Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le reáchtáil i nGaillimh

Beidh ócáidí do Chomhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga ar siúl sa Taibhdhearc, in Ollscoil na Gaillimhe, agus i Stiúideo Cuan sa Spidéal

Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le reáchtáil i nGaillimh

Beidh Comhdháil Idirnáisiúnta Chumann na gCoimisinéirí Teanga ar siúl i nGaillimh an mhí seo chugainn. Osclóidh an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív an chomhdháil go hoifigiúil ar an 8 Meán Fómhair sa Taibhdhearc i gcathair na Gaillimhe agus beidh sí ar siúl go dtí an 10 Meán Fómhair.

Beidh an chomhdháil féin á reáchtáil in Ollscoil na Gaillimhe, ar an gCampas Thuaidh sa Chaisleán Nua ar bhruach Abhainn na Gaillimhe. Beidh cainteanna agus léachtaí ó choimisinéirí teanga agus ó ghníomhaithe cearta teanga ó thíortha éagsúla agus reáchtálfar cruinniú cinn bhliana an chumainn i Stiúideo Cuan sa Spidéal. Beidh cúig sheisiún ann agus téamaí móra na gceart teanga idir chamáin ag na coimisinéirí agus na haíonna eile.

Is iad na coimisinéirí teanga a bheidh ag caint ag an ócáid: Séamas Ó Concheanainn (Coimisinéir Teanga na hÉireann); Pól Deeds (Coimisinéir Gaeilge an Tuaiscirt); Osian Llywelyn (Leas-Choimisinéir na Breatnaise); Kelly Burke (Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada); Shirley C MacLean (Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla do New Brunswick); agus Carl Bouchard (Coimisinéir Seirbhísí Teanga Fraincise Ontario).

Ar na haíonna eile a bheith i láthair ag an gcomhdháil idirnáisiúnta beidh Tomás Ó Síocháin, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Roger Serra ó Rialtas na Catalóine; Marco Torresin ó Ghníomhaireacht Réigiúnach na Friúilise san Iodáil; Hasier Morras ó Rialtas Navarra i dTír na Bascach; Eke Folkerts as an bhFreaslainn; Mentor Borovci ó Oifig Phríomh-Aire na Cosaive; agus Páidí Ó Lionáird ó Oifig an Choimisinéara Teanga in Éirinn.

“Tá ríméad orm an chomhdháil ríthábhachtach seo a reáchtáil anseo i gCathair bhríomhar na dTreabh. Cuireann Comhdháil Idirnáisiúnta IALC ardán ar fáil do choimisinéirí agus do ghníomhaithe teanga ar fud an domhain chun plé a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí a fheabhsú dár bpobail teanga, agus iad ag roinnt saineolais ó dhlínsí éagsúla,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Séamas Ó Concheanainn, atá ina chathaoirleach ar Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga.

Deir Oifig an Choimisinéara Teanga go bhfuil an chomhdháil á reáchtáil ag “tráth atá cinniúnach” do chearta teanga lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn ó tharla go bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 i bhfeidhm anois.

“Ar phríomhthéamaí na comhdhála tá a thábhachtaí atá sé soláthar seirbhísí poiblí a chur in oiriúint chun freastal ar riachtanais athraitheacha na bpobal teanga.

“Príomhthéama eile na comhdhála is ea an tábhacht a bhaineann le pleanáil straitéiseach fórsa saothair d’fhonn fórsa saothair leordhóthanach a chinntiú chun seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar dár spriocphobail teanga,” a dúradh i bhfógra faoin gcomhdháil.

Bunaíodh Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in 2013 le comhoibriú a chothú i measc coimisinéirí teanga ar fud an domhain. Tá 15 coimisinéir ina mball den chumann anois.

Fág freagra ar 'Comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le reáchtáil i nGaillimh'