‘Freagraíonn an Rialtas ceisteanna nár cuireadh orthu seachas na cinn atá againn’ – frustruchas agus imní mhuintir duine de Chúigear ULM

Tá Daniel Tatlow-Devally ar dhuine de chúigear gníomhaithe atá os comhair cúirte sa Ghearmáin – tá an triail ag tosú arís inniu - mar gheall ar agóid a reáchtáil siad i monarcha arm Elbit Systems, atá faoi úinéireacht Iosraelach. Labhair muintir Daniel le Tuairisc

‘Freagraíonn an Rialtas ceisteanna nár cuireadh orthu seachas na cinn atá againn’ – frustruchas agus imní mhuintir duine de Chúigear ULM

Deir muintir Daniel Tatlow-Devally – fear as Baile Átha Cliath atá á choinneáil ina aonar sa Ghearmáin ar feadh 23 uair an chloig sa lá agus gan é ciontaithe as aon ní – le Tuairisc go bhfuil siad “an-díomách” faoi fhreagra an Rialtais ar chás Daniel.

Tá Daniel ar dhuine de chúigear gníomhaithe atá os comhair cúirte sa Ghearmáin – tá an triail ag tosú arís inniu – mar gheall ar agóid a reáchtáil siad i monarcha arm Elbit Systems, atá faoi úinéireacht Iosrael, i gcathair Ulm sa Ghearmáin i Meán Fómhair 2025.

Rinne an cúigear, ar a dtugtar an Ulm 5, iad féin a scannánú, bratach na Palaistíne acu agus iad ag gáire. Tá siad faoi choimeád sa phríosún ó gabhadh iad.

Labhair Mimi, máthair Daniel (a úsáideann na forainmneacha neodracha “siad” agus “iad”), agus Clara, deirfiúr Daniel, faoin gcás. Tá Daniel, atá 32 bliain d’aois agus arb as an gCarraig Dhubh dó, “ag seasamh an fhóid go láidir”, a deir siad.

Ach tá frustrachas orthu mar gheall ar an tslí atá Rialtas na hÉireann ag caitheamh leis an gcás. Deir siad go mbíonn airí rialtais “ag freagairt ceisteanna nár cuireadh orthu” seachas na ceisteanna a cuireadh orthu.

Ní cheadaítear do chúigear Ulm ach dhá chuairt leathuaire sa mhí. “Ba í an chuairt is déanaí ná cuairt a thug m’athair ar Daniel ag tús na míosa seo, bliain agus cúpla lá tar éis na heachtra,” a deir Clara.

“Chuaigh m’athair ann don chuairt leathuaire agus dúirt sé go raibh cuma mhaith ar Daniel agus go raibh dea-ghiúmar air.

“Tá sláinte mhaith agus dea-ghiúmar ar Daniel, i ndáiríre – chomh maith agus is féidir a bheith nuair a bhíonn tú faoi ghlas i d’aonar ar feadh trí huaire is fiche sa lá – ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé ag déanamh go maith leis an gcoimeád aonair seo go dtí seo.

“Deirim ‘go dtí seo’ i gcónaí mar, dar liom, ní féidir le duine ar bith rá cá bhfuil a bhrisphointe. Ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag aon duine againn cathain a d’fhéadfadh a leithéid tarlú dúinn féin nó d’aon duine eile.”

Tá máthair Daniel chun dul go dtí an Ghearmáin le bheith lena mac.

“Táim ar tí dul anonn mé féin anois. Agus ansin beidh mé i láthair don chuid eile den triail. Mar sin, beidh mé sa bhaile nuair a bheidh sosanna ann, ach seachas sin ní bheidh. Is costas ollmhór é, ach má tá triail éagórach le cur ar dhuine de mo pháistí, ní ligfidh mé dóibh dul tríd sin gan mise a bheith in éineacht leo.”

Tá frustrachas ar an teaghlach mar gheall ar an gcaoi atáthar ag caitheamh le Daniel agus leis an gceathrar eile.

“Tá breis agus bliain caite anois agus tá sé an-deacair é a thuiscint,” a deir Mimi.

“Níor cheart go mbeadh aon duine den chúigear sa phríosún ar chor ar bith agus iad faoi choinneáil réamhthrialach. Níl aon chion curtha i leith aon duine. Níor gortaíodh aon duine. Níor bagraíodh dochar de chineál ar bith ar aon duine fiú.”

Deir sí go bhfuil sé “an-deacair” an scéal a thuiscint ó thaobh riar na córa de.

“Mar shampla, rinne lucht agóide aeráide Last Generation sa Ghearmáin rudaí den chineál céanna agus rinne mórán an méid céanna damáiste a líomhnaítear a rinneadh sa chás seo (cé nach gcreidim féin na figiúirí in aon chor).

