Séasúr nua, painéal nua, ach an seanphort nó an uaillmhian chéanna ag na ceithre chúige agus iad ar fad ag dul chun páirce i mBabhta 1 den séasúr nua den URC an deireadh seachtaine seo.
Tá sé chomh simplí leis seo: beidh Cúige Laighean, curaidh an URC ón séasúr seo caite, ag iarraidh greim a choinneáil ar an gcraobh arís an séasúr seo agus beidh na trí chúige eile ag iarraidh an gradam sin a cheilt orthu.
Ní hamháin sin ach beidh siad ar fad ag iarraidh críochnú sa leath uachtarach den tábla nó san ochtú háit nó níos airde chun imirt i gcomórtas Chorn na gCuradh a chinntiú an chéad séasúr eile. Dála an scéil, is iad na hUltaigh amháin ar theip orthu an sprioc sin a bhaint amach an séasúr seo caite.
Cúige Chonnacht agus iad sa mbaile i Staid Dexcom is túisce de na Cúigí a bheas ag dul chun páirce agus iad i gcoinne Stormers na hAfraice Theas anocht.
Is cinnte go mbeidh borradh iontach faoi fhoireann na Gaillimhe de bharr na sár-earcaíochta a rinne Stuart Lancaster don séasúr nua, le leithéidí Ciarán Frawley, Will Connors agus an frapa Jerry Cahir ag aistriú ó Chúige Laighean agus fáil arís tar éis tréimhse fad gortaithe ar Mhack Hansen.
Sea, tá lucht leanúna Chonnacht lán dóchais ag an tráth seo ar aon chaoi! Ach caithfidh siad a bheith cúramach anocht.
Cuimhnigh gur éirigh leis na Stormers cluichí leathcheannais an chomórtais a bhaint amach an séasúr seo caite, cluiche a chaill siad i gcoinne Chúige Laighean. Mar sin féin, fuair na Connachtaigh an ceann is fearr orthu i mBabhta 15 an séasúr seo caite (33-24) i gCape Town. Tuilleadh údar misnigh.
Anocht freisin, beidh Cúige Uladh sa mbaile i mBéal Feirste i gcoinne Dhún Éideann. Is fiú a mheabhrú gur sa leath íochtarach den tábla a chríochnaigh an dá fhoireann seo an séasúr seo caite, Cúige Uladh sa naoú háit agus Dún Éideann sa dara háit déag. Ach tá neart earcaíochta dá chuid féin déanta ag Richie Murphy, rud a chuideos leis na hUltaigh, Matthew Devine a sciob sé ó Chúige Chonnacht ina measc, chomh maith leis an mbeirt frapaí Eduardo Bello agus Keynan Knox agus Eli Snyman sa dara líne agus Ben Donnell sa líne chúil tosaithe, gan trácht ar Joe Schmidt, iar-phríomhchóitseálaí ag Éirinn agus an Astráil a bheas ag feidhmiú mar chomhairleoir.
Is fiú a mheabhrú gur thug Cúige Uladh léasadh 40 – 19 do fhreasúra na hoíche agus iad ag imirt i nDún Éideann an séasúr seo caite. Ní haon ábhar iontais gurb iad foireann an bhaile rogha na coitiantachta don choimhlint seo.
Tá sé de mhí-ádh ar Chúige Laighean gur san Afraic Theas a bheas siad ag imirt an chéad dá bhabhta den chomórtas, díreach mar a tharla an séasúr seo caite. Ní hamháin gur chaill foireann Chúige Laighean an dá chluiche sin, níor chláraigh siad oiread agus pointe amháin féin i gcoinne na Stormers i mBabhta 1 (39-0). Is cinnte go mbeidh Leo Cullen, príomhchóitseálaí Chúige Laighean, ag súil le tús níos fearr agus ag iarraidh an náire sin a sheachaint agus iad i gcoinne na Lions. Go deimhin. Ní féidir bua ná pointí bónais cailliúna ar a laghad a chur as an áireamh do na cuairteoirí.
Chas na foirne seo ar a chéile in Áth Cliath le trí shéasúr anuas agus bhí bua éasca ag Cúige Laighean i chuile chluiche. Bhí 49 pointe de bhearna idir na foirne an séasúr seo caite. Caithfear dul siar chomh fada le hAibreán 2024 le teacht ar bhua do na Lions ar Chúige Laighean. Is i Staid Ellis Park, a imríodh an cluiche sin agus is ann a bheas siad ag tabhairt faoina chéile arís amárach. Tá mise ag súil le tús níos fearr ó churaidh an URC fiú mura dtugann siad iomlán pointí leo.
In ainneoin bhuntáiste an bhaile a bheith ag Cúige Mumhan amárach agus iad i gcoinne Ghlaschú i bPáirc Thuamhan, tá dúshlán damanta ag baint leis an gcéad chluiche séasúir seo dóibh. Chríochnaigh Cúige Mumhan sa gcúigiú háit ar an tábla an séasúr seo caite ach bhí Glaschú ar a bharr ar fad. Chaill siad, ar éigean (22-21), sa gcluiche leathcheannais i gcoinne na Bulls. Is cinnte go bhfuil an bua sin, bua nach raibh súil leis ag goilliúint go mór ar Ghlaschú agus ó tharla nár imir siad ó shin, beidh siad ar thóir toradh dearfach amárach chun a lucht leanta a mhealladh ar ais chucu arís. Ní beidh deireadh le deacrachtaí na Mumhan ansin! In ainneoin go ndearna Clayton McMillan an príomhchóitseálaí roinnt earcaíochta é féin, ní raibh an t-airgead aige chun aon imreoir mór le rá a mhealladh go Luimneach.
Freisin, beidh Mumhain gan a leathchúlaí idirnáisiúnta, Jack Crowley, fear a bheas faoi chúram dochtúra go deireadh na bliana seo. Fágann sin go mbeidh na Muimhnigh ag brath arís ar JJ Hanrahan chomh maith le Tom Woods agus Charlie O’Shea, beirt atá fós san Acadamh.
Sea, tá tráthnóna crua roimh Chúige Mumhan amárach.
Fág freagra ar 'RUGBAÍ: Séasúr nua, painéal nua, ach an seanphort ag na ceithre chúige'