Tá níos lú ná 100 lá anois idir muid agus toghcháin lár téarma na Stát Aontaithe ar an 3 Samhain. Faoi cheann trí mhí tabharfaidh an pobal i Meiriceá a mbreithiúnas ar na polaiteoirí atá tofa acu faoi láthair. Áirítear gur reifreann ar an té agus an páirtí a bhíonn i seilbh an Tí Bháin a bhíonn sna toghcháin seo agus go dtugann siad rabhadh dóibh faoi na hathruithe a theastaíonn a dhéanamh ionas go mbeidh ar a gcumas an Teach Bán a ghnóthachtáil sa gcéad toghchán Uachtaránachta eile.
Ní raibh tacaíocht chomh híseal ag aon uachtarán riamh agus atá ag Donald Trump. Ó tharla go bhfuil seisean leath bealaigh trína dhara téarma ní féidir leis seasamh arís ainneoin a ndeir sé. Chaithfeadh sé an bunreacht a leasú nó an próiseas daonlathach sna Stáit a chur ar fionraí chun an tríú téarma a bhaint amach. Ní hin le rá nach bhféadfaí iarrthóir a roghnú a bheadh dílis d’fhealsúnacht Trump agus a leanfadh den ghluaiseacht MAGA atá fós láidir i measc na cosmhuintire.
Níl aon chinnteacht gurb é an Leasuachtarán JD Vance an duine sin. Tá roinnt leidí tugtha ag na réamhthoghcháin lár téarma le leathbhliain anuas nach bhfuil na dílseoirí chomh tógtha le soiscéal Trump agus a bhíodh. Níor éirigh leis an hiarrthóirí ar thacaigh sé leo i ngach cás. An áit a bhfuil an deacracht acusan gur mhaith leo malairt Trump nach bhfuil na Daonlathaigh chomh heagraithe agus ba chóir dóibh a bheith.
Tá fadhb mhór eile ag teacht chun cinn don fheachtas uachtaránachta agus sin ceist an airgid. Aon duine a choinníonn súil ar pholaitíocht na Stát Aontaithe tuigeann siad an tábhacht a bhaineann le cistí feachtais agus fógraíochta. Tá cás na nDaonlathach ar an ábhar sin tubaisteach faoi láthair. Tá fiacha os cionn $18 milliún dollar orthu agus morgáiste nua tógtha amach ar cheanncheathrú an pháirtí le cuidiú leo sna toghcháin lár téarma.
Idir an dá linn, tá ciste os cionn €120 milliún ar láimh ag na Poblachtaigh chun cuidiú lena bhfeachtas. Fágann sin, dá laghad muiníne dá bhfuil ag daoine i Donald Trump, go bhfuil an t-airgead aige féin agus a pháirtí le caitheamh le hiarracht a dhéanamh dul i gcion orthu siúd a d’fhéadfaí a mhealladh. Sin sciar suntasach go maith den phobal nach bhfuil sásta le ceachtar páirtí.
Ní thógfaidh sé mórán an tromlach a athrú bealach amháin nó bealach eile sa gComhdháil faoi cheann ráithe. Ceann de na stáit is mó a bhfuil Daonlathaigh dírithe air is ea Maine agus súil acu suíochán a bhaint de Susan Collins a ghlacann seasamh neamhspleách go minic ainneoin í a bheith tofa mar Phoblachtach. Mar gheall ar scannal i measc na nDaonlathach níl a n-iarrthóir nua, Troy Jackson, ach i dtús na stocaireachta agus é in áit na leathphingine ó thaobh cistí dá fheachtas.
Mura n-éiríonn leis na Daonlathaigh an suíochán Seanaid in Maine a bhaint de Susan Collins cruthóidh sé deacrachtaí dóibh in aimsiú an mhóraimh i mí na Samhna.
Caithfear airgead go leor as seo go ceann trí mhí roimh lá an toghcháin, an 3 Samhain. Chomh maith leis an bhfeachtas airgeadais is féidir a bheith ag súil le cásanna cúirte go leor le dúshlán a thabhairt do na hathruithe teorann a dhéanann leatrom ar bhonn ciníoch i stáit go leor.
Agus is é fírinne an scéil go mbeidh na toghcháin ag tosú gan mhoill i gcuid de na stáit, ag brath ar na rialacha faoi vótáil luath nó vótáil poist – is féidir vótáil suas le sé seachtaine roimh an 3ú Samhain in áiteanna cosúil le Georgia agus Illinois.
Toghchán fada a bheidh ann mar is dual dóibh sna Stáit Aontaithe.
Fág freagra ar 'An tacaíocht is ísle ag aon uachtarán riamh ag Trump, ach a bhfadhbanna féin ag na Daonlathaigh'