Cuirfear tús an bhliain seo chugainn le cúrsa nua oiliúna a bheidh dírithe ar mhúinteoirí a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge.
D’fhógair Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) go bhfuil faomhadh faighte ón gComhairle Mhúinteoireachta clár nua trí Ghaeilge a chur ar fáil.
Is é seo an chéad uair do UCC clár oideachais i nGaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí.
Tosóidh na chéad mhic léinn ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunoideachas) i mí Mheán Fómhair 2027. Mairfidh an cúrsa lánaimseartha dhá bhliain. Is trí Ghaeilge amháin a reáchtálfar an cúrsa.
Chuir an tAire Oideachais agus Óige, Hildegarde Naughton “fáilte mhór” roimh an scéala go mbeadh an cúrsa nua ag tosú i bhfómhar na bliana seo chugainn.
“Is garsprioc shuntasach í seo don oideachas lán-Ghaeilge agus léiríonn sí tiomantas agus comhoibriú na ndaoine uile a d’oibrigh chun an clár a thabhairt ón gcoincheap go dtí an soláthar. Is mian liom comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine go léir a raibh baint acu leis an gcéim thábhachtach seo a bhaint amach,” a dúirt sí.
“Tá muinín agus inniúlacht daoine óga i labhairt na Gaeilge a neartú, laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá agam mar Aire.”
Tá an cúrsa nua i UCC ar cheann de phéire nua atá faofa ag an aire chun tuilleadh múinteoirí a chur ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge.
Tá sé i gceist go gcuirfeadh Ollscoil na Gaillimhe an cúrsa eile ar fáil, áit a bhfuil Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) do mhúinteoirí dara leibhéal ar fáil cheana féin trí Ghaeilge.
Is é an Dr T.J. Ó Ceallaigh, Ceann Scoil an Oideachais in UCC, a bhí i gceannas ar leagan amach an chláir nua don ollscoil atá dírithe ar an tumoideachas.
“Bíonn níos mó ná inniúlacht sa teanga féin ag teastáil chun dul i mbun teagaisc trí Ghaeilge. Bíonn gá le tuiscint dhomhain ar oideolaíocht an tumoideachais, ar an gcuraclam, agus ar chomhthéacsanna seomraí ranga éagsúla.
“Tugtar le chéile na gnéithe sin ar an gclár nua seo in UCC chun teagasc atá bunaithe ar thaighde a chur ar fáil ina gcuirtear béim mhór ar an ionchuimsiú, ar an ilteangachas agus ar an idirchultúrachas.”
Beidh seimineár eolais faoin gcúrsa nua ar siúl ar an 27 Deireadh Fómhair agus tá sonraí breise ar fáil ar shuíomh na hollscoile.
Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag an Aire Oideachais roimh chúrsa bunmhúinteoireachta nua trí Ghaeilge i gCorcaigh'