Ní hé Prendergast amháin atá faoi bhrú in aghaidh na bPumas

Cuirfear tús leis an dara cuid de Chraobh na Náisiún an deireadh seachtaine seo

Ní hé Prendergast amháin atá faoi bhrú in aghaidh na bPumas

Tá scíth míosa ag imreoirí na gceithre chúige nach bhfuil ar phainéal na hÉireann le teacht chucu féin tar éis an fíor dhroch-thaispeántas a thug Cúigí Chonnacht, Uladh agus na Mumhan uathu i mBabhta 5 den URC an deireadh seachtaine seo caite. Cúige Laighean amháin a sheas an fód agus is iad an t-aon chúige amháin le rogha mhór imreoirí imreoirí atá gar fiú amháin de chaighdeán na n-imreoirí atá ar an bpainéal idirnáisiúnta.

Is léir gur cúis imní é sin go fadtéarmach do thrí chúige,  má tharlaíonn aon ghortú dá gcuid imreoirí chéad rogha go háirithe.  Ach tá cúpla seachtain acu ar fad chun feabhas a chur ar chúrsaí, sin más féidir sin a dhéanamh.

Idir an dá linn cuirfear tús leis an dara cuid de Chraobh na Náisiún an deireadh seachtaine seo. Cuimhnigh gur imríodh an chéad chuid sa limistéar theas le linn an  tsamhraidh. Anocht, is i gcoinne na hAirgintíne a bheas muid ag imirt an chéad cheann de thrí mhórchluiche idirnáisiúnta.  Beidh muid i gcoinne Fidsí faoi cheann seachtaine agus tabharfaidh muid faoi na Springboks faoi cheann coicíse.

Is i Staid Aviva a imreofar an trí chluiche sin. Ansin aistreoidh an dá fhoireann déag atá páirteach sa gcomórtas nua seo go Twickenham, agus imreoidh an fhoireann atá sa gcéad agus sa dara háit ar an tábla a chéile le teacht ar churaidh an chomórtais. Imreoidh na foirne atá sa tríú agus sa gceathrú háit ar an tábla a chéile chun an tríú agus an ceathrú háit sa gcomórtas a aimsiú agus mar sin de nó go mbeidh an seasamh idir an chéad áit agus an dara háit déag sa gcomórtas againn.

Rinne foireann na hÉireann sách maith sa gcéad chuid den chomórtas seo, iad ag fáil an ceann is fearr ar An Astráil (33-31) agus ar An tSeapáin (36-20) san Astráil ach chaill siad i gcoinne na nAll Blacks (40 -21) sa Nua Shéalainn. Chaill na Pumas i gcoinne na hAlban agus Shasana ach thug siad greadadh (35-21) do na Breatnaigh.

Fágann sin na cuairteoirí ar thóir bua anocht agus iad faoi stiúir Felipe Contepomi, fear a d’imir 116 uair do Chúige Laighean agus a bhí mar oiliúnóir cúnta acu ó 2018 go dtí 2022. Is cinnte go bhfuil seanchleachtadh ag Contepomi ar stíl imeartha na hÉireann. Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuair an Airgintín an ceann is fearr ar na All Blacks, an Astráil agus an Afraic Theas agus Contepomi i gceannas orthu. Caithfidh muid a bheith cúramach.

Níor chaill muid i gcoinne na Pumas ó 2015 nuair a bhuail siad muid i gCraobh an Domhain. D’imir muid ina gcoinne i Staid Aviva ceithre bhabhta ó shin agus bhí an láimh in uachtar againn i chuile chluiche.  Is cinnte go gcuideoidh buntáiste an bhaile le hiarrachtaí na hÉireann ach tá cúpla ceist le freagairt fós, cé hé an chéad rogha mar leathchúil amuigh go háirithe. Cé go bhfuil  Sam Prendergast curtha ag imirt ó thús ag Farrell anocht, níl aon chinnteacht ann gurb é a bheas ag tosú i gcoinne na Springboks faoi cheann cúpla seachtain.

Ní ar Prendergast amháin atá brú anocht. Beidh an spotsolas  ar chuile imreoir agus iad ar fad ag iarraidh áit ar an eitleán go dtí  Corn an Domhain san Astráil faoi cheann bliana. Bua baile dá bhrí sin, i mo thuairimse.

Fág freagra ar 'Ní hé Prendergast amháin atá faoi bhrú in aghaidh na bPumas'