An i Maigh Eo nó i Ros Comáin atá an baile sin? Bhuel, tá a fhios agaibh ar fad anois…

Nuair a dhún Imelda siopa Mattie Towey i mBealach a’ Doirín cúpla mí ó shin, ní fhéadfadh sí a shamhlú go mbeadh Corn Sam Mhig Uidhir á iompar trí na sráideanna céanna ag deireadh mhí Iúil

An i Maigh Eo nó i Ros Comáin atá an baile sin? Bhuel, tá a fhios agaibh ar fad anois…

Nach iomaí uair a scríobh mé an ráiteas sin ó thosaigh mé ag scríobh colúin anseo. Agus níl a fhios cé mhéad uair a fiafraíodh díom ‘cá bhfuil sé sin go baileach?’.

Bhuel tá a fhios agaibh ar fad anois. Tá a fhios agaibh gur i gcontae Ros Comáin atá sé suite, toisc gur athraíodh amach as Maigh Eo é na blianta fada ó shin. Ach chinn club peil Ghaelach na háite go bhfanfadh siad le Maigh Eo. Bhí sé sa bhfuil acu gur fir Mhaigh Eo a bhí iontu.

Is dócha go raibh a fhios ag gach éinne sna 1950idí gur imir ‘Ballagh’ le Maigh Eo. B’as an mbaile s’againne an captaen buacach Seán Flanagan nuair a thugadar leo Corn Sam Mhig Uidhir, faoi dhó, i 1950 agus 1951.

B’as Bealach a’ Doirín an t-imreoir cáiliúil John Morley, bleachtaire sáirsint a feallmharóidh amuigh faoin tuath tar éis robáil bainc ar an mbaile sa mbliain 1980. Dúradh go raibh sé ar dhuine de na himreoirí ab fearr ariamh ach ní fhéadfadh sé cluiche a bhuachan as féin, ar ndóigh.

B’as Bealach a’ Doirín mac Sheán Flanagan, Dermot a d’imir le Maigh Eo sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Agus Seán Kilbride, oifigeach airm a d’imir leo sna seascaidí agus sna seachtóidí.

Le blianta beaga anuas bhí an baile ar bís i gcónaí toisc gur as an mbaile é Andy Moran, sárimreoir agus bainisteoir. Ar ndóigh tá a fhios agaibh ar fad gur thug sé leis thar an tSionainn, Corn Sam Mag Uidhir agus tá siad ag ceiliúradh ó shin. Bhí David McBrien agus Kuba Callaghan as an mbaile i measc na n-imreoirí freisin.

Beidh mise ag caitheamh cuid mhaith den tseachtain seo i mBealach a’ Doirín toisc go bhfuil an Fhéile Ealaíne ar siúl arís. Beidh mé ag cur cúpla coirm cheoil i láthair san Ardeaglais ansin. Tá cineál faitíos orm nach mbeidh daoine in ann teacht amach arís – rinneadar ceiliúradh in éindí leis an bhfoireann i ngach cearn de chontae Mhaigh Eo le seachtain anuas. Agus caithfidh sé go bhfuil siad ar fad tugtha, traochta. Ag magadh atá mé – beidh slua maith i láthair do choirm cheoil Phil Coulter agus mura gcuirfeadh Mairéad Ní Mhaonaigh agus Altan fonn damhsa agus fonn ceiliúrtha ar dhaoine níl a fhios agam cé a chuirfeadh.

Níl ann ach dhá bhliain ó ghlac mé pictiúr den fhuinneog i siopa Mattie Towey ar an mbaile.

Cineál Ionad oidhreachta ann féin a bhí i siopa Matttie. Tá seisean básaithe le fada agus a iníon Imelda ina bhun go dtí le gairid. Ba chuma cén t-am den oíche a sheas tú ar an tsráid ar aghaidh an tsiopa sin, bhí an cháil ar Mattie go ndúiseodh sé as a chodladh agus go n-oibreodh sé an caidéal peitril duit. Bhí an siopa thar a bheith tábhachtach an lá a mbeadh muintir Mhaigh Eo ag déanamh ar Pháirc an Chrócaigh nó ag déanamh a mbealach siar go Béal an Mhuirthead nó Béal an Átha deireanach san oíche tar éis cailliúint éachtach eile ar an bpáirc chéanna.

An lá a sheas mise ann le Imelda, bhí sórt scrín déanta aici sa bhfuinneog, a bhí maisithe le grianghraif a tógadh thar na mblianta de na foirne peile éagsúla. Agus ina lár bhí pictiúr de Mattie le Seán Flanagan agus an Corn clúiteach sin á iompar acu trí shráideanna an bhaile i 1951.

Nuair a dhún Imelda an siopa cúpla mí ó shin, ní fhéadfadh sí a shamhlú go mbeadh an corn á iompar trí na sráideanna céanna ag deireadh mhí Iúil 2026. An ócáid ba ghaire di sin, ná nuair a thug an réalta peile ón mbaile, John O’Mahony, nach maireann, an Corn leis ar cuairt ann tar éis dó é a bhuachan le foireann na Gaillimhe, mar bhainisteoir sa bliain 1998 agus 2001. Ba é John céile dheirfiúr Imelda, Geraldine,– ‘Jonno’ mar a tugadh air.

Is dócha go raibh daoine áirithe, mé féin ina measc, a bhí ag éirí tuirseach den síorbhrionglóidí. Chuamar chomh gar sin dó le blianta beaga anuas go raibh mé ag éirí cleachta ar an gcailliúint sag an nóiméad deiridh.

Inseoidh mé an fhirinne. Ní raibh mé in ann breathnú ar an gcluiche beo. Mharódh an teannas mé, shíl mé. Agus an oíche sin, d’fhéach mé ar athchraoladh TG4, le tráchtaireacht mo sheanmhéit ó RTÉ, Garry Mac Donncha. Bhí mé chomh neirbhíseach sin – cé go raibh a fhios agam cén scór a bheadh ann ag an deireadh – gur cheap mé gach nóiméad gar don deireadh go dtiocfadh Ciarraí ar ais. Chuir mo mhac Eoin téacs chugam tar éis an chluiche faoin mbua agus níor chreid mé é.

Bhí pictiúr ar an Irish Independent inniu a chuir na seanlaethanta i mBealach a’ Doirín ar ais in mo chuimhne. I lár an phictiúir tá Corn Sam Mhig Uidhir thuas ar an ardán agus na mílte bailithe thart timpeall ar an gcearnóg ag léiriú ómóis dó. Ní raibh sluaite mar é ar an mbaile ón uair a mbíodh an mórshiúil agus an Beannú ann ar ‘Corpus Christi’. Bhíodh na sála ar ár mbróga agus ár nglúine, millte ag tarra leáite sa gcearnóg. Bhíodh sluaite ann freisin fadó nuair a bhíodh na hollchruinnithe polaitíochta ag leithéidí de Valera, ar an gcearnóg chéanna.

Ach ní raibh aon rud cosúil leis seo ariamh. Fiú ansin i 1951, ní fhacthas slua chomh mór agus chomh ríméadach le slua 2026.

Agus an fhad is a mhairfidh mé, nuair a déarfas mé gur as Bealach a’ Doirín mé, tá mé ionann is cinnte nach gcuirfear an cheist orm arís ‘An i Maigh Eo nó i Ros Comáin atá an baile sin?’

Fág freagra ar 'An i Maigh Eo nó i Ros Comáin atá an baile sin? Bhuel, tá a fhios agaibh ar fad anois…'