‘Tá mise 40 bliain sa státseirbhís agus níor tháinig mise trasna riamh ar obair chomh casta’ – Ceannasaí Roinn na Gaeltachta faoin reachtaíocht teanga

Dúradh ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais go raibh súil ann na caighdeáin teanga críochnaithe a bheith foilsithe roimh dheireadh an earraigh in 2027

‘Tá mise 40 bliain sa státseirbhís agus níor tháinig mise trasna riamh ar obair chomh casta’ – Ceannasaí Roinn na Gaeltachta faoin reachtaíocht teanga

Deir Roinn na Gaeltachta go dtosófar “go luath” ar an bpróiseas comhairliúcháin maidir leis na caighdeáin teanga, an córas nua a leagfaidh dualgais ar an státchóras maidir le seirbhísí poiblí i nGaeilge. Beidh an obair sin curtha i gcrích laistigh de sé mhí, a deir sé.

Tá na caighdeáin, a thiocfaidh in áit chóras na scéimeanna teanga, ar cheann de phríomhbhearta na reachtaíochta teanga a ritheadh ag deireadh 2021. Bhí sé i gceist an córas nua a chur i bhfeidhm roimh dheireadh 2024 agus imní léirithe ag an gCoimisinéir Teanga agus ag polaiteoirí faoin moill.

Faoin gcóras nua caighdeán teanga, leagfar dualgais chaighdeánacha teanga ar chomhlachtaí poiblí bunaithe ar an méid teagmhála a bhíonn acu leis an bpobal.

Ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt an Dr Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta, go raibh cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga sin níos casta ná aon rud eile a bhí feicthe aige.

“Tá mise 40 bliain sa státseirbhís an mhí seo chugainn agus níor tháinig mise trasna ar phíosa oibre chomh casta leis an bpíosa oibre seo atá ar bun don togra seo uilig,” a dúirt Mac Cormaic agus é ag labhairt ar ullmhú na gcaighdeán, an sprioc earcaíochta 20% agus na bearta eile ata mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021.

“Chuile uair go n-osclaíonn muid doras ar an togra seo, feicimid líne de dhoirse eile atá le hoscailt againn. Tá sé fíor–, fíor-chasta an obair seo…ach táimid sásta anois go bhfuil na páirtithe leasmhara uilig istigh ag caint timpeall ar na boird éagsúla,” a dúirt sé.

Maidir leis na caighdeáin teanga, dúradh go raibh súil ann go ndéanfaí fógra faoi thús an phróisis chomhairliúcháin go luath. Cuirfear na dréacht-chaighdeáin faoi bhráid an Choiste Chomhairligh um Sheirbhísí Gaeilge ar dtús, beidh comhairliúchán leis na ranna rialtais ansin agus reáchtálfar próiseas comhairliúchán poiblí ar deireadh.

Dúradh go raibh súil ann go mbeadh an obair chomhairliúcháin sin uile curtha i gcrích faoi dheireadh earrach na bliana seo chugainn. Léirigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Aengus Ó Snodaigh, amhras go mbainfí amach an spriocdháta sin, ach dúradh go raibh an scéal ina thosaíocht ag Aire na Gaeltachta Dara Calleary agus go bhfuil sé ag iarraidh go gcloífí leis an spriocdháta is déanaí.

“Tá muidne ag súil go mbeidh na caighdeáin imithe tríd an bpróiseas comharliúcháin agus foilsithe sa gcéad ráithe. Sin an sprioc atá leagtha amach dúinne agus atá an tAire ag iarraidh,” a dúirt Mac Cormaic.

Dúirt sé go gcabhróidh na caighdeáin teanga leis an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach agus go léireofar sa chóras nua cá bhfuil an t-éileamh ar chainteoirí Gaeilge sa seirbhís phoiblí.

Is é an sprioc reachtúil ná gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheidh i 20% de dhaoine a earcaítear chuig an tseirbhís phoiblí faoi dheireadh 2030.

Dúirt Mac Cormaic gur cheap sé roimhe seo nach mbainfí an sprioc 20% amach ach go raibh cúrsaí ag dul sa treo ceart anois. Dúirt sé go raibh an-chomhoibriú ann idir na páirtithe leasmhara sa státseirbhís agus go raibh dearcadh “i bhfad níos dearfaí” i leith na Gaeilge sa státchóras le hais mar a bhí.

“Tá muid ag athrú chultúr an státchórais anseo agus ní dhéantar é sin thar oíche,” a dúirt sé.

Dúirt Mac Cormaic gur “togra naoi mbliana” a bhí i mbaint amach na sprice earcaíochta, ó thús 2022 go dtí deireadh 2030, agus nach raibh muid ach ag “lárphointe” na tréimhse sin.

Dúirt sé go raibh “go leor struchtúir” curtha ar bun chun an sprioc a bhaint amach agus go raibh sé ag súil le toradh na hoibre sin a fheiceáil.

Fág freagra ar '‘Tá mise 40 bliain sa státseirbhís agus níor tháinig mise trasna riamh ar obair chomh casta’ – Ceannasaí Roinn na Gaeltachta faoin reachtaíocht teanga'

  • MícheálÓNéill

    Go bhfóire Dia ar phobal na Gaeilge! Tá cúrsaí ina mhias gan caighdeáin teanga a bheith leagtha síos sa reachtaíocht! Má theipeann ar spriocanna an 20%, sínfear an mhéar ar an dream ba chúis leis an teipeadh! Náireach an mhíréir!