Tá an tsraith coiriúlachta Crá le filleadh ar TG4 an fómhar seo agus an dara séasúr i measc na gclár a fógraíodh ag ag seoladh sceideal an fhómhair a bhí ar siúl i Staid Dexcom i gcathair na Gaillimhe inné.
Chruinnigh léiritheoirí, láithreoirí, bainisteoirí, eagarthóirí agus tuilleadh nach iad sa staid athchóirithe ar Bhóthar an Choláiste le plúr na gclár a bheidh á gcraoladh ar an stáisiún Gaeilge as seo go ceann cúpla mí a chur i láthair an phobail.
Beidh Dónall Ó Héalaí ar ais ina ról mar bhleachtaire, Conall Ó Súilleabháin, sa dara séasúr den chlár agus é ag deileáil coirpeach éalaithe as an bpríosún. Díoladh an chéad séasúr den tsraith le beagnach seachtó tír agus tá súil ag TG4 go n-éireoidh chomh maith céanna leis an dara séasúr seo.
Is é Crá an t-aon sraith dhrámaíochta atá ar cceideal an fhómhair i mbliana ach beidh cúpla gearrscannán, a rinneadh faoi scéimeanna tacaíochta TG4, á gcraoladh ar an stáisiún. Is faoin scéim ‘Tús’ a rinneadh na gearrscannáin Capall, scéal coiriúlachta grinn, agus Mí-Ádh, scéal faoi thiománaí tacsaí “a mbíonn air a chuid pleananna a chaitheamh i dtraipisí a bhuí le paisinéir gan choinne”.
Rinneadh An Mháthair agus Ár gCluiche Féinfaoin scéim ‘Céim Eile’. Is faoi mháthair atá ag tabhairt aghaidh ar an duine is cúis le bás a mic An Mháthair, agus is faoi bheirt pheileadóirí Gaelacha agus an caidreamh rúnda atá eatarthu Ár gCluiche Féin.
Tá traidisiún láidir cláir gheandála ag TG4 ón gcéad lá a bunaíodh an stáisiún – idir Cleamhnas,Eochair an Ghrá, Paisean Faisean agus Pioc do Ride. Beidh iarláithreoir Paisean Faisean, Maireád Ní Chuaig, in éineacht lena comhláithreoir Cúán de Búrca, ar ais ar an scáileán ag cabhrú le rannpháirtithe Aperitif an grá a aimsiú.
Láithreoir eile a bheidh ag filleadh ar an scáileán beag i seanról ná Hector Ó hEochagáin a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Mheiriceá Theas arís, 25 bliain ó bhí sé féin agus a chriú ann den chéad uair. Hola Hector: Ó Bogota go Buenos Aires is teideal don chlár nua taistil.
Tá sraitheanna faisnéise faoi chúrsaí grá (Pós Mé)agus faoi chúrsaí an tsaoil sa sceideal nua (Spriocanna Saoil) chomh maith leis an scannán faisnéise An Grá Ciúin, a bhí i bpictiúrlanna na hÉireann níos túisce i mbliana faoin ainm A Quiet Love. Pléifear saol na glúine i lár na 1990idí sa Tuaisceart sa tsraith Glúin an tSosa Cogaidh, an chéad ghlúin a d’fhás aníos sa réigiún tar éis na dTrioblóidí.
Is gnéithe lárnach de sceideal TG4 iad na cláir cheoil agus na cláir spóirt agus beidh siad sin ann go flúirseach an fómhar seo freisin. Beidh Gradam Ceoil TG4 á chraoladh beo as Ceoláras na hOllscoile i Luimneach ar an 13 Meán Fómhair. Déanfar iniúchadh ar an traidisiún amhránaíochta a d’eascair as imeachtaí Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe sa chlár Ceol 1798 agus fiosrófar ceol na feadóige móire agus na fífe i bpobail éagsúla na hÉireann in Foinn na Fliúite – Ceol Comhroinnte na nDaoine.
I Staid Dexcom, páirc imeartha fhoireann rugbaí Chonnacht, a seoladh Sceideal an Fhómhair i mbliana agus ní fada go mbeidh Cuán Ó Flathartha agus Gemma Bhreathnach sa staid arís do chlúdach cuimsitheach TG4 ar an rugar.
Beidh breis agus 40 cluiche le feiceáil ar Rugbaí Beo, agus beidh cluichí á dtaipseáint ar GAA Beoagus Sacar na mBan Beo freisin. Beidh cúrsaí spóirt faoi chaibidil sa chlár faisnéise Réalt na Mara FC, clár ina n-inseofar scéal an chlub ó thuaidh a raibh imreoirí Protastúnacha agus Caitliceacha ann ag imirt taobh le taobh.
Cuirfear tús le Sceideal an Fhómhair inniu an 1 Meán Fómhair.
Fág freagra ar '‘Crá’ le filleadh don dara séasúr ar TG4 agus sceideal an Fhómhair seolta '