Agus daltaí na tíre fillte ar an scoil an tseachtain seo tá sé curtha i leith na Roinne Oideachais go bhfuil an deis ar oideachas lán-Ghaeilge á ceilt ar go leor acu fad is atá an Roinn ag “imirt cluichí lena bhfigiúirí féin”.
Deir an grúpa feachtais Imeasc go bhfuil dhá oiread níos mó éilimh ar an nGaeloideachas ná mar atá an Roinn Oideachais ag tabhairt le fios.
Léirigh suirbhé conspóideach a rinne an Roinn Oideachais anuraidh go raibh 13% de thuismitheoirí a bhfuil a ngasúir i scoileanna lán-Bhéarla ag iarraidh go ndéanfaí scoileanna lán-Ghaeilge de na scoileanna sin.
Tá an figiúir sin á úsáid ag an Roinn mar léiriú ar an éileamh sa phobal ar an ngaeloideachas agus deir lucht cáinte an tsuirbhé nach léargas cruinn atá ann ar chor ar bith ar an bhfíoréileamh atá ar an scolaíocht lán-Ghaeilge.
De réir anailíse atá déanta ag an ngrúpa ar thorthaí shuirbhé na Roinne
26% de thuismitheoirí an stáit atá ag iarraidh go mbeadh an t-oideachas lán-Ghaeilge ar fáil dá gclann.
“Léirigh figiúirí na Roinne féin go raibh 22% de thuismitheoirí a bhfuil a gclann ar scoil cheana féin, i scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna lán-Bhéarla, ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí,” a dúirt Aidan Kinsella ó Imeasc le Tuairisc.
“Nuair a chuirtear san áireamh cohórt eile a ghlac páirt sa suirbhé, tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí ró-óg don scoil go fóill, téann an céatadán sin suas go 26%.”
Dúirt ball eile den ghrúpa, Rachel de Bhailís, atá gníomhach san fheachtas ar son scoil dara leibhéal lán-Ghaeilge i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, go bhfuil an Roinn Oideachais “ag imirt cluichí” lena bhfigiúirí féin in áit a bheith ag tabhairt aghaidh ar an éileamh “timpeall na tíre” atá ar an oideachas lán-Ghaeilge.
“Tá díomá orm go bhfuil an Roinn Oideachais ag iarraidh cluichí a imirt leis na huimhreacha agus na staitisticí. Tá siad i gcónaí ag caitheamh amach na bhfigiúirí agus an caiteachas a rinneadh ar an ngaeloideachas ach ní chuireann siad riamh i gcomparáid iad leis an méid a chaitear ar an oideachas trí Bhéarla.
“Níl siad ag tabhairt faoin nganntanas Gaelcholáistí, ná faoin éileamh timpeall na tíre atá ar an nGaeloideachas, ná an faoin méid contaetha nach bhfuil bunscoil ná meánscoil lán-Ghaeilge iontu,” a dúirt de Bhailís.
Dúirt sí gur údar díomá don ghrúpa feachtais nach bhfuil an Rialtas sásta glacadh le moltaí chun cur leis an soláthar gaeloideachais.
“In ainneoin na staitisticí agus an éilimh shoiléir, níl an Rialtas sásta glacadh leis na moltaí a chuireamar chun cinn, leis an bplean atá leagtha amach againn faoi conas tabhairt faoi seo as seo go ceann 30 bliain. Tá muid réalaíoch faoi agus tá plean againn, ní cóir go mbeadh troid anseo,” a dúirt sí.
Tá thart ar ocht bhfeachtas ar siúl timpeall na tíre le hiar-bhunscoil nó bunscoil nua lán-Ghaeilge a bhunú – i mBaile Átha Cliath 9, Baile Átha Cliath 10 agus 12, i Sord, i gCoill na Silíní, i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo, Tulach Mhór in Uíbh Fháilí, i gCill Dhéagláin i gcontae na Mí agus i gcontae an Chláir.
Deir de Bhailís gurb iad sin na feachtais atá an-eagraithe agus a bhfuil bonn láidir fúthu cheana féin, ach go léiríonn na staitisticí agus a taithí féin go bhfuil tuismitheoirí in áiteanna eile faoin tír atá ag iarraidh go mór go mbeadh scoil lán-Ghaeilge ar fáil dá bpáistí ach nach bhfuil feachtas ceart ann fós.
“Tá daoine i níos mó áiteanna atá ag iarraidh go mbeadh a gclann ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ach nach bhfuil an t-am acu feachtas a chur ar bun.
“Tá an Roinn Oideachais ag spraoi lena figiúirí féin agus ag tabhairt le fios go bhfuil 13% ag iarraidh an ghaeloideachais nuair atá an céatadán i bhfad níos airde ná sin,” a dúirt sí.
Deir Imeasc go bhfuil “tacaíocht thraspháirtí” ag a bhfeachtas ach go bhfuil drogall ar an Roinn Oideachais féin aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna atá siad a chur.
Bhí cruinnithe ag baill Imeasc le polaiteoirí ó pháirtithe éagsúla i gcaitheamh an tsamhraidh, agus tá dóchas ag an ngrúpa go dtabharfar cluas éisteachta dóibh ag leibhéal an Rialtais.
D’fhill 965,000 dalta, os cionn 75,000 múinteoir, agus 23,000 cúntóirí riachtanais speisialta ar scoileanna na tíre an tseachtain seo.
Fág freagra ar 'Dhá oiread níos mó éilimh ar an nGaeloideachas ná mar atá an Roinn Oideachais ag tabhairt le fios – taighde'