Deir Aire na Meán go bhféadfadh úsáid na Gaeilge in ainmneacha comhlachtaí poiblí agus do theidil phost deacrachtaí a chruthú anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan go bhfuil scéalta faighte aige, mar shampla, go gcuireann an t-ainm Coimisiún na Meán mearbhall ar dhaoine nuair a bhíonn rialálaí na meán i mbun oibre go hidirnáisiúnta.
Agus an Bille Craolacháin á phlé i dTeach Laighean, dhiúltaigh an tAire O’Donovan, iar-aire stáit don Ghaeltacht, do mholadh ó Shinn Féin go leasófaí an reachtaíocht chun go mbeadh ‘ardstiúrthóir’ mar theideal oifigiúil ar cheannaire RTÉ, seachas ‘director general’, mar atá ann anois.
Faoin reachtaíocht teanga, is gá d’ainmneacha comhlachtaí poiblí nua-bhunaithe a bheith i nGaeilge amháin.
Dúirt O’Donovan nach mbeadh aon fhadhb aige le leagan Gaeilge a úsáid dá mbeadh RTÉ á bhunú inniu, ach go raibh an leagan Béarla in úsáid ó 1960 agus go raibh an baol ann go gcuirfí mearbhall ar dhaoine.
“Is é mo thuairim é go gcuirfeadh [an t-athrú] mearbhall ar dhaoine ní hamháin anseo sa bhaile ach go hidirnáisiúnta chomh maith.”
Mhaígh sé go bhféadfadh an leagan Gaeilge deacrachtaí a chruthú nuair a bheadh an t-ardsiúrthóir ag obair go hidirnáisiúnta mar gur iondúil go n-aistrítear teidil go dtí teanga oibre an chruinnithe.
Dúirt sé gur thuig sé cén fáth go raibh an leasú á mholadh agus gur thacaigh sé le cur chun cinn na teanga ach go raibh “fasach” ann maidir le húsáid an teidil Bhéarla do cheannaire RTÉ.
Dúirt O’Donovan go raibh scéalta tagtha chuige go raibh an t-ainm Gaeilge ar Choimisiún na Meán, a bunaíodh in 2023, ag cruthú deacrachtaí.
“Tá fadhb againn, agus tá sé seo ráite linn, sa bhaile agus thar sáile leis an ainm Coimisiún na Meán,” arsa O’Donovan. “Cruthaíonn sé deacrachtaí i gcomhthéacs idirnáisiúnta.”
Dúirt O’Donovan go gcaithfí a chinntiú nach gcuirtear “bac” roimh obair an Choimisiúin.
“Tá dhá theanga oifigiúla in Éirinn, de réir an bhunreachta, agus nuair atá rialálaí agat a bhfuil cúram air ó thaobh an lucht féachana, ní hamháin anseo sa bhaile ach do lucht féachana idirnáisiúnta chomh maith….ní bheadh aon dochar ann a chinntiú nach gcuireann muid bac, bac sriantach, roimh dhaoine teagmháil a dhéanamh le rialálaí agus ní dóigh liom go dteastaíonn sin ó aon duine,” a dúirt O’Donovan.
Dúirt an Teachta Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, nach raibh aon chiall le hargóint an Aire agus nach mbíonn aon fhadhb le téarmaí dúchasacha ná cúrsaí aistriúcháin go hidirnáisiúnta.
Dúirt sé go ndéanfadh úsáid ainmneacha Gaeilge an teanga a “normalú” agus nár cheart cloí le rud díreach mar gheall gurb é sin a bhí ann roimhe seo.
I gcás teideal cheannaire RTÉ, dúirt Ó Snodaigh go bhféadfaí ‘ardstiúrthóir’ agus ‘director general’ a úsáid in éineacht ar feadh tamaillín.
Dúirt Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta go gcuirtear fáilte roimhe nuair a roinneann muid “ar gcultúr, ár n-oidhreacht agus ár dteanga”.
Seán Mac Cárthaigh
Ba chóir dó bogadh go Sasana! Go sábhála Dia ón nGaolainn é! A leithéid de thruflais! An ag Coimisún na Meán atá an fhaidhb? Lá Amadán Aibreán?
Darren
Tá na seoiníní i réim sa tír seo gan aon aimhreas
Donncha
Tá seafóid ar an dá thaobh anseo. Ní theastaíonn teideal oifigiúil ar cheannaire RTÉ a athrú, níl ansin ach Sinn Féin ag déanamh beag is fiú.
Ach freisin, ba chóir go mbeadh náire ar O’Donovan a rá gi gcuireann teideal Gaeilge mearbhall ar dhaoine thar Lear. An gcuireann teidil i bhFraincís, i bPolainnis… mearbhall ar dhaoine? Cé na daoine thar lear atá i gceist? Meiriceánaigh?
James Pelow
An seanphort céanna arís ó dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina ngiolla do lucht labhartha an Bhéarla thar lear ar chúis éigin nach dtuigim féin.
Tá an ceart aige go bhfuil dá theanga oifigiúla sa Stát, ar ndóigh, ach ní ann ach d’aon teanga náisiúnta amháin. Tá dul amú air má tá sé ag maíomh go bhfuil comhstádas ag an dá theanga ó thaobh dlí de.
An tEisreachtach
Tá fadhb leis an Teideal ‘Coimisiún na Meán’, dar fia, ach ní hí an ceann atá an dúramán críochnaithe O’Donovan a mhaíomh!
‘Coimisiún na mBan’ an fuaimniú atá ag a lán air – go háirithe ag mná.
Peter
Ní chruthóidh sé deacracht dá laghad do dhaoine atá a d’iarraidh bheith ina saoránaigh de chuid na hÉireann a n-éireoidh leo sa scrúdú Gaeilge.
Dáithí Mac Cárthaigh
Ar phléigh sé an mearbhall seo leis an prime minister nó díreach sa house of representatives (commons)?