TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: An mó dochar ná maitheas a rinne polasaí oideachais an tSaorstáit don Ghaeilge?

100 bliain ó bhunú na Gaeltachta, caitear súil chun cinn sa tsraith bheag seo ar a bhfuil i ndán don Ghaeltacht sa gcéad 100 bliain eile.  An babhta seo, b’fhéidir go bhfuil ceacht don lá atá inniu ann i scéal mheath na Breac-Ghaeltachta

TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: An mó dochar ná maitheas a rinne polasaí oideachais an tSaorstáit don Ghaeilge?

Nuair a socraíodh teorainneacha na Gaeltachta céad bliain ó shin, bhronn Coimisiún na Gaeltachta aitheantas Breac-Ghaeltachta ar dhá thoghroinn-cheantar i dTiobraid Árann Theas: An Caisleán Nua agus Baile Uí Bhéacáin.

Tuairiscíodh i nDaonáireamh Speisialta Teanga 1925 go raibh Gaeilge ag 56.3% den daonra sa gCaisleán Nua agus ag 63.4% i mBaile Uí Bhéacáin, dhá thoghcheantar atá suite siar ó dheas ó Chluain Meala, mo bhaile dúchais. Go tíreolaíoch is i dTiobraid Árann a bhí an ceantar Breac-Ghaeltachta seo suite.

Ó thaobh teanga ba chuid é de Ghaeltacht na nDéise, a chlúdaigh beagnach leath de chontae Phort Láirge, ag síneadh ón gcósta in aice le Dún Garbhán go teorann Thiobraid Árann ó thuaidh agus thar an teorainn, sa gcuid sin de Thiobraid Árann atá suite ar bhun Cnoc Mhaoldomhnaigh.

Bhí Gaeltacht bheag Thiobraid Árann buailte leis an gceantar thart ar Thobar an Fhíona, ar tugadh aitheantas Fíor-Ghaeltachta dhó i 1926: seo an ceantar arb as Pádraig Ó Míleadha ó dhúchas, an file pobail a scríobh an t-amhrán ‘Sliabh Geal gCua na Féile’, a chloistear á chanadh ó am go ham ag fonnadóirí Déiseacha.

De réir torthaí an Daonáirimh Speisialta a tógadh i 1925, seo an briseadh síos ar an gcéatadán cainteoirí Gaeilge sna haoisghrúpaí éagsúla mar a tuairiscíodh iad i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta do Ghaeltacht Thiobraid Árann.

Gaeltacht Thiobraid Árann Faoi 7 Ó 7 go 13 Ó 14 go 25 Ó 26 go 59 Ó 60 suas Iomlán
% Cainteoirí Gaeilge 1925 57.6% 48.3% 37.1% 60.6% 93.8% 59.2%

Tá sé suntasach go raibh Gaeilge ag céatadán níos airde den aoisghrúpa faoi 14 ná den aoisghrúpa idir 14 -25 bliain d’aois. Ach ar chainteoirí dúchais Gaeilge iad, nó ar fhoghlaim siad Gaeilge ar scoil?

Agus mé ag fás aníos i gCluain Meala sna 1950idí, is cinnte go raibh riar cainteoirí dúchais ó Bhreac-Ghaeltacht Thiobraid Árannach ina gcónaí ar an mbaile, atá thart ar 10 míle ón gCaisleán Nua.

Bhí aithne agam féin ar bhean amháin ón gCaisleán Nua. Kate ab ainm di, dlúthchara le mo mháthair. Chas mé ar Kate go minic. Is cosúil go raibh Gaeilge ó dhúchas aici, más fíor an méid a líonadh isteach ar an bhfoirm Dhaonáirimh i 1926, a thug le fios go raibh Gaeilge ó dhúchas ag Kate, is ag a máthair Mary, ag uncail léi is ag a mamó. Kate, an cailín ba shine sa teach, a rugadh i 1910 agus a bhí 16 ag an am. Ach ní raibh raibh Gaeilge ag deirfiúr níos óige, Bridget, a bhí 6 bliana d’aois i 1926. An amhlaidh go raibh an teaghlach ag Gaeilgeoireacht nuair a bhí Kate ina páiste ach go raibh an teaghlach iompaithe ar an mBéarla faoin am a raibh Bridget ag sealbhú teanga?

Bhreathnaigh mé ar thuairisc dhaonáirimh do theaghlach eile, muintir Hyland i mBaile Uí Bhéacáin. De réir na foirme daonáirimh sin, ba chainteoir dúchais Gaeilge fear a’ tí, a bhí 57 bliain d’aois. Baintreach fir ab ea é. Gaeilge ó dhúchas aige féin is ag a mháthair, a bhí ag coinneáil tí dhó. Seisear clainne atá liostáilte ar an bhfoirm, idir 7 agus 17 mbliana d’aois, ach gan é ráite go raibh Gaeilge ag ceachtar acu. Seans go raibh Gaeilge mar theanga chumarsáide idir fear a’ tí is a mháthair ach go raibh Ghaeilge á ceilt ar na páistí sa teaghlach. Bheadh an scéal céanna le hinseacht faoi chuid mhaith eile teaghlaigh sna Breac-Ghaeltachtaí, fud fad na tíre.

Ag breathnú go fuarchúiseach ar na staitisticí daonáireamh do Bhreac-Ghaeltacht Thiobraid Árann, tá an chuma ar an scéal go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge iompaithe ar an mBéarla a labhairt leis na páistí sa mbaile, faoi am ar bunaíodh an Saorstát. Ní easpa tírghrá ba chúis leo gan an Ghaeilge a choinneáil beo sa gceantar. Cé go mba cheantar Poblachtánach a bhí ann – is ann a troideadh an cath deireanach den chogadh cathartha, nuair a maraíodh Liam Lynch ann – níor tugadh mórán aird ar an mana ‘Tír gan Teanga, Tír gan Anam’.

Cosúil le gach ceantar Breac-Ghaeltachta eile, seans gur chreid tuismitheoirí go bhfaigheadh a bpáistí dóthain Gaeilge sa scoil náisiúnta faoi pholasaí láidir teanga an tSaorstáit, ach nach bhféadfaí brath ar an scoil a thuilleadh dóthain Béarla a mhúineadh dóibh. An bhféadfadh gur mó dochar ná maitheas don teanga sa nGaeltacht a rinne polasaí nua oideachais an tSaorstáit, mar gur mheas na cainteoirí dúchais Ghaeilge sna Gaeltachtaí, gur fearr Béarla a labhairt leis na páistí sa mbaile, le bheith cinnte go mbeadh Béarla acu agus é a fhágáil faoina scoileanna náisiúnta Gaeilge a mhúineadh dóibh? An bhfuil ceacht ansin don lá atá inniu ann agus polasaí tumoideachais á fheidhmiú sna scoileanna Gaeltachta?

Fág freagra ar 'TODHCHAÍ NA GAELTACHTA: An mó dochar ná maitheas a rinne polasaí oideachais an tSaorstáit don Ghaeilge?'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Léiríonn an scagadh atá déanta ag Donncha ar Bhreac-Ghaeltacht amháin gur sa treo ceannann céanna atá an claonadh ag dul le céad bliain – le fána. Ní gá duit a bheith i do shaineolaí sochtheangeolaíoch chun a thabhairt faoi deara go bhfuil lá na leice bainte amach ag an nGaeilge sa nGaeltacht. Is léir don dall é sin!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Dá mbeadh an Stát á riaradh as Gaeilge, fiú sa Ghaeltacht, bheadh a mhalairt de scéal ann.