Éire le tús a chur le feachtas nua atá faoi scáth na ndúshlán atá le teacht

Imreoidh Éire anocht i gcoinne na Cosaive sa chéad chluiche acu i Sraith na Náisiún i mbliana

Éire le tús a chur le feachtas nua atá faoi scáth na ndúshlán atá le teacht

Éire v An Chosaiv – Pristina
7.45pm
(Beo ar RTÉ)

Ní hé seo an cluiche a bhfuil chuile dhuine ag trácht air ach cuirfidh foireann sacair na hÉireann tús lena feachtas i Sraith na Náisiún anocht le cluiche i gcoinne na Cosaive i Staid Fadil Vokrri thall i bPristina.

Tá an cluiche seo faoi scáth na gcluichí i gcoinne Iosrael atá le teacht idir seo agus an 4 Deireadh Fómhair agus an cáineadh a rinne Cumann Sacair Iosrael ar bhainisteoir na hÉireann Heimir Hallgrímsson i measc na scéalta atá tagtha chun cinn le seachtain.

Rinne Hallgrímsson agus Dara O’Shea, atá ina chaptaen ar an bhfoireann agus Nathan Collins gortaithe, iarracht na cluichí i gcoinne Iosrael a chur go leataobh i rith na seachtaine ag rá go rabhthas ag díriú go hiomlán ar an gcluiche i gcoinne na Cosaive.

Beidh sé nach mór dodhéanta acu éalú ón gconspóid go hiomlán ach beidh faoiseamh éigin acu ar an bpáirc anocht agus an Chosaiv ar an gcloch is mó ar a bpaidrín ar feadh 90 nóiméad.

Ní bhfuair an Chosaiv ballraíocht le UEFA go dtí 2016 agus is é seo an chéad uair go gcasfaidh an fhoireann ar Éirinn. Is é seo an chéad uair chomh maith ag an gCosaiv i Sraith B den chomórtas agus an t-ardú céime go dtí an dara roinn faighte acu anuraidh tar éis dóibh tír dhúchais Hallgrímsson, an Íoslainn, a bhualadh le dhá chluiche.

D’aimsigh an tosach Vedat Muriqi trí chúl sa dara cluiche agus níl aon amhras ach gurb eisean laoch na foirne. D’aimsigh sé 23 cúl do Mallorca i La Liga an séasúr seo caite, gaisce nár sháraigh ach Kylian Mbappé Real Madrid. Is le Fenerbache atá sé anois agus sé chúl i sé chluiche aimsithe aige sa Tuirc.

Fear láidir é Muriqi agus seans go n-aireoidh Éire uathu Nathan Collins i lár na cosanta. Níl Séamus Coleman sa scuad ach an oiread agus an Conallach fós gan club ó d’fhág sé Everton i rith an tsamhraidh.

Beidh Éire ag brath arís ar Troy Parrott chun deiseanna ar chúil a chruthú agus a scóráil. Tá tús maith curtha ag Parrott lena sheal le Real Betis, cé gur fhan sé ar an mbinse sa dá chluiche dheireanacha a bhí ag Betis, rud a fhágann nach mbeidh aon easpa fuinnimh ag cur as dó i ngeansaí na hÉireann.

Rogha eile atá ag Éirinn i measc na dtosaithe ná Owen Elding. Tá iarimreoir Sligo Rovers ag imirt go maith do Hibernian thall in Albain le bliain anuas ach bhí air fanacht go dtí go bhfuair sé a shaoránacht agus a phas sula bhfaigheadh sé deis imirt d’Éirinn ach tá na cúrsaí sin socraithe faoi dheireadh agus é ar fáil do Hallgrímsson.

Tá laethanta fada, deacra i ndán d’imreoirí na hÉireann chomh luath agus a fhágfaidh siad an Chosaiv. Ní bheidh i gcúrsaí ar an bpáirc ach cuid bheag de, ach chabhródh sé beagáinín leo féin dá mbeadh taispeántas maith tugtha acu agus trí phointe ina bpóca acu.

Fág freagra ar 'Éire le tús a chur le feachtas nua atá faoi scáth na ndúshlán atá le teacht'