Bhog Lorna Ní Shúilleabháin go Barcelona in 2022 agus í ar thóir athrú ina saol. Chaith sí tamall ann sular bhog sí go Guatamala ar feadh bliana ag obair le heagraíocht chearta daonna. Nuair a bhí an obair sin críochnaithe aici shocraigh sí filleadh ar Bharcelona.
“Nuair a tháinig mé anseo bhí mé ag iarraidh rud éigin difriúil a dhéanamh, ní raibh mé tar éis a bheith i mo chónaí lasmuigh d’Éirinn agus bhí mé ag iarraidh Spáinnis a fhoghlaim.
“Tháinig mé ar ais go Barcelona in 2024 go buan agus sin é an uair a thosaigh mé ag déanamh fuirseoireachta níos minice, cúpla uair sa tseachtain agus bhí mé ag iarraidh fuinneamh a chur isteach sa tionscnamh.”
Mar Ghaeilgeoir, deir sí gur airigh sí nasc le muintir na Catalóine agus an tábhacht a bhaineann leis an teanga dóibhsean.
“Ceapaim i gcónaí go bhfuil ceangal deas idir daoine a bhfuil spéis acu ina dteanga féin, go háirithe nuair is teanga mhionlaigh í. Tá an-mheas agam ar an gCatalóinis toisc go bhfuil sí an-an-bheo agus ceapaim go bhfuil na hÉireannaigh in ann go leor a fhoghlaim uaidh sin. Tá an Chatalóinis i ngach áit anseo.”
Tógadh í le Béarla i mBaile Átha Cliath, ach nuair a bhí sí sa mbunscoil shocraigh sí go mba mhaith léi dul chuig meánscoil lán-Ghaeilge. Ní raibh a fhios aici an mbeadh a leithéid ar fáil.
“Níor tógadh le Gaeilge mé. Chuaigh mé chuig bunscoil Bhéarla agus bhí sé thar a bheith ‘random’ ar fad gur shocraigh mé dul chuig scoil lán-Ghaeilge. Nuair a bhí mé i Rang a Cúig, dúirt mé le mo mháthair ‘ba bhreá liom dul chuig meánscoil Ghaeilge’, agus chuir mo mháthair m’ainm síos do Choláiste Íosagáin i Stigh Lorgan agus is cuimhin liom an lá ar tháinig an litir ag rá go raibh mé in ann dul go dtí an scoil!”
Cé nach raibh a fhios aici go baileach cad a bhí i ndán di, bhí a fhios aici go mbeadh sé níos deacra di i scoil lán-Ghaeilge. Lean sí uirthi ina dhiaidh sin féin agus ó shin i leith, tá an Ghaeilge fite fuaite ina saol.
“Lean mo dheirfiúr agus mo dheartháir ann i mo dhiaidh agus tá Gaeilge againn ar fad anois. Nuair a chuaigh mé go dtí an ollscoil i UCD chónaigh mé i dTeach na Gaeilge ansin agus bhí mo shaol ar fad trí Ghaeilge, agus bhí mé bainteach leis an gCumann Gaelach.”
I mBarcelona, is trí Bhéarla is mó atá a cuid seónna déanta aici go dtí seo. Tá go leor foghlamtha aici faoi na tuiscintí a bhíonn ag cultúir éagsúla ar an ngreann.
“Rud atá an-spéisiúil faoi Bharcelona ná go mbíonn an slua i gcónaí an-idirnáisiúnta. Feicim é sin, tá roinnt cultúr ann ina mbíonn siad ag baint taitnimh as an seó, ach níl siad ag taispeáint mórán i rith an tseó. Tar éis an tseó tagann siad suas chugam ag rá gur bhain siad taitneamh as.”
Tá sí ag dul amach le bean ón gCatalóin, agus b’oscailt súl di freisin na difríochtaí idir muintir na hÉireann agus muintir na Catalóine. Bíonn muintir na Catalóine an-oscailte, agus níl aon leisce orthu a mothúcháin a chur in iúl, dar léi.
“Tá mé tar éis an-chuid a fhoghlaim faoinár gcultúr féin agus céard a chiallaíonn sé a bheith Éireannach. Tá na Catalónaigh an-mhacánta, déarfaidh siad amach rudaí agus na hÉireannaigh, ní dhéanann muid é sin. Bhí orm dul i dtaithí air sin.”
Bhí na léargais sin mar bhunús aici dá seó nua, Barefoot Before God. Seó é ina labhraíonn sí faoin chiontacht Chaitliceach, gnéasacht, an teaghlach, an tsaoirse agus go leor eile.
“Séard a tharla domsa, nuair a bhí mé in Éirinn níor thug mé faoi deara na rudaí seo… Ceapaim go bhfuil an-chuid rudaí nach mbíonn a fhios againn fúthu go dtí go mbíonn orainn déileáil leo.”
Thug sí an seó go Baile Átha Cliath níos túisce i mbliana, áit a raibh sé díolta amach agus tá sí ag súil go mór leis na seónna i nDún Éideann.
“Tá mé tar éis an-taitneamh a bhaint as an seó a roinnt anois le níos mó daoine. An rud is fearr liomsa ná daoine a thabhairt le chéile agus spás a bheith againn le gáire a dhéanamh agus ceangal le daoine eile.”
Barefoot Before God le Lorna Ní Shúilleabháin ag Edinburgh Festival Fringe ó 7 go 15 Lúnasa
Fág freagra ar '‘Bhí sé thar a bheith ‘random’ gur shocraigh mé dul chuig scoil lán-Ghaeilge’'