ÉIRE V AN OSTAIR: Ná bíodh an FAI ag súil le faoiseamh agus foireann na hÉireann fillte ar an mbaile

Tá súil le hagóid de chineál éigin san Aviva anocht agus Éire ag cur fáilte roimh fhoireann na hOstaire i lár na conspóide faoi na cluichí i gcoinne Iosrael

ÉIRE V AN OSTAIR: Ná bíodh an FAI ag súil le faoiseamh agus foireann na hÉireann fillte ar an mbaile

...
Éire v An Ostair
Staid Aviva, 7.45pm
(Beo ar RTÉ)/
...

Beidh imreoirí na hÉireann buíoch go bhfuil an chéad chluiche i gcoinne Iosrael curtha díobh acu. Ach tá ceann eile le teacht Dé Domhnaigh beag seo agus níor cheart dóibh a bheith ag súil le gnáthchluiche baile in aghaidh na hOstaire anocht ach an oiread.

Bogadh an dara cluiche sin i gcoinne Iosrael ó Bhaile Átha Cliath chun na Seirbia agus imní ar an FAI faoi agóidíocht ach fágann an cinneadh sin gurb é cluiche na hoíche anocht i gcoinne na hOstaire an t-aon deis a bheidh ag cuid de lucht tacaíochta na hÉireann a míshástacht faoin scéal ar fad a léiriú.

Cuireadh stop leis an gcluiche i gcoinne Chatar mí Bealtaine nuair a caitheadh liathróidí leadóige ar an bpáirc mar chuid d’agóid i gcoinne an chinnidh dul ar aghaidh leis na cluichí i gcoinne Iosrael agus tá gach seans ann go ndéanfar iarracht léirsiú de chineál éigin a dhéanamh san Aviva anocht.

Tá cinneadh glactha ag an FAI cheana féin na céadta den lucht féachana a bhogadh ó na suíocháin is gaire don pháirc. Deir an FAI go ndearnadh sin mar go bhfuil cluiche na hoíche anocht á úsáid mar thriail agus na hullmhúcháin ar bun do na cluichí a imreofar i mBaile Átha Cliath le linn Euro 2028 ach is cinnte go gcabhróidh sé freisin le smacht a choinneáil ar an slua.

Tá an feachtas ‘Stop the Game’ tar éis éileamh eile a dhéanamh ar imreoirí na hÉireann gan an dara cluiche i gcoinne Iosrael a imirt ach beifear ag súil go mbeidh aon agóid a dhéanfar dírithe ar an FAI seachas ar na himreoirí féin.

Tá an cúl báire Gavin Bazunu ar ais sa scuad tar éis dó cinneadh a dhéanamh gan páirt a ghlacadh sa gcluiche i gcoinne Iosrael. Tá sé ráite ag an mbainisteoir Heimir Hallgrímsson go rachaidh Bazunu ar ais go dtí a chlub, Bolton, i ndiaidh an chluiche tráth go mbeidh an chuid eile den scuad ag dul chun na Seirbia don dara cluiche in aghaidh Iosrael.

Thug oifigigh ón FAI le fios i dTithe an Oireachtais inné go bhfuil an chuma ar an scéal anois nár labhair duine ar bith le Bazunu ná leis na cúil bháire eile roimh ré faoin gcluiche i gcoinne Iosrael ná faoin gconspóid a bhain leis agus tá ceisteanna fós le freagairt faoin scéal ar fad.

Dúirt an bainisteoir go rachaidh cluiche an Domhnaigh ar aghaidh agus nach gceapann sé go mbeidh vóta eile ann i measc na n-imreoirí mar a bhí an tseachtain seo caite, cé gur admhaigh sé nach raibh sé ag súil le ceann an uair sin ach an oiread.

Ábhar iontais é gur imir na himreoirí chomh maith is a d’imir thall i bPristina agus cé gur beag caint atá déanta faoin Ostair go dtí seo, is maith is eol do Hallgrímsson go mbeidh taispeántas chomh maith céanna nó níos fearr ag teastáil chun an ceann is fearr a fháil ar dhream a bhfuil an dá chluiche acu go dtí seo buaite ag foireann na hOstaire 3-1.

Fág freagra ar 'ÉIRE V AN OSTAIR: Ná bíodh an FAI ag súil le faoiseamh agus foireann na hÉireann fillte ar an mbaile'