‘Cuid de na jócanna a bhí in An Béal Bocht, tá siad ann anois sa bhfíorshaol’ – Peadar-Tom Mercier, Trá Pháidín

Is é úrscéal aorach Myles na gCopaleen agus claíocha cloiche an inspioráid a bhí ag an mbanna Trá Pháidín don dara halbam acu

‘Cuid de na jócanna a bhí in An Béal Bocht, tá siad ann anois sa bhfíorshaol’ – Peadar-Tom Mercier, Trá Pháidín

Pictiúr: Sara Leslie

An ceol a tháinig ar dtús, a deir Peadar-Tom Mercier, duine den ochtar ceoltóirí atá sa mbanna Trá Pháidín, agus é ag caint ar an albam is deireanaí leo, ‘Cloch ‘s Claí’, a bheidh á sheoladh go hoifigiúil acu an mhí seo chugainn.

Seo é an ceathrú halbam ag an mbuíon cheoil fhuinniúil, chruthaitheach seo a ghnóthaigh ardmholadh as a albam, An 424, a d’eisigh siad in 2023. Téann an t-albam sin ar thuras ceolmhar samhalta ar bhus an 424 siar bóthar Chois Fharraige. Thóg siad inspioráid ó shaothar an léarscáilí agus scríbhneoir Tim Robinson do théamaí an albaim sin.

An uair seo, is é úrscéal aorach Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus claíocha cloiche an inspioráid a bhí acu.

“Leis an gceann seo, bhí an cur chuige leis an gceol bunaithe ar chlaí, an struchtúr, an leagan amach agus an chaoi a dtógtar é. Tá deich bpáirt ann agus chuile pháirt den tiúin nó den amhrán, bheadh ‘cloch’ le chuile cheann acu siúd, agus chuile uair a chasann muid é tá muid ag tógáil claí le chéile. Tá na píosaí scríofa sa chaoi is go bhfuil na ‘clocha’ in ann a bheith in ord difriúil chuile uair.”

Beidh fuaim éagsúil leis an albam nua ag gach ceolchoirm ar an gcamchuairt, bunaithe ar smaoineamh an chlaí á thógáil arís is arís eile ar bhealaí éagsúla, agus na clocha, nó na míreanna ceoil, céanna á n-úsáid chuile uair.

“Tá muid ag iarraidh dúshlán a thabhairt dúinn féin mar cheoltóirí freisin agus déanfaidh sé sin an camchuairt níos suimiúla agus feicfidh chuile lucht féachana rud éigin beagáinín difriúil.”

Tá baill an bhanna ina gcónaí ar fud na tíre agus ní hé an cúlra céanna atá acu ar fad, cé go bhfuil spéis acu ar fad sna cineálacha céanna ceoil.

“Cuid againn bhí muid ag an gcoláiste le chéile agus bhí an chuid eile againn thart i gCorcaigh ag an am a raibh muid sa gcoláiste ann. Casadh ar a chéile muid tríd an gceol, cúpla duine as an gcathair, Ciarraí, Port Láirge… Leis an méid sin daoine bíonn sé deacair chuile dhuine a fháil ag an am céanna, ach éiríonn go maith linn an chuid is mó den am agus nuair a thagann muid le chéile bíonn muid díograiseach.”

Cloistear tionchair éagsúla ar an albam, ón gceol traidisiúnta go dtí an seancheol Apaláiseach agus an snagcheol.

“Bheadh cuid againn an-tógtha leis an old-time Apaláiseach, tá rud éigin faoin rithim acusan atá go deas, agus bíonn muid ag plé leis an gceol traidisiúnta. Cuireann muid suim sna gnéithe ornáidíochta a bhaineann leis, d’fhéadfaí é a chasadh go mall, níos sciobtha, le beagán hap ann, é a tharraingt, nó é a bhrú ó thaobh na rithime. Tá muid oscailte mar cheoltóirí agus oibríonn muid go maith le chéile.”

Thosaigh an obair ar an albam agus iad ar oileán Cléire, agus bhí tionchar mór ag an áit sin ar na téamaí a tháinig chun cinn ann, a deir Peadar-Tom.

“Tá an ceol á scríobh le cúpla bliain ach an chuid is mó de scríobh muid é nuair a bhí muid thíos ar oileán Cléire. Thug an tOifigeach Pleanála Teanga, Ruairí Ó Donnabháin, cuireadh dúinn roinnt ama a chaitheamh thíos ann. Cuid de na téamaí a bhfuil muid ag tarraingt orthu san albam, tá siad le feiceáil sna Gaeltachtaí ar fad, ach tá siad le feiceáil go láidir ar Chléire, agus in áiteanna ar nós Uíbh Ráthaigh i gCiarraí mar shampla. Tá sé an-dona ó thaobh na dtithe saoire agus an ganntan atá ann do thithe don dream áitiúil, agus an deacracht le seirbhísí a fháil nó ord a chur ar an áit. Tá tú ag feiceáil an áit uilig ar an gcaoi sin, agus b’fhéidir go nádúrtha go suíonn sé isteach sa gceol má tá tú ag iarraidh solas a chaitheamh air.”

Dhá shnáth atá fite fuaite ina chéile san albam: coincheap na gclaíocha, agus na téamaí atá ag tarraingt as aoir Myles na gCopaleen. Pléann an t-albam bánú na Gaeltachta, easpa tithíochta, agus an neamhréir idir polasaí stáit agus an cur chuige mar a fheictear dóibhsean é, sa Ghaeltacht féin. D’eisigh an grúpa an chéad traic, ‘An Béal Bocht’, a phléann leis an gcontrárthacht sin le déanaí.

“Ní hé go bhfuil muid ag magadh faoi rudaí ach tá muid ag iarraidh é a chur ar ardán. Má tá rud éigin greannmhar tuigfidh chuile dhuine é agus tá chuile dhuine in ann éisteacht leis.

“Sna Gaeltachtaí féin, tá aithne agam ar dhaoine atá ag iarraidh clann a thógáil agus tá siad ag déileáil le go leor deacrachtaí nach mbeadh acu sa mbaile mór. Cuid de na jócanna a bhí sé a dhéanamh in An Béal Bocht tá siad ann anois sa bhfíorshaol.”

“Tá an Ghaeilge á hathbheochan, mar atá ráite ag daoine ‘it’s having a moment‘, céard faoi na háiteanna ina bhfuil sí á labhairt?  Ní fheicim mórán ‘móimint’ iontu. B’fhéidir go bhfuil an fhírinne searbh, ach is maith an rud an sprioc a thabhairt duit féin léargas níos fairsinge a thabhairt do dhaoine ar an nGaeltacht.”

Beidh Trá Pháidín ar camchuairt ag tosú i nGaoth Dobhair ag an bhFéile Dorn san Aer ar an 25 Meán Fómhair, agus in Amharclann Chois Fharraige ar an 26 Meán Fómhair agus ag dul ar aghaidh uaidh sin.

Tá eolas faoin gcamchuairt agus faoin albam nua ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘Cuid de na jócanna a bhí in An Béal Bocht, tá siad ann anois sa bhfíorshaol’ – Peadar-Tom Mercier, Trá Pháidín'