RUGBAÍ: Cúige Chonnacht ag triall ar Treviso ar thóir a gcéad phointí

Den chéad uair le seacht mbliana déag chaill chuile chúige i mBabhta 1 den tsraith

RUGBAÍ: Cúige Chonnacht ag triall ar Treviso ar thóir a gcéad phointí

Connacht v DHL Stormers. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tús nach raibh súil leis agus tús nach raibh uainn.

Ba léir go raibh forlámhas sa bpaca ag foirne na hAfraice Theas agus iad i gcoinne Chúige Chonnacht agus Chúige Laighean, toirt agus cumhacht i measc thosaithe an fhreasúra a cheil liathróid ghlan ar chúlaithe sciliúla an dá chúige.

Mar sin féin, d’éirigh leis na curaidh, Cúige Laighean, dhá pointe bónais a chlárú san Afraic ach pócaí folmha a bhí le tuairisciú ag na Connachtaigh i Staid Dexcom, faraor.

In ainneoin bhuntáiste an bhaile, bhí foirne na hAlban róláidir don dá chúige eile. Fós féin,  d’aimsigh na hUltaigh dhá phointe bónais agus iad i gcoinne Dhún Éideann i mBéal Feirste ach níor éirigh leis na Muimhnigh ach pointe amháin a chlárú i Luimneach i gcoinne Ghlaschú. Drochthús go cinnte.

Is ar Treviso na hIodáile a bheas triall Chúige Chonnacht anocht agus iad ar thóir a gcéad phointí i gcoinne Benetton, foireann a d’aimsigh dhá phointe i mBabhta 1 i gcoinne na Dragons.  Is cinnte nach raibh Benetton sásta leis an toradh sin agus buntáiste an bhaile acu. Ach an oiread le foireann na Gaillimhe, beidh siadsan iad féin ag iarraidh rudaí a cheartú ón gcéad iarracht in URC an tséasúir seo. Is ábhar dóchais do na Connachtaigh nach mbeidh paca Benetton fiú leath chomh fisiciúil leis na Lions. Lean chois sin, má ghearrann siad siar ar na botún láimhseála, thabharfainn seans do Chúige Chonnacht.

Is i Durban a bheas an choimhlint idir Cúige Laighean agus foireann na háite, na Sharks. In ainneoin an bhua baile maith a bhí ag na Sharks ar na hOspreys i mBabhta 1 (41-24), is cinnte go mbeidh Leo Cullen ag súil le taispeántas ar an ardchaighdeán céanna óna chuid ógánach arís an deireadh seachtaine seo. Is fiú a mheabhrú freisin gur le farraige seachas ar thalamh ard a bheas an cluiche seo á imirt. Is cinnte go gcuideoidh sé sin le fuinneamh na Laighneach. De bharr gur san Afraic atá an cluiche seo á imirt, tá drogall orm bua a thuar do na curaidh, ach níl mé á chur as an áireamh ach oiread.

Is deacair bua do na hUltaigh a thuar agus iad as baile i gcoinne Ghlaschú amárach. Tá  sprid agus dóchas ag Glaschú anois ón mbua le pointe bónais a bhí acu as baile i gcoinne na Muimhneach i mBabhta 1. Roimh thús an chomórtais, seans go raibh foireann bainistíochta Ghlaschú beagnach cinnte go mbeadh ar a gcumas iomlán pointí a shlánú sa gcoimhlint seo. Tá súil agam nach mbeidh an ceart acu!

Tá cluiche crua baile eile roimh na Muimhnigh arís an deireadh seachtaine seo agus Bulls na hAfraice Theas ag teacht go Luimneach. Sa gceathrú háit ar an tábla, áit amháin chun cinn ar Chúige Mumhan a chríochnaigh na Bulls an séasúr seo caite. Bhí bua éasca ag na Bulls ar Zebre (47-13) an tseachtain seo caite. Caithfear dul siar chomh fada le Samhain 2022 le teacht ar bhua do na Muimhnigh ar na Bulls i Luimneach. D’imir na foirne seo a chéile ar fhód Thuamhan in 2025, ach chaill Cúige Mumhan 13- 16 . Chas siad ar a chéile san Afraic Theas faoi dhó in 2026.  Bhuaigh na Bulls an dhá chluiche sin. Tráthnóna crua eile roimh Chúige Mumhan amárach!

Fág freagra ar 'RUGBAÍ: Cúige Chonnacht ag triall ar Treviso ar thóir a gcéad phointí'