Dúisíonn an babaí róluath ar maidin agus í réidh le dul i mbun spraoi agus diabhlaíochta. Is le cúpla mí anuas – ó tháinig sí ar an saol ag tús na bliana – atá eolas ceart curtha agam ar an gceantar seo ar a dtugtar Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Limistéar dhá mhíle cearnach atá sa Cheathrú Ghaeltachta agus deir GoogleMaps liom go síneann sí amach ó bhun Bhóthar na Carraige Báine síos Bóthar na bhFál chomh fada le Páirc Dunville.
Tá mé rite as caife ar maidin ach cén dochar. Tá leithscéal agam anois bualadh isteach chuig Flax, caifé beag galánta atá lonnaithe i seanteach sraithe Victeoiriach ar Bhóthar na bhFál agus a ainmníodh i mbliana mar an caifé is fearr in iarthar na cathrach. Cé nach caifé Gaeilge atá ann per se, is beag lá nach gcloisim Gaeilge á labhairt i measc na gcustaiméirí.
Éiríonn an babaí corrthónach i ndiaidh tamaill agus buaileann muid trasna an bhóthair chuig reilig na cathrach. Tugann plaic ar an ngeata le fios dúinn go bhfuil muid ar ‘Shlí na Gaeltachta’ agus gur anseo a cuireadh Richard Rutledge Kane, ball den Ord Oráisteach a bhí gníomhach i gConradh na Gaeilge. D’fhéadfá uaireanta fada an chloig a chaitheamh ag féachaint ar na leaca uaighe móra maorga de chuid cheannairí tionsclaíochta na cathrach. (Tugann an staraí Seán Fennell turais threoraithe trí Ghaeilge ar an reilig agus is a bhuí leis sin atá buneolas agam ar stair shaibhir na marbh seo.)
Tá Gael-Ionad Mhic Goill suite ar an taobh eile den reilig. Tá muid beagán mall mar is gnáth agus muid ag triall ar an seisiún ‘Suí agus Scíth’, grúpa do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Líonann muid an tseachtain suas leis na seisiúin seo ar fad: an cúrsa suathaireachta do bhabaithe, na seisiúin gharraíodóireachta i nGairdín an Phobail, am scéalaíochta sa leabharlann, agus an grúpa tacaíochta don chothú cíche. Ritheann sé liom go minic nach bhfuil an réimse seirbhísí seo ar fáil as Gaeilge in áit ar bith eile in Éirinn.
Is maith an rud é go mbíonn na seisiúin chéanna ar fáil saor in aisce chomh maith; fágann sé cúpla punt agam dul isteach go Caifé Anam le bagel a fháil don lón. Caifé lán-Ghaeilge é seo atá ag feidhmiú i mbothán réamhdhéanta agus an eagraíocht Glór na Móna i mbun feachtais tiomsaithe airgid le foirgneamh úrnua, Croí na Carraige, a thógáil ar an suíomh. Bíonn brí agus beocht i gcónaí san áit agus an fhealsúnacht ‘Ná habair é, déan é’ mar chúltaca ar an obair.
I ndiaidh an lóin, déanann muid ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich leis an eagrán is déanaí de Comhar a fháil sa siopa leabhar, An Ceathrú Póilí. Mura mbíonn fonn orm dinnéar a réiteach ar ball, gheobhaidh mé stobhach blasta dom féin sa bhialann, Bialann Loch Lao.
Déanann an babaí beag sóisialta cara nua ar an turas bus abhaile, mar is dual di. ‘Your baby keeps smiling at me,’ a deir bean óg liom ón taobh eile den Glider. Nuair a deir mé ainm an bhabaí léi, casann sí ar an nGaeilge láithreach le teann bróid.
Sa tráthnóna, tugann muid ár n-aghaidh ar Spórtlann na hÉireann, áit a bhfuil an traenáil pheile faoi lán seoil. Caitheann m’fhear céile geansaí an chlub – Laochra Loch Lao CLG – agus is leor na dathanna dubh agus buí sin le haird lucht na Gaeilge a tharraingt. ‘An bhfuil Gaeilge ón chliabhán ag an bhabaí sin?’ a bhéiceann fear – nach bhfuil aon aithne againn air – orainn ar an tsráid. Déanann an babaí meangadh mór gáire leis. I gCumann Chluain Árd a d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge, a deir sé linn.
Faoi dheireadh an lae, tá mé spíonta. Tá an babaí gealgháireach réidh don chodladh roimh an gcéad ‘lá gan locht’ eile.
Fág freagra ar 'Ó bhun Bhóthar na Carraige Báine síos Bóthar na bhFál chomh fada le Páirc Dunville…'