An Gael ag éirí gann in impireacht dhomhanda na príomhroinne

Drochmhisneach a chuirfeadh líon na nÉireannach i bPríomhroinne Shasana ar dhuine agus ní le gairid atá sin le feiceáil

An Gael ag éirí gann in impireacht dhomhanda na príomhroinne

Chuile mhaidin Luain santaím an leathanach sin san Irish Times ina mbíonn liosta de na hÉireannaigh a d’imir an cúpla lá roimhe sin sna sraithchomórtais éagsúla sacair a bhíonn ar bun sa mBreatain thall. An Premiership ar bharr an liosta agus síos uaidh sin na ranna eile.

Liosta téagartha go maith atá ann. Bíonn sé chomh fada anois nach dtugtar ach ainmneacha na n-imreoirí a chuaigh chun páirce. Go dtí le gairid bhíodh fáil freisin orthu siúd nár roghnaíodh an deireadh seachtaine sin nó iadsan a bhíodh gortaithe. Cheal spáis ní bhactar leosan anois.

Fiú dá n-uireasa siúd, bhí 111 imreoir de chuid na tíre seo ar an 104 foireann a chuaigh chun páirce Satharn agus Domhnach na seachtaine seo caite.

Príomhroinn na hAlban is mó a chuirfeadh iontas ort, bhí cúigear Éireannach déag ar an bpáirc sa leathdhosaen cluiche a imríodh – siad Glasgow Rangers agus Dundee amháin nach raibh a leithéid acu, ach is imreoir idirnáisiúnta de chuid na tíre seo é Kieran O’ Hara an cúl báire ionaid a bhí ag Dundee nuair a d’imir siad féin agus Hibernian a chéile.

Drochmhisneach, faraor, a chuirfeadh colún na Príomhroinne i Sasana ar dhuine agus ní le gairid atá sin le feiceáil. Ceathrar Éireannach a chuaigh chun páirce ansiúd an deireadh seachtaine seo caite  – Caoimhín Kelleher agus Nathan Collins a d’imir do Brentford in aghaidh Leeds, John Egan a d’imir do Hull ina mbua 1-0 ar Coventry agus d’imir Dara O’ Shea do Ipswich sa gcluiche inar thug Manchester United greadadh 5-2 dóibh.

Ní móide go dtiocfaidh mórán d’athrú ar sin. Tá cúpla duine eile ar phainéal éagsúla – ba é Mark Travers an báireoir ionaid a bhí ag Everton, a bhfuil Jake O’ Brien ag iarraidh imeacht uathu. Tá Kasey McAteer agus Jack Taylor cláraithe ag Ipswich ach tá Chiedozie Ogbene tugtha ar iasacht acu siúd, mar atá Alex Murphy ag Newcastle. Ní fada is cosúil a bheidh Evan Ferguson in Brighton.

Triúr nó ceathrar chuile sheachtain – sin atá i ndán dúinn, is cosúil

Is mór idir sin agus an t-am a dtáinig an Premiership ar an saol i 1992-93. Sasanaigh ar ndóigh ba líonmhaire ansiúd – bhí 219 acu siúd i gceist. Ach ba Éireannaigh an gasra ba ghaire díobh – 31 acusan a bhí ann, agus bhí 24 Albanach, 16 Breathnach agus deichniúr as Tuaisceart Éireann agus as an Astráil ag imirt. Dornán beag as Mór-Roinn na hEorpa ab ea an chuid eile.

As míshástacht a bhí ar na clubanna a bhí sa rannóg ab airde i Sraitheanna Shasana (Roinn 1 ag an am) a tháinig an scoilt. Bhunaigh siadsan sraith chorparáideach – iad féin i mbun stiúrtha agus príomhfheidhmeannach i mbun bainistíochta. The Premiership a thugadar air.

É a bheith tugtha faoi deara acu go raibh sraithchomórtais na Breataine ag titim chun deiridh orthu siúd ar Mhór-Roinn na hEorpa ba chúis lena míshuaimhneas. Chuir an cosc cúig bliana a bhí ar fhoirne Shasana a bheith i gComórtais na hEorpa de bharr thubaiste Staid Heysel in 1985 isteach go mór freisin orthu. Bhí deireadh leis an mbac sin anois agus thréig úinéirí na gclubanna móra Sasanacha an ceangal sraithe a bhí ann ó 1888

De réir a chéile a tháinig an forás ar an Premiership. Ba bheag athrú a bhí an scéal agus deireadh leis an séasúr ba thúisce – €190 milliún a shaothraigh na clubanna as cearta craolacháin. Ach ina dhiaidh sin tháinig an forás chomh tréan le gaoth an Mhárta

Deich mbliana dar gcionn ba é an Premiership an chéad tsraith ar domhan a raibh teacht isteach €1 billiún aici. Sa gcéad séasúr ar an saol dó ba €87,000 in aghaidh na bliana an meánphá a bhí ag imreoirí. Bhí siad ag saothrú €580,000 ar an meán in 2001/02.

Nuair a cheannaigh Roman Abramovich Chelsea i lár na bliana 2003, ní gaoth a bhí á dtiomáint ach spéirling. Thug seisean €70 milliún ar chlub nár bhuaigh an tSraith le 50 bliain. Anuas air sin ghlan sé na fiacha €95 milliún a bhí orthu. D’fhostaigh sé bainisteoir nua a bhí ag saothrú na milliún. Idir 2004 agus 2006 cheannaigh Jose Mourinho dosaen peileadóirí a bhí ag imirt thar lear agus d’íoc timpeall €250 milliún orthu.

Sasanach amháin (Ashley Cole) a bhí ina measc.

Na blianta sin agus sna cinn a lean ní hamháin gur sháraigh an Premiership aon tsraith sacair eile ar domhan, ach chuir sé bonn faoi a d’fhág go mba impireacht spóirt iomlán dhomhanda a bhí ann.

Ní hé an t-airgead a charnaíonn sé amháin a chruthaíonn sin (teacht isteach ardaithe ó €5 bhilliún deich mbliana ó shin go dtí os cionn €8 mbilliún an séasúr seo caite). Féach gur le hollchomhlachtaí nó stáit anois Arsenal, Liverpool, Manchester City, Chelsea, Manchester United, Everton, Fulham, Crystal Palace agus Leeds Utd.

Tá Wolverhampton faoi úinéireacht comhlacht Síneach, Nottingham Forest i lámha ceann Gréigeach. Is iad Brighton agus Tottenham Hotspur amháin atá i lámha na Sasanach.

Faraor chomh fada agus a bhain sé le plúr imreoirí sacair Shasana, na hÉireann, na hAlban agus na Breataine Bige, ba í an chreill bháis a thug a dteacht siúd agus teacht an airgid.

Ní linn féin atá muid. 40 imreoir a rugadh i Sasana a bhí ar an bpáirc nuair a thosaigh an imirt sa tríú babhta den Premiership, ceathrar Breathnach, ceathrar Éireannach agus triúr Albanach.

‘Ní faide gob an ghé ná gob an ghandail’, a deir siad.

Fág freagra ar 'An Gael ag éirí gann in impireacht dhomhanda na príomhroinne'