D’fhreastail slua mór ar shochraid an lúthchleasaí, Ciara Mageean, inniu ina baile dúchais Port an Pheire i gcontae an Dúin.
Bhásaigh an curadh Oilimpeach agus Eorpach ar an Domhnach agus gan í ach 34 bliain d’aois.
Ina chuid cainte ag aifreann na sochraide inniu, labhair an tAthair Michael Kelly ar an gcomhrá a bhí aige le Ciara san ospís agus í i mbéal a báis agus í ag caint ar “grá mo chroí”, a fear céile, agus an teaghlach iontach a líon a saol le grá.
“Duine ar leith, a bhí an-chumasach agus an-inspioráideach ach duine a ndeachaigh a humhlaíocht, a misneach dochloíte agus a meangadh tógálach i bhfeidhm ar dhaoine nach raibh aon bhaint acu leis an lúthchleasaíocht,” a dúirt an tAthair Kelly.
“Léirigh Ciara an chuid ab fhearr dínn, ní lena héachtaí spóirt amháin ach lena láíocht, agus an dínit agus an daonnacht a bhí le feiceáil i ngach a ndearna sí. Ní mhúchtar na soilse is gile go deo. Mairfidh an láíocht sin i gcroíthe na ndaoine a mhothaigh í.”
Bhí aides-de-camp an Uachtaráin Connolly agus an Taoisigh Micheál Martin ag aifreann na sochraide ar a son i dTeach Pobail Naomh Pádraig.
Bhí curaidh Oilimpeacha eile ón tír seo agus Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael i láthair chomh maith.
Rinneadh a cónra a thionlacan an cúpla céad méadar ó theach an teaghlaigh go dtí teach an phobail roimh an aifreann agus garda onóra as Cumann Lúthchleas Gael Phort an Pheire ina teannta.
Ba mhinic Ciara ag trácht ar an leas a rinne a cuid traenála lena club áitiúil sa chamógaíocht di agus í ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin na rásaíochta.
Bhí Ciara Mageean ag iomaíocht ar son na tíre seo ag Cluichí Oilimpeacha Rio de Janeiro sa bhliain 2016 agus ag na cluichí i dTóiceo in 2020. Bhí curiarrachtaí na hÉireann tugtha léi aici sna rásaí 800 méadar, 1500 méadar agus i rás an mhíle.
Bhuaigh sí an bonn óir sa rás 1500m ag na Comórtais Eorpacha sa Róimh in 2024, éacht a d’fhág Ciara ar an dara lúthchleasaí riamh de chuid na tíre seo a bhuaigh rás aonair don tír sna comórtais sin, Sonia O’Sullivan an chéad duine a rinne an gaisce.
Mí Iúil seo caite a d’inis Ciara Mageean don saol mór go raibh ailse phutóige ainsealach uirthi agus an galar ag céim a ceathair.
Is mór a chuaigh a misneach agus a macántacht faoin easláinte agus an chóir leighis i bhfeidhm ar an bpobal agus chuidigh an t-ionracas sin agus a feachtas aird a dhíriú ar a thábhachtaí agus atá sé comhairle leighis a lorg i gcónaí agus gan tástálacha sláinte a chur ar an méar fhada.
Scríobh sí leabhar faoin dúshlán sláinte sin faoin teideal My Greatest Race agus í tiomanta ag an am céanna gach braon suilt a d’fhéad sí a bhaint as an saol agus gan aon taithí nua saoil a scaoileadh thairsti. An mhí seo caite phós sí a páirtí Thomas Moran, an fear a bhí ina chrann taca aici ó thosaigh sí ar an lúthchleasaíocht agus ina comhrac leis an ailse.
I ráiteas a d’eisigh an tUachtarán Catherine Connolly nuair a fógraíodh bás Chiara, dúirt sí gur “lúthchleasaí iontach” a bhí inti agus go raibh sí ina “tobar inspioráide” ag a lán daoine.
Tá daoine i bhfad is i gcéin ag cur a n-ómós in iúl don lúthchleasaí gnaíúil, lucht na lúthchleasaíochta agus daoine nach iad.
Dúirt Lochlann Walsh, Uachtarán Chónaidhm Oilimpeach na hÉireann gur “lúthchleasaí den scoth ab ea Ciara agus duine eisceachtúil” chomh maith.
An Teanga Bheo
Beannacht Dé lei nach hóg a d imigh tú a aingeal le Dia.