“Ach ar aon nós, líomhnaíodh damáiste den mhéid céanna i dtéarmaí airgid ina gcás siúd, agus fós níor coinníodh aon duine acu faoi choinneáil réamhthrialach ar an dóigh seo. Dá bhrí sin, is léir go bhfuil eisceacht á déanamh díobh siúd a léiríonn dlúthpháirtíocht leis an bPalaistín.”

Líomhnaíonn ionchúisitheoirí na Gearmáine go ndearna an grúpa damáiste thart ar €1 milliún agus tá siad cúisithe faoi Alt 129 de chód coiriúil na tíre, a bhaineann le ballraíocht in eagraíocht choiriúil.

Deir teaghlach Daniel freisin go bhfuil an cás á thriail i seomra cúirte speisialta a d’iarr an breitheamh féin.

“Tugtar isteach iad agus iad faoi ghreim ag lucht slándála atá feistithe i veisteanna frithscine [sá-dhíonach] agus bríste treisithe agus cannaí de dheoirghás agus bataí acu. Cur chuige thar a bheith crua atá ann.”

Mar sin féin, is cúis spreagtha dóibh an bualadh bos tacaíochta a chloistear ón ngailearaí poiblí gach uair a thugtar ar ais sa chúirt iad.

Dar le Mimi, is é an rud is deacra a thuiscint ná gur tharla sé mar gheall ar agóid shíochánta, neamhfhoréigneach agus mar go ndearna siad físeán díobh féin agus iad ag miongháire agus bratach na Palaistíne acu.

Deir Mimi nach bhfuil cead acu an triail a phlé le Daniel ar bhealach ar bith.

“Tá cosc air sin. Ach is féidir linn a thuiscint ón méid atá feicthe againn gur theastaigh uathu seasamh leis an méid a rinne siad. Níor chaith siad maisc. Rinne siad físeán díobh féin.

“Bhraith siad go raibh siad ag cloí leis an dlí idirnáisiúnta, rud a bhí an Ghearmáin ag diúltú a dhéanamh, dar leo, agus í ag seoladh arm chuig tír a bhí ag cur cinedhíothú i bhfeidhm, cé gur shínigh an Ghearmáin an Coinbhinsiún um Chinedhíothú. Bhí siad uile ina gcónaí sa Ghearmáin agus bhraith siad nach bhféadfaidís a bheith páirteach leis sin a thuilleadh.”

Tá litir oscailte scríofa ag 18 Feisire i bhParlaimint na hEorpa ina gcuireann siad in iúl an imní atá orthu faoin gcaoi a bhfuiltear ag caitheamh le Cúigear Ulm, agus chuaigh grúpa traspháirtí ó Thithe an Oireachtais go Stuttgart chun freastal ar an triail. Labhair roinnt dá mbaill, ina measc na Teachtaí Dála Barry Ward (Fine Gael), Richard Boyd Barrett (Pobal Seachas Brabús) agus Mairéad Farrell (Sinn Féin) go poiblí faoin gcruachás ina bhfuil an cúigear.

Agus cé go bhfuil sé ráite ag an Taoiseach Micheál Martin go raibh an rialtas i dteagmháil le teaghlach Daniel, níl Mimi agus Clara sásta le cur chuige Rialtas na hÉireann.

“Is cúis mhór frustrachais é sin dúinne mar theaghlach. Ba mhaith liom a rá, agus bheinn buíoch dá gcinnteofá go luaitear é seo, go bhfuilimid fíorbhuíoch as na cuairteanna consalachta a fhaigheann Daniel, mar má tá tú faoi ghlas ar feadh trí huaire fichead sa lá, mar atá i gcás Daniel, is rud fíorluachmhar í gach cuairt bhreise.”

Ach ní leor na cuairteanna sin.

“Is é atáimid a iarraidh ná go gceadóidh an Rialtas rud atá go hiomlán éagsúil, is é sin breathnóir a chur chuig triail saoránaigh thar lear.

“Ní rud neamhghnách é sin agus ní mheastar gur cur isteach ar thriail é. Mar sin féin, bíonn an Rialtas ag insint dúinn arís agus arís eile nach féidir leo cur isteach ar an triail, rud nár iarramar orthu a dhéanamh. Mar sin, tá siad ag freagairt ceiste nár chuireamar orthu, agus níl siad ag freagairt na ceiste a chuireamar i ndáiríre, sé sin: an gcuirfidh sibh breathnóir sall?”

Tá litreacha faighte ag an teaghlach ón Aire Gnóthaí Eachtracha, Helen McEntee. Dúirt Mimi, áfach: “Sea, faighimid litir. Is í an litir chéanna í a fhaigheann na Teachtaí Dála.

“Faigheann gach duine an litir chéanna. Athraíonn sí beagáinín le himeacht ama. Agus níl inti ach freagracht a chur ó dhuine go duine eile. Freagraíonn sí ceisteanna nár chuireamar. Deir na litreacha, ‘ní féidir linn idirghabháil a dhéanamh’, ach níor iarramar orthu idirghabháil a dhéanamh. D’iarramar orthu breathnóir a chur ann. Ní thugann siad freagra ar an gceist sin.

