Meamram do Vladimir Vladimirovich Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise…

An cheist atá ann mar sin ná conas is féidir deireadh a chur leis an gcogadh agus fós féin ‘bua’ a bheith agat?

Meamram do Vladimir Vladimirovich Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise…

Meamram do Vladimir Vladimirovich Putin…
An Chreimil, Moscó

An fhadhb

Tá tú i sáinn.  Tá an ‘oibríocht mhíleata speisialta’ bhí in ainm is a bheith thart tar éis laethanta anois tar éis leanúint ar aghaidh ar feadh blianta.  Tá an costas daonna agus eacnamaíochta don Rúis ag méadú i gcaitheamh an ama agus tá cumhacht agus tionchar idirnáisiúnta na Rúise ag dul i léig.

Tá an conradh neamhscríofa a bhí agat le pobal na Rúise a deir gur rud í an oibríocht mhíleata speisialta a tharlódh áit éigin agus nach gcuirfeadh as dóibh go pearsanta eile á shárú agat le gach ionsaí dróin ar scaglann ola, ar mhonarcha airm agus ar ionad dáileacháin Wildberries.

Ní féidir leanúint ar aghaidh leis an gcur chuige cogaíochta reatha i bhfad eile gan ollshlógadh a fhógairt ach is sárú níos mó fós ar an gconradh neamhscríofa a bheidh anseo agus tá an baol ann go mbeidh corraíl shóisialta agus pholaitiúil dá bharr.

Ach ag an am céanna má chuireann tú stop leis an gcogadh anois beidh sé deacair an cuma a chur ar an scéal gur bua don Rúis atá ann.  In ainneoin go raibh costas daonna agus eacnamaíochta ollmhór ag baint léi, níl aon cheann de na haidhmeanna a fógraíodh don oibríocht mhíleata speisialta bainte amach. An cheist atá ann mar sin ná conas is féidir deireadh a chur leis an gcogadh agus fós féin ‘bua’ a bheith agat?

An cur chuige reatha

Tá an ceart agat féin agus do chomhairleoirí a aithint an baol polaitiúil duit féin a bhaineann le na línte tosaigh a ‘reo’ mar atá siad faoi láthair ar na cúiseanna thuasluaite.  Is é an réiteach atá agaibh ar seo ná é a fhógairt mar réamhchoinníoll fiú i gcóir cainteanna chun deireadh a chur leis an gcogadh go gcaithfidh an Úcráin an cuid eile den Donbas a thabhairt ar láimh don Rúis.  Chomh  maith leis seo tá sibh ag iarraidh toil mhuintir na hÚcráine a bhriseadh le feachtas buamála go háirithe ar infreastruchtúr fuinnimh na tíre.

Tá an Úcráin tar éis rith amach as diúracáin éifeachtacha aer-chosanta agus níl aon chosaint éifeachtach acu i gcoinne diúracáin bhalaistíocha na Rúise.   Beidh an Geimhreadh seo chugainn mar an Geimhreadh is déine fós do phobal na hÚcráine.  Tá tú ag súil go mbrisfidh tú a misneach ar deireadh agus go gcuirfidh siad brú ar a gceannairí polaitiúla géilleadh duit.

Na fáthanna nach n-éireoidh leis an gcuir chuige reatha

Ní éireoidh leis an gcuir chuige seo.  Is é fianaise na staire ná nach n-éiríonn le buamáil misneach phobal a bhriseadh más í an aidhm atá leis iachall a chur orthu ‘géilleadh’ agus má chreideann siad go bhfuil siad chun an méid atá acu a chailliúint má ghéilleann siad.  Ní oibríonn bata an fheachtas buamála ach amháin má tá cairéad mealltach ag dul leis.

B’fhéidir go gcreideann gus gur cairéid mealltach é nach bhfuil tú ach ag éileamh an cuid eile den Donbas ach tá dul amú ort.  Tá fadhb cruthaithe agat duit fhéin le d’iompar agus do chuid ráitis san am ata thart nach bhfuil muinín ag na hÚcránaigh go gcloífidh tú le pé socrú a dhéanfaidh tú agus gurbh é do mhian i gcónaí forlámhas a bhaint amach ar an tír ar fad.  B’fhearr leo leanúint ar aghaidh leis an bhfulaingt ná ligin dó seo tarlú.  Neartaíonn an t-éileamh go ngéillfí an cuid eile den Donbas fiú roimh thús cainteanna síochána an  tuairim sin in intinn na nÚcránach.

