‘Ní fúmsa breith a ghearradh ort, ní hé sin atá i gceist leis an Ioslam’

I ngan fhios dó, d’fhreagair tíleoir ceisteanna a bhí ag ár gcolúnaí maidir leis na dearcthaí faoin bpobal LADT+ a thugann Moslamaigh dá gclann

‘Ní fúmsa breith a ghearradh ort, ní hé sin atá i gceist leis an Ioslam’

‘Bhí a fhios agam gur fear aerach thú nuair a d’iarr tú orm an seanscáthán, an seanbháisín níocháin agus an sean-chithfholcadán sin a chur ar ais,’ a dúirt an tíleoir a rinne athchóiriú ar an seomra folctha i m’árasán nua.

Bhí cupán caife á ól againn taobh amuigh, sa scáth, agus bhí todóg á caitheamh aige siúd in ainneoin go raibh sé ceaptha a bheith ag éirí as an tobac.

‘Is é an chaoi nach ligfeadh bean duit é sin a dhéanamh go brách. Theastódh scáthán, báisín níocháin agus cithfholcadán úrnua ó bhean, agus lampaí nua agus córas teasa faoin urlár lena gcois. Tá an leathchéad slánaithe agat gan an tuiscint bhunúsach sin a fháil ar na mná, agus ní chiallaíonn sé sin ach rud amháin.’

B’fhéidir gur spéis liom an inbhuanaitheacht agus gurb é sin an chúis nach dteastaíonn uaim scáthán, báisín níocháin agus cithfholcadán nach bhfuil faic na ngrást cearr leo a chaitheamh amach a bhí mé ag iarraidh a rá ach níor thug sé an deis dom.

‘Moslamach fíorchráifeach mise, ach más mar sin a rugadh thusa ní fúmsa atá sé aon bhreith a ghearradh ort, agus sin é go díreach a dúirt mé le m’iníon nuair a tháinig sí abhaile ón scoil lá amháin agus déistin uirthi tar éis do dhuine de na múinteoirí a insint don rang gur duine aerach é. “Éist liomsa anois a chailín, ní hé sin atá i gceist leis an Ioslam,” a dúirt mé léi.’

I mBoisnia a rugadh agus a tógadh an tíleoir. Bhí sé sna déaga nuair a bhris an cogadh amach. Dhúnmharaigh na Seirbiaigh a athair i gcampa géibhinn, chaith sé féin tamall ag troid ina gcoinne, agus i lár na nóchaidí tháinig sé chun na hÍsiltíre, mar a bhfuil cónaí air ó shin.

Seachtain i ndiaidh d’Abdul B. ionsaí marfach a dhéanamh ar an bpobal LADT+ i mBeirlín, agus i ndiaidh domsa a fhiafraí ar na leathanaigh seo cá mbíonn tuismitheoirí na Moslamach óg, a tharla an comhrá sin leis an tíleoir.

Tuigim nach lia duine ná tuairim ach muise, uaireanta freagraíonn an saol do chuid ceisteanna ar bhealaí nach mbeifeá ag súil leo.

Fág freagra ar '‘Ní fúmsa breith a ghearradh ort, ní hé sin atá i gceist leis an Ioslam’'