Bhí dearthóir intí ar cuairt.
Bhuel, ní dearthóir intí í dáiríre ach cara de mo chuid a bhfuil aithne agam uirthi ó bhí muid ar an mbunscoil le chéile, ach bheadh sé chomh maith aici tabhairt faoi shlí bheatha sa dearthóireacht intí. Tá cáil uirthi i bhfad agus i gcéin maidir leis an gcomhairle stíl bheatha a thugann sí do chairde, do ghaolta agus do chomharsana – gan iad a bheith á hiarraidh go minic.
Ach bhí a comhairle uaim.
An tseachtain seo caite, tar éis dom breis agus trí mhí a chaitheamh ag ‘campáil’ i m’árasán nua agus ag déanamh jabanna móra agus beaga DIY, thug mé mo chuid troscáin, mo chuid leabhar agus gach rud eile atá agam de mhaoin an tsaoil amach as an áit ina raibh siad stóráilte agam.
Bhí seilfeanna tógtha agam do na leabhair agus tá lár stáitse sa chistineach ag an bpíosa troscáin is suntasaí dá bhfuil agam, cuntar adhmaid mór millteach atá ar a laghad 100 bliain d’aois, agus a bhíodh sa siopa bácúis a bhíodh ag muintir mo mháthar fadó.
Ach ní raibh tuairim agam cá gcuirfinn an tolg, na boird, mo dheasc agus chuile shórt eile agus ní raibh barúil agam faoi chuirtíní ná athchumhdach troscáin ach oiread.
‘Nach deas gur thug do dheartháir mór an tolg sin duit ach mar a fheiceann tú ní théann liath an toilg agus an dath álainn caonaigh sin a chuir tú ar bhalla an tseomra suite le chéile ar chor ar bith?’ arsa an dearthóir intí. ‘Beidh orainn cumhdach nua a chur ar an tolg. Meascán den donn agus den oráiste b’fhéidir – oireann cuma retro do do phearsantacht agus seasfaidh sé amach i gcoinne dath caonaigh an bhalla.’
‘Agus an bord caife sin a fuair tú ó do chol ceathrair, tá dath ró-éadrom ar adhmad an bhoird in aice le hadhmad an urláir. Ach an raibh a fhios agat go bhfuil sé fíoréasca bord caife a chlúdach le leacáin? Mholfainn tíleanna i stíl na Portaingéile i do chás-sa ós rud é gur chaith tú na blianta i do chónaí sa Bhrasaíl. Tá YouTube lán físeán a thaispeánfaidh duit conas tabhairt faoi.’
Amach lena guthán cliste ansin agus i bhfaiteadh na súl chruthaigh mo chara íomhá dá fís do chuile sheomra i m’árasán le ChatGPT; shílfeá gur ag breathnú trí iris stíl bheatha a bhí muid.
Tar éis cúpla uair an chloig bhí mearbhall orm leis na moltaí ar fad, a tháinig ina rabharta a bhí ag athrú de shíor lena chois – ‘cuirfimid do dheasc sa chuasán sin … ní hea, in aice le fuinneog na sráide … ní hea, faoin spéirléas!’
Tháinig fonn orm mo chara a chur amach ar an tsráid agus coicís a chaitheamh i bpluais dhorcha, ach sa deireadh bhí mé sásta gur iarr mé a comhairle. Bhí tuairim bhunúsach agam faoin gcuma a bhí mé ag iarraidh a chur ar m’árasán ach ní raibh an tsúil úrnua chruthaitheach sin agam ar chúrsaí, ná tuiscint dá laghad ar an athchóiriú is féidir a dhéanamh ar sheantroscán.
Gan amhras níl dualgas ar bith orm na moltaí a thug mo chara dom a chur i bhfeidhm, ach ar a laghad tá léargas níos fearr agam ar na féidearthachtaí anois agus gach seans go nglacfaidh mé cúpla cinneadh faoin dearadh intí anois nach dtógfainn go brách dá huireasa.
‘Ó is ea,’ a scairt sí thar a gualainn agus í ag siúl i dtreo a cairr, ‘nuair a bheidh tú ag ceannach cuirtíní as ucht Dé ort ná ceannaigh cuirtíní a stopann díreach faoi leac na fuinneoige.
‘Ó shíleáil go hurlár, sin an buachaill.’
Fág freagra ar '‘Nach bhfeiceann tú nach dtéann dath an toilg agus dath an bhalla le chéile?’'