Is iondúil go mbíonn cluichí idirnáisiúnta an fhómhairthart faoin am a gcuirtear tús le comórtais Chorn na gCuradh agus Chorn an Dúshláin. Faoin am sin bíonn neart cluichí imeartha ag imreoirí chéad rogha na gCúigí a chinntíonn go mbíonn siad cruaite, aclaí roimh dóibh imirt sa gcomórtas rugbaí idirchlubanna is mó ar domhan. Ach i mbliana, de bharr brú ar chlár rugbaí an domhain, imreofar Babhta 1 de na comórtais Eorpacha an deireadh seachtaine seo. Fágann sin nach mbeidh ach trí chluiche den URC imeartha ag foirne an chomórtais sin sula n-imríonn siad sa dá chomórtas Eorpacha.
An leor é?
Cuimhnigh gur thosaigh comórtas Top 14 na Fraince ag tús mhí Mheán Fómhair, rud a fhágann go bhfuil sé chluiche imeartha ag foirne na Fraince.
Ní hamháin sin, ach toisc an srian atá ar na cúigí ar fad ón IRFU maidir le scíth a thabhairt dá gcuid imreoirí idirnáisiúnta, srian nach mbíonn ar fhoirne na Fraince ná Shasana, beidh go leor d’imreoirí na gceithre chúige ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo agus gan ach cluiche amháin imeartha acu an séasúr seo.
Is cinnte nach leor sin, ach sin mar atá. Beidh trí chúige ag imirt i mBabhta 1 de Chorn na gCuradh agus Cúige Uladh ag imirt i gCorn an Dúshláin.
Cúige Laighean, foireann a bhuaigh Corn na gCuradh in 2018 agus a chaill sa gcraobhchluiche cúig uaire ó shin, is túisce a bheas ag dul chun páirce inniu agus iad as baile i lár na Fraince i gcoinne Clermont Auvergne, foireann atá san 11ú háit ar thábla an Top 14 faoi láthair agus gan ach dhá bhua as sé chluiche acu. Is fiú a lua freisin gur chaill siad i gcoinne churaidh reatha an chomórtais, Bordeaux, an deireadh seachtaine seo caite. Níor scar ach pointe amháin na foirne (22-23) ag deireadh an chluiche sin ach is ag Clermont a bhí buntáiste an bhaile.
In ainneoin gur chaill Clermont níor drochiarract é i gcoinne na gcuradh, foireann atá mar chomhrogha na coitiantachta le Toulouse, le greim a fháil ar an gcomórtas arís.
Dála an scéil, is iad Cúige Laighean an tríú rogha leis an gcomórtas a bhuachtáil, ach caithfidh siad an dúshlán a bhaineann le himirt sa bhFrainc sa gcéad chluiche den chomórtas, gan mórán réamhcleachtadh acu, a shárú. Creidim gur féidir le foireann Leo Cullen an beart a dhéanamh ach ní bheidh sé éasca.
Sa mbaile a bheas na Connachtaigh agus na Muimhnigh agus iadsan ag cur fáilte roimh mór-uaisle rugbaí Shasana agus na Fraince. Beidh Staid Dexcom lán go béal agus formhór an tslua ag súil le bua baile ar Saracens Shasana. Déarfá nár cheart go mbeadh mórán stró ar na cuairteoirí. Ach sin sula gcuirtear spiorad, iomaíocht, meoin aigne agus cur chuige fhoireann an bhaile san áireamh. Ná dearmad an slua glórach gan trácht ar an taithí atá Stuart Lancaster ag réiteach foirne do choimhlint den chineál seo. Ní dóigh go mbeidh Saracens ag súil leis an ochtú nóiméad atá rompu i nGaillimh inniu agus má bhíonn an bua acu beidh sé saoraithe go maith acu.
I bPáirc Uí Chaoimh a bheidh Cúige Mumhan i gcoinne Racing 92 na Fraince, foireann a chaill ceithrechluiche ó thús a Top 14. Deis d’fhoireann an bhaile cheapfá agus ní bheadh dul amú ort, sin má imríonn siad mar a rinne siad i gcoinne na Bulls coicís ó shin agus sa gcéad leath i gcoinne Chúige Uladh an deireadh seachtaine seo caite. Ach má thugann siad an lagthaispeántas a thug siad uathu sa dara leath i gcoinne na nUltach, b’fhearr dóibh fanacht sa mbaile. Feicfidh muid linn, ach tá mise ag súil le bua baile.
Sa gcomórtas sóisearach, Corn an Dúshláin, níor cheart go mbeadh mórán stró ar na hUltaigh fiú má tá siad fós ar thóir a gcéad bhua an séasúr seo agus fiú más as baile a bheas siad i gcoinne Zebre, foireann atá ar thóir a gcéad bua féin faoi láthair.
Bua le pointe bónais do Chúige Uladh. Ní bheidh aon ghlacadh le aon toradh eile.
Fág freagra ar 'Deiseanna agus dúshláin ag na cúigí agus tús á chur lena n-aistear Eorpach'