Ní cuimhin liom an uair dheiridh gur thit deoir bháistí.
Ní cuimhin leis an Réin ach oiread. Ní raibh leibhéal an uisce san abhainn sin agus in go leor aibhneacha agus canálacha eile san Eoraip chomh híseal sin le leathchéad bliain anuas, agus tá an chuma ar an scéal go sárófar staitisticí thriomach 1976 an samhradh seo.
Sna míonna amach anseo beidh ardú ar an gcostas maireachtála ar fud na hEorpa de bharr an teaspaigh agus an triomaigh, ar bhealaí a mbeifeá ag súil leo agus ar bhealaí eile nach mbeadh.
Ní bheidh ionadh ar bith ar an té a choinnigh fiú amháin leathshúil ar réamhaisnéis na haimsire le tamall de mhíonna anuas nach mbeidh fómhar na n-úll, na bhfataí agus go leor barr eile thar mholadh beirte i mbliana. Tá sé le feiceáil sna hollmhargaí cheana féin: tá torthaí an tséasúir níos lú ná mar a bhíonn, agus níos daoire.
Ach ní hamháin nár thit aon bháisteach arbh fhiú trácht uirthi le míonna anuas, san Ísiltír mar a dtáirgtear go leor glasraí, tá cosc curtha anois ar fheirmeoirí aon uisce a chur ar na barra atá ag feo ar a gcuid tailte.
De réir dlí, nuair a éiríonn an t-uisce gann san Ísiltír tugtar tús áite do chosaint na gcladán agus na ndambaí; dá n-éireoidís sin róthirim thitfidís as a chéile ina mbrus. Ina ndiaidh sin, tugtar tús áite don uisce óil agus ina dhiaidh sin arís do stáisiúin ghinte leictreachais agus araile.
Sa cheathrú háit a thagann na feirmeoirí.
San Ísiltír a tháirgtear 26 faoin gcéad de na hoinniúin a dhíoltar san Aontas Eorpach, 20 faoin gcéad de na piobair, 17 faoin gcéad de na cúcamair, 13 faoin gcéad de na fataí, agus mar sin de.
Ach ní hamháin nach mbeidh rath ar an bhfómhar sin i mbliana, beidh sé níos deacra agus níos costasaí na táirgí sin agus go deimhin go leor earraí eile a sheachadadh chomh fada leis na hollmhargaí.
Is é an chaoi gur ar bháirsí a iompraítear isteach is amach leis an tríú cuid den lastas ar fad in iarthuaisceart na hEorpa. Agus leibhéal an uisce sna haibhneacha agus sna canálacha níos ísle ná mar bhí le leathchéad bliain anuas, ní féidir na báirsí a líonadh go béal mar is iondúil, agus tógann gach turas níos mó ama; ní hamháin sin ach tá cuid de na canálacha dúnta scun scan anois, rud a fhágann nach féidir monarchana agus lárionaid seachadta áirithe a bhaint amach ar chor ar bith.
Idir an dá linn, tá an triomach ag cur as d’eacnamaíocht agus d’infreastruchtúr lár agus oirthear na hEorpa freisin. Tá leibhéal an uisce san abhainn is faide san Aontas Eorpach, an Danóib, chomh híseal sin gurbh éigean stáisiún cumhachta núicléach a chasadh as san Ungáir agus gurbh éigean d’arm na Rómáine carraigeacha san abhainn a phléascadh ionas go mbeadh a ndóthain uisce ag dhá stáisiún cumhachta núicléach in aice leis an Danóib sa tír sin.
Bíodh an t-ollmhargadh i gceist nó bille an leictreachais, mothóidh muintir na hEorpa tionchar athrú na haeráide ina sparán sna míonna amach anseo.
Fág freagra ar 'Mothóidh muintir na hEorpa tionchar athrú na haeráide ina sparán sna míonna amach anseo'