“Deir siad gurb í an fhoireann dlí sa Ghearmáin atá freagrach as cosaint Daniel, agus is fíor sin gan amhras. Ach níor iarramar orthu aon ní a dhéanamh faoi chosaint Daniel. D’iarramar breathnóir orthu. Agus gach uair a iarraimid breathnóir, ní fhaighimid freagra.”

Tá ardmholadh ag teaghlach Daniel don “tacaíocht ollmhór” ó bhaill an Oireachtais a thaistil go Stuttgart.

“Bhí an oiread sin uafáis orthu faoin méid a chonaic siad gur fhan siad i dteagmháil linn ó shin, uaireanta ar bhonn laethúil fiú. Táimid faoi chomaoin ag an tacaíocht atá á tabhairt acu dúinn agus táimid fíorbhuíoch aisti. Déanann sé difríocht ollmhór.”

Bhí baill an Oireachtais i láthair ag an triail mar ionadaithe poiblí, ach ní raibh aon oifigeach consalachta in éineacht leo agus ní raibh cead acu nótaí a ghlacadh.

Ní raibh ansin ach ceann de na nósanna imeachta aisteacha a bhain leis an triail, dar le Mimi.

“Níl aon tras-scríbhinn den triail seo ann agus sin é an fáth go dteastaíonn breathnóir uainn. Ní le haghaidh seó éigin a dhéanamh é. Teastaíonn breathnóir uainn ar chúis an-phraiticiúil. Is í an breitheamh a chinneann cad atá ceadaithe a thaifeadadh maidir le himeachtaí na trialach agus dhiúltaigh sí cead a thabhairt don chosaint duine a bheith i láthair chun nótaí a ghlacadh le linn na n-imeachtaí.

“Ní ligfeadh sí fiú do na hionadaithe parlaiminte a bhí i láthair nótaí a ghlacadh. Ní raibh cead acu peann a thabhairt leo. Ní raibh cead acu fiú a gcriosanna a chaitheamh.”

Le linn na trialach, d’fhoilsigh údarás slándála agus faisnéise stáit sa Ghearmáin – Oifig Stáit Baden-Württemberg um Chosaint an Bhunreachta – tuarascáil oifigiúil ina bhfuil tagairt do ghníomhartha a mhaígh siad a bhí ina “cionta frith-Sheimíteacha” a raibh “cúis pholaitiúil leo”. Dúradh go raibh a leithéid ag dul i méid i ndiaidh ionsaí Hamas in Iosrael an 7 Deireadh Fómhair 2023.

Déantar tagairt sa tuarascáil don Ulm 5 agus deirtear gur “ionsaigh” siad an cuideachta Iosraelach. Déantar cur síos inti ar na príosúnaigh mar “chúigear ball den líonra antoisceach tuata, pro-Phalaistíneach ‘Palestine Action’, a fheidhmíonn go hidirnáisiúnta”.

Níor ciontaíodh aon duine den chúigear as aon choir go fóill. Cé nach triail ghiúiré atá i gceist, tá eagla ann go bhféadfadh tuarascálacha den sórt sin tionchar a imirt ar chúrsaí.

Labhair Clara faoin imní atá uirthi faoi phreasráiteas eile ina dtugtar le fios, dar léi, “go bhfuil baint éigin ag daoine a fhreastalaíonn ar an triail leis an antoisceachas seo”.

“Mar sin anois tá smeartha déanta ar an iomlán dínn. Na máithreacha, na cairde, na teaghlaigh, gach uile dhuine, gur antoiscigh muid go léir! Sceimhlitheoirí! Daoine atá ag iarraidh teacht chuig an triail. Agus féachaint ar a bhfuil ag tarlú!”

Deir deirfiúr Daniel gur iarracht é seo coirpigh a dheanamh d’aon duine go bhfuil baint acu leis an gcás agus gur “rabhadh” é dhaoine atá ag dul chuig an triail.

In ainneoin a n-imní, tá dóchas ag teaghlach Daniel go mbeidh toradh dearfach ann, ós rud é go bhfuil foireann dlí an-láidir, a bhfuil neart taithí acu, ag cosaint an cúigear.

“Is í an fhírinne, faraor, ná nach bhfuil brainse dlí an stáit agus brainse polaitiúil an stáit scartha chomh mór sin sa Ghearmáin,” a deir Mimi.

“Go deimhin, is rud é sin a leagann eagraíochtaí cearta sibhialta béim air gach bliain.”

“Ach Tá dóchas ann. Bíonn dóchas ann i gcónaí. Agus tá taithí ag dlíodóirí Daniel agus na dlíodóirí eile ar chásanna den chineál seo, agus tá go leor acu láimhseáilte acu cheana. Tá sár-obair á déanamh acu.”

Fág freagra ar '‘Freagraíonn an Rialtas ceisteanna nár cuireadh orthu seachas na cinn atá againn’ – frustruchas agus imní mhuintir duine de Chúigear ULM'