Is crios cosanta tábhachtach an sciar den Donbas atá á éileamh agat i gcoinne ionradh Rúiseach eile, agus is cruthúnas é do na hÚcránach gur sin atá ar intinn agat i ndáiríre go bhfuil tú ag diúltú stop a chur leis an gcogaíoch go mbeidh sé agat.  Ní ghéillfidh siad duit go deo é agus ní éireoidh leat an cuid eile den Donbas a ghabháil gan ollshlógadh eile a fhógairt.  Mar sin caithfidh tú bealach éigin eile a aimsiú chun ‘bua’ a thabhairt do phobal na Rúise, ach go gcreidfidh na hÚcránaigh go gcoimeádfaidh siad a bhfuil acu faoi láthair agus go gcoimeádfaidh siad an saol atá acu sna críocha atá faoina smacht.

An Réiteach

Déan tairiscint go nglacfaidh tú le deireadh an chogaidh bunaithe ar na línte tosaigh reatha ar an gcoinníoll go dtabharfaí an Úcráin agus an tIarthar aitheantas do fhlaitheas na Rúise ar na críocha sin agus nach mbeidh cead ag an Úcráin a bheith ina ball de NATO.  Tuigeann gach éinne san Iarthar agus san Úcráin i ndáiríre má tá socrú síochána le bheith ann nach mbeidh an Úcráin ina bhall de NATO.

Ach níl aon slí go nglacfaidh na hÚcránaigh le srian éifeachtach ar mhéid a bhfórsaí míleata  agus ní bhíonn de thoradh ar an éileamh sin ach iad a dhaingniú sa chreideamh go bhfuil rún agat iad a ionsaí arís agus nach bhfuil aon rogha ach leanúint leis an gcogadh.  An buntáiste a bheadh le flaitheas na Rúise ar na críocha gafa a bheith mar bhunlíne ná gur fíor-géilleadh a bheadh ann don Úcráin agus don Iarthar agus gur fíor-bhua a bheadh ann don Rúis.  Bheadh sé an-chonspóideach go polaitiúil laistigh den Úcráin agus an dream is náisiúnaí ag cur go láidir ina choinne.

Ach ag an am céanna bheadh sé mealltach do chuid mhór de phobal na hÚcráine ar an mbonn nach mbeadh aon rud nach bhfuil caillte acu cheana féin á chailliúint acu, agus go bhféadfadh siad an saoirse agus an saol atá acu sna críocha atá acu faoi láthair a chóiméad.  Fiú mura nglacfaí leis an tairiscint chothódh sé easaontas agus conspóid laistigh den Úcráin agus san iarthar rud a bheadh chun do leasa.  Sa chás sin bheadh bua bolscaireachta agat go bhfuil faicsin Náisiúnach san Úcráin agus ‘lucht gríosaithe cogaidh’ san iarthar ag cur cos i dtaca agus ag iarraidh leanúint leis an gcogaíocht.

Dá nglacfaí le cainteanna síochána bunaithe ar an tairiscint seo áfach d’fhéadfá géilleadh sna cainteanna nach dtagadh an t-aitheantas do fhlaitheas na Rúise i bhfeidhm ach tar éis méid áirithe blianta gan aon ionsaí eile a bheith déanta ar an Úcráin, agus fiú tar éis sin go gcuirfí aitheantas na hÚcráine agus an tIarthar do fhlaitheas na Rúise ar na críocha gafa ar ceal i gcás ionsaí eile ón Rúis.  Fiú go nglacfadh an Úcráin agus an tIarthar i bprionsabal le flaitheas na Rúise ar na críocha sin, d’fhéadfaí é a dhíol sa bhaile mar bhua mór.

Conclúid

Le do smacht ar mheáin chumarsáide na Rúise  agus sféar poiblí na Rúise d’fhéadfaí socrú den chineál seo a chur i láthair mar ‘bhua’ san Rúis a thabharfadh an spás duit deireadh a chur leis an gcogadh gan do chumhacht féin a chur i mbaol.   Níl anseo ach bealach amháin amach as an tsáinn ina bhfuil tú – is cinnte go bhféadfadh smaointeoireacht  chruthaitheach teacht ar bhealaí eile a chuirfeadh ar do chumas deireadh a chur leis an cogadh agus do chumhacht féin a chosaint.

Más sin atá uait.


 

Fág freagra ar 'Meamram do Vladimir Vladimirovich Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise…'