

idir buaileam sciath na cúise is brionglóid bheo na físe.

 

Na Seascaidí:

(An tAthrú Saoil i gCloich Cheann Fhaola)

 

D’fhág muid broid na hainnise inár ndiaidh,

an teallachán préataí is sráideog an chocháin

is chuir muid ár muinín i sócúil an tsaoil úir,

i ré shomheallta an tsoláthair is an tsómais.

Theastaigh an rud deoranta uainn seachas an rud dúchasach.

 

Chuir muid ‘Kitchen Cabinet‘ in áit an drisiúir

is ‘Cover Linoleum‘ ar leacacha an urláir.

Mar rogha ar aol geal an tseansaoil, dhathaigh muid

seomraí i ‘Duck Egg Blue‘ is i ‘Rose Pink‘ an ‘Distemper’.

Ní ar thine na gríosaí a rinne muid bruith ná bácáil

 

ach sa ‘Brand new Range’, Stanley dubh trombhríoch

na pribhléide. ‘At any Rate,’ d’uaisligh muid

an seomra leapa le ‘h-interior Grate‘ is le ‘Venetian Blinds’.

Is cha deachaigh muid amach chun an tobair níos mó

óir bhí uisce reatha ag teacht chugainn faoi shó.

 

Is mar bhuaic ar na hiontais fuair muid TV.

Is tháinig an saol is a mháthair chugainn gan stró.

Ní raibh toil againn d’airnéal is ‘Dr Finleys Casebook

agus ‘That was the Week that Was’, ár n-aoibhniú is ár mbuaireamh.

Is bhláthaigh an Béarla i mbéal ár gcuid páistí.

2

Seo muid anois, saoraicme gach áis is saoráide,

Pobal nua-aoiseach; siúlach, fiosrach, faiseanta,

ag lorg an tsochair do scóig, píobán agus stéig

i Vailiam is i Vitimíní, i Ióga is i Iógairt,

i dtreallanna taistil, i dteiripe sholais is i dteiripe ghnéis.

 

Seo muid anois, saoránaigh an ‘Take-away‘ is an bhrú fola,

lucht leanta ‘Soaps‘ is lucht cáinte an Stáit,

Críostaithe an Domhnaigh nach dtabharfadh tearmann do dhídeanaithe,

lucht an fhocail mhóir is an droch -chuir leis,

bleadracháin, bolgadáin, líodramáin is sciodramáin.

 

Seo muid anois, sómasach, soibealta, soicheallach,

lucht an bhabhta gailf is an ‘Facial’ scéimhe,

treibh an tsluadhearcaidh is an tréad-aigne

nach mian linn a dhath ach pléisiúir agus fadú saoil.

Is cé a déarfadh gur fearr an t-anró ná an só?

Fág freagra ar 'TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: ‘Idir buaileam sciath na cúise is brionglóid bheo na físe